Nuair a d’éag sé scríobhadh in Comhar, Aibreán 1991: ‘Tá gné thábhachtach de stair na hÉireann, na Gaeltachta agus na Gaeilge ar lár ó bhásaigh Criostóir Mac Aonghusa. D’fhág sé oidhreacht shaibhir ina dhiaidh.’ An scríbhneoir seo ba thúisce a mhol agus a d’fhéach chuige go lonnófaí cuid de theaghlaigh na Gaeltachta i gContae na Mí. Bhí cáil air freisin mar ghearrscéalaí agus léirmheastóir leabhar. Tá cuntas air in Feasta, Meán Fómhair 1991 ag Risteárd Ó Glaisne. In Scríobh 5, 1981 tá i gcló ‘Cathair na Gaillimhe sna tríochaidí. Sliocht as Beathaisnéis’ agus in Feasta, Deireadh Fómhair 1988 tá an aiste dhírbheathaisnéiseach ‘In Inis Treabhair Seasca Bliain ó shin’. Labhair sé leis an nGlaisneach i dtaobh a shaoil is a shaothair in Inniu 20 Lúnasa 1971. I nGort an Ghabhann, Beannchar, i gContae Uíbh Fhailí a rugadh é ar 13 Nollaig 1905. Deirtear mar aguisín leis an aiste sin in Feasta gurbh i nDubhabhainn, Droichead na Sionainne in Uíbh Fhailí, a tógadh é. Ba iad Francis McGuiness (aon ‘n’ amháin atá sa taifead beireatais), feirmeoir, agus Rosanna Egan a thuismitheoirí. Bhí sé ar scoil La Sainte Foi i mBeannchar agus i scoil náisiúnta Dhroichead na Sionainne ar dtús sula ndeachaigh sé chuig na Bráithre Críostaí i Meánscoil Nás na Rí. Cháiligh sé mar bhunmhúinteoir i gColáiste de La Salle, Port Láirge, i 1926. Ba é an chéad duine riamh é sa choláiste sin a rinne a chuid scrúduithe go léir trí Ghaeilge. I 1933 bhain sé céim BA amach i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe (is le cuimhní ar a thréimhse ann is mó a bhaineann an aiste sin in Scríobh). Rinne sé staidéar faoi Thomas Ó Máille don MA agus fuair dioplóma i litríocht na Spáinnise ó Ollscoil Bharcelona.

Thosaigh sé ag múineadh i 1926. I 1927 fuair sé post príomhoide in Inis Treabhair i gCuan Chill Chiaráin agus chaith ceithre mhí déag ann. Chuaigh sé as go dtí an Gort Mór, paróiste Ros Muc, áit a raibh an scoil ar aghaidh theach an Phiarsaigh amach, agus d’fhan ann go 1962. Ball an-ghníomhach de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta ba ea é ar feadh a shaoil. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Fhianna Fáil in iarthar na hÉireann agus toghadh ina chomhairleoir contae é i 1934; bhí sé ina bhall de Choiste Leabharlann Chontae na Gaillimhe ar feadh i bhfad. I gcomhar le Máirtín Ó Cadhain agus le múinteoir eile sa cheantar, Seosamh Mac Mathúna, bhunaigh sé an t-eagras Cumann na Gaedhealtacha chun ceart a bhaint amach do mhuintir na Gaeltachta agus dá dteanga. Nuair a tugadh deontas deich faoin gcéad do mhúinteoirí Gaeltachta dhiúltaigh an triúr glacadh leis agus d’iarr gur do mhuintir na Gaeltachta a thabharfaí é. ‘Thosaigh Criostóir Mac Aonghusa le cúnamh ó Sheosamh Mac Mathúna ar an smaoineamh a chur chun cinn gur chóir talamh a bhí i lár tíre agus a bhí le roinnt, b’fhéidir, a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta’ (Gaeltacht Ráth Chairn: léachtaí comórtha, 1986 in eagar ag Micheál Ó Conghaile). Bhí sé ar dhuine den toscaireacht a bhuail le hÉamonn de Valera 11 Samhain 1932 nuair a thug seisean geallúint go dtabharfaí talamh a bhí ag Coimisiún na Talún do mhuintir na Gaeltachta agus lean sé air ag agóid go dtí go raibh scéim Ráth Chairn curtha i gcrích.

Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge sna 1920idí agus é ina rúnaí ag Craobh Chamais go fóill i 1959 nuair a bhíothas ag cur in aghaidh banaltra gan Ghaeilge a bheith ceaptha sa cheantar; ó 1962 amach bhí sé ina bhall de Chraobh an Athar Micheál Ó hIceadha. Ba bhall de Misneach é i 1966 agus bhí sé gníomhach i bpéire feachtas eile ar éirigh leo: aitheantas mar Ghaeltacht a bheith ag Ráth Chairn agus aifreann Gaeilge a bheith ar fáil san áit. Mar aguisín in Gaeltacht Ráth Cairn tá ‘Cosnaítear an Creideamh: Chuala tú faoi Ráth Cairn?’, bileog a chuir Séamus Ó Tuathail amach, agus tá ainm Chriostóra i measc na sínitheoirí.

