“The man who walked to Dublin” a thugtaí air. Is sa Lománach Mhór, Baile Bhuirne, a rugadh é ar 22 Márta 1888 agus d’aistrigh an teaghlach go Cac an Fhóid i gCluain Droichead ag pointe éigin roimh 1901, mar a raibh feirm bheag ag a athair Pádraig. Ba í Máire Ó hUrdail (Harrington) as Cluainte Charthaigh a mháthair. Bhí sé ag múineadh Gaeilge sa Mhuine Fliuch i gCluain Droichead nuair nach raibh aige ach 17 mbliana. D’aistrigh an chlann go cathair Chorcaí agus faoi 1906 bhí sé ina bhall de Bhráithreachas na Poblachta. Bhí sé ar ball ina eagraí d’Fhianna Éireann agus do Chumann na mBan.

Tá cur síos ag Florrie O’Donoghue ar ar bhain do Mhicheál Déardaoin Sheachtain na Cásca: “Armed with a revolver Micheál Ó Cuill left Cork that evening, travelled by train to Limerick Junction and from there to Tipperary where he had heard fighting was taking place. Finding this report unfounded, he returned to Limerick Junction, and, on Friday, managed to get as far as Sallins by train. From there he walked to Dublin, and, after much difficulty, succeeded in getting in on the north side of the city on Saturday. That night he was captured by a curfew patrol, and, after periods of detention in Richmond and Lewes detention barracks, was ultimately interned in Frongoch” (Tomás MacCurtáin, 1959). Tá cuntas ag Peadar Ó hAnnracháin in Fé bhrat an Chonnartha (1944) ar an eachtra sin agus ar eachtraí eile a bhain do Mhicheál.

I bhFrongoch bhí sé ina rúnaí ar chraobh den Chonradh. “Craobh na Sróine deirge” a thugtaí air nuair a dúirt Liam Ó Briain gurbh in an bhrí a bhí le Frongoch.

In Eanáir 1920 toghadh Micheál ina bhall de Bhardas Chorcaí agus ba é a mhol go mbeadh Tomás Mac Curtáin ina Ard-Mhéara, Traolach Mac Suibhne ag cuidiú leis an moladh.

Tá a ainm luaite ag Séamas Ó Maoileoin in B’fhiú an braon fola (1958) mar dhuine den “dream beag de na hÓglaigh ag feidhmiú go neamhspleách i gCathair Chorcaí. Cheap siad go raibh an lucht ceannais rómharbh iontu féin ... B’iad na daoine seo fá dear cuid de na gníomhartha ba thábhachtaí a deineadh i gCorcaigh sarar thosaigh an troid go forleathan”.

I 1922 phós sé Mairéad Ní Éalaithe as cathair Chorcaí. Bhí seachtar clainne orthu. Fuair sé post mar thimire. Bhí sé féin is a chlann ina gcónaí i gCionn tSáile agus i mBaile an Chollaigh sular fhill siad ar an gcathair i 1935. Bhí baint mhór ag Micheál le cúrsaí Choláiste na Mumhan ar feadh tamaill.

I 1956 d’fhoilsigh Oifig an tSoláthair cnuasach gearrscéalta, A cheart chuige, a scríobh sé faoin ainm cleite ‘Muisire’. D’éag sé ar 17 Meán Fómhair 1955. Tá cuntas cuimsitheach air ag Seán Ua Súilleabháin in Back to our roots: a history of Garrane National School and the Parish of Clondrohid, 1999, in eagar ag Pat Kelleher agus Michael O’Connell.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú