Ó CUILL, Dónall (1933–2013)

Státseirbhíseach, scríbhneoir, aisteoir, amhránaí agus foilsitheoir ab ea Dónall, an tríú duine de sheisear clainne ag Seán Ó Cuill ó Chúil Aodha, Co. Chorcaí, a bhí fostaithe sa Ghúm, agus a bhean Eibhlín Nic Giolla Fhiontain as Baile Átha Cliath. Gobnait agus Fionnuala a tháinig roimhe, agus Donnchadh, Brighid agus Pádraig ina dhiaidh. Fuair sé bunscolaíocht i Scoil Cholmcille, Sráid Mhaoilbhríde, agus d’fhreastail sé ar Choláiste na gCaipisíneach, scoil chónaithe i mBaile an Róistigh, Co. Chorcaí. Cé gur i mBaile Átha Cliath a rugadh é, bhí Gaeilge Mhúscraí aige ó dhúchas. Rinne sé céim oíche sa Ghaeilge agus sa tsocheolaíocht sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus céim mháistreachta sa Ghaeilge ina dhiaidh sin.

Chaith sé ocht mbliana mar oifigeach feidhmiúcháin sa státseirbhís agus d’oibrigh sé chomh maith mar mhúinteoir agus i mbun clólainne. Ó 1968 d’oibrigh sé sa Ghúm, mar eagarthóir cúnta i dtosach agus mar eagarthóir ó 1973.

In 1986 ar fhéile an Chroí Ró-Naofa, 6 Meitheamh, phós sé Róisín Ní Thuama sa Róimh. Bhuail sé léi sa Ghúm den chéad uair cothrom an lae sin in 1985, agus í ar cuairt ar a hathair a bhí ag obair ann. Chaill siad mac, Iarfhlaith, an t-aon duine clainne acu, i ndeireadh na bliana 1986. Mheabhraigh an tAthair Pádraig Ó Cuill O.F.M. Cap., (deartháir Dhónaill) dóibh ar lá a adhlactha, gurbh é Naomh Iarlaith a bhunaigh deoise Thuama. Tá Iarfhlaith curtha le seanathair Róisín, agus blianta níos déanaí cuireadh ar a súile dóibh, trathúil go maith, gurbh é an 6 Meitheamh Lá Fhéile Iarlatha.

Bhí Róisín ag stiúradh chór na hInstitiúide Iodálaí ar feadh tréimhse, agus mhol Dónall go mbunóidís cór Gaelach, rud a rinneadh in 1989. Cór measctha a bhí ann, cór ban ina dhiaidh sin. Bhuaigh siad comórtais agus chuiridís coirmeacha ceoil ar siúl go minic. Chum Dónall agus Róisín mórán amhrán eatarthu a chanaidís le chéile ar ócáidí foirmeálta agus sóisialta.

Ghlac Dónall muintir Thuama isteach ina chroí. Bhí an-bhaint aige leis an gComhdháil Cheilteach agus chaith sé tréimhse ina uachtarán idirnáisiúnta uirthi. Thugadh sé féin is Róisín na nianna is na neachtanna cuairt ar na sé thír Cheilteacha go minic agus chun na Fraince agus na hIodáile chomh maith. Bhí siad go léir an-cheanúil air. Bhí féith an ghrinn ann agus d’imríodh sé ficheall leo.

Mar sprioc dó féin, chuireadh Dónall isteach ar chomórtais an Oireachtais – filíocht, gearrscéalta, úrscéalta, amhráin agus aistriúcháin – agus ar aon chomórtas eile a bhí ar siúl. Foilsíodh cnuasach filíochta uaidh, Loinneog fómhair (Coiscéim, 1994). Ó 1986 i leith bhíodh sé ag foilsiú alt ar Timire an Chroí Ró-naofa. Is minic a thugadh sé a chuid oibre abhaile leis agus bhí an-bhaint ag Róisín le cúrsaí ceoil agus aistriúcháin agus araile a chur in eagar don Ghúm. Chuaigh sé ar scor cothrom a lae breithe, 10 Aibreán 1998, an lá ar síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta. Le nach mbeadh sé díomhaoin agus é ar scor, bhunaigh sé féin agus Róisín Cló Chaisil, a chuir amach roinnt leabhar agus albam. Orthu siúd bhí: Ré an tsolais (1992) – albam ag Spéirling, nianna agus neachtanna le Dónall is Róisín ar a bhfuil, ‘Tar, a Spioraid Naoimh’ (ar chum Dónall an chéad véarsa de ar thraein stoptha faoi bhun Assisi, agus a raibh an ceol curtha ag Róisín leis sular fhág an traein an stáisiún), ‘Suantraí’ (i ndilchuimhne Iarfhlaith) agus ‘I nDil-Chuimhne Dhiarmuda’ (i gcuimhne ar Dhiarmuidín Ó Súilleabháin); Preab sa cheol (1994), ceol traidisiúnta, mear agus mall le Seán P. Ó Tuama, le tionlacan ó na deartháireacha Cormac agus Fionán de Barra; Triúr bleachtairí óga (1995), úrscéal do dhéagóirí óga le Dónall féin, a bhuaigh duais Oireachtais; Fuadach Juventus (1998), aistriúchán ón Iodáilis le Dónall ar úrscéal do dhaoine óga le Carlo Moriondo; I ndiaidh mo bháis (2001), úrscéal le Dónall faoin ainm cleite Cathal Ó Floinn, a bhuaigh duais Oireachtais; Ríomhaire Shain Nioclás (2001), le Francesco Tecce, aistrithe ón Iodáilis ag Róisín; Ceol na Nollag (2002), cumadóireacht Dhónaill agus Róisín anseo ina measc, ‘An Leanbh Íosa’, a chum Dónall agus é ina dhéagóir; Ag réiteach le haghaidh faoistine (2005), le Dónal Ó Cuilleanáin, aistrithe ón mBéarla ag Ciarán Ó Coigligh; Daoine dathúla an iarthair (2005), le Seán Ó Corbáin, scéalta beaga greannmhara, suimiúla faoi mhuintir an iarthair; Aiséirí/Requiem (2006), saothar ealaíne le hEoin Mac Lochlainn sna cillíní mar a raibh laochra 1916 i gCill Mhaighneann agus dánta le Ciarán Ó Coigligh; agus Mo leabhairín dánta (2007), rannta do leanaí le Con Ó Tuama le healaín ó Dhamhnait Ní Thuama. Tá dlúthdhiosca ag dul leis an leabhar. Tá dánta agus amhráin eile cumtha ag Dónall nár cuireadh i gcló fós.

D’éag Dónall ar an 31 Nollaig 2013 agus adhlacadh é i Reilig Ghobnatan, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí, lena athair agus lena aintín, Máire, an bheirt is mó a raibh tionchar acu air agus é ag fás aníos.

Éilis Ní Anluain