Bhí sé ag scríobh ó 1926 amach agus ailt agus scéalta aige in The Irish Tribune, An Stoc, Ar Aghaidh, An Phoblacht, An t-Éireannach. Scríobhadh sé go minic in Feasta ó 1948 amach agus idir 1963 agus 1972 bhí cuid mhaith aistí leis i gcló in Scéala Éireann. D’fhoilsigh an Gúm Cladóir agus Scéalta eile, 1952; bhí an lámhscríbhinn acu le blianta fada roimhe sin. Tuairimíonn Ó Glaisne gurbh údar drochmhisnigh an mhoill sin, ach gurb é an fáth nár lean sé air ag scríobh gearrscéalta an meas as cuimse a bhí aige ar ghearrscéalaithe mar Chekhov. Roghnaigh Tomás de Bhaldraithe scéal leis, ‘Aislingí’, sa díolaim Nuascéalaíocht, 1952. Scríobh sé dánta faoin ainm ‘Brian Mac Aonasa’ agus foilsíodh in Feasta iad. Bhí léirmheasanna agus aistí aige in Comhar, léirmheasanna ar An Braon Broghach agus An tSraith ar Lár le Máirtín Ó Cadhain ina measc. Bhuaigh sé duais Acadamh Liteartha na hÉireann le haiste ar Phádraic Ó Conaire. Foilsíodh bailiúchán aistí leis, Ó Ros Muc go Rostov, 1972: i measc na n-aistí tá ‘Máirtín Ó Cadhain’, ‘Daonnacht Phádraic Uí Chonaire’, ‘Anton Chekhov agus a chuid Scéalta’ agus a léirmheas ar ‘Beathaisnéis Údaraithe de Valera’. Chuir sé eagrán scoile de Beagnach fíor le Pádraic Ó Conaire ar fáil i 1954. Bhí beartaithe aige leabhar a fhoilsiú ar de Valera agus deir Ó Glaisne gur chuala sé go raibh cuid de scríofa aige. Bhí eolas aige ar chuid mhaith teangacha: Frainicis, Spáinnis, Rómáinis, Gearmáinis, Nua-Ghréigis. Thaistil sé ar fud cuid mhaith de dheisceart na hEorpa, chaith tamall i Moscó nuair a bhí comhdháil síochána ar siúl ann, sna luathsheachtóidí, agus in Leningrad. Deir Ó Glaisne gur shiúil sé an Fhrainc i gcuideachta Michael McLaverty, scríbhneoir a raibh sé mór leis.

Ar feadh tamaill fhada sna 1960idí agus ina ndiaidh is i gCluain Tarbh a bhí cónaí air. Ó lár na 1970idí amach bhí sé ag cur faoi i Malaga na Spáinne ar mhaithe lena shláinte. Rinne RTÉ scannán ina thaobh sa tír sin, Ó Ros Muc go Malaga. Bhí rí-spéis aige in Críostóir Colambas agus deir Ó Glaisne go raibh leabhar scríofa aige air. Thug léitheoirí Feasta suntas don aiste ‘An raibh Criostóir Colum in Éirinn’ (Nollaig 1951). D’fhill sé ar Éirinn tuairim 1987. Deirtear (Feasta, Deireadh Fómhair 1988) go raibh cónaí air san am sin sa teach úd i nDroichead na Sionainne inar tógadh é. D’éag sé 9 Aibreán 1991 in Ospidéal Portiuncula i mBéal Átha na Sluaighe. Tá sé curtha i gCluain Mac Nóis. Phós sé Mairéad de Lappe, banaltra, i 1930 agus rugadh ceathrar clainne dóibh, ar duine díobh Proinsias Mac Aonghusa, iriseoir, scríbhneoir, craoltóir, a bhí ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, ina Chathaoirleach ar Bhord na Gaeilge agus ina bhall den Chomhairle Ealaíon.

Deir Proinsias faoina mháthair (Feasta, Bealtaine 2000): ‘B’as Anach Mheáin i gConamara mo mháthair. Bhí Gaeilge agus Gaeilge amháin aici nó go raibh sí ina gearrchaile, mar bhí ag gach duine dá sinsear.’ Seo é an tuairisc a tugadh ar a muintir i nDaonáireamh 1911: Eanach Mheáin: Bartley Delapp (53), a bhean Mary (50). Gaeilge amháin a bhí acu beirt. Bhí siad pósta le 23 bliain agus rugadh deichniúr dóibh a raibh an uile dhuine díobh beo; bhí seachtar mac agus beirt iníonacha sa teach oíche an daonáirimh agus bhí Béarla agus Gaeilge acu. Bhí Mairéad naoi mbliana d’aois. ‘General labourer’ an tslí bheatha a cuireadh síos i gcás Bartley. Chaith Mairéad tamall ina múinteoir Gaeilge agus ghlac páirt i gCogadh na Saoirse agus sa Chogadh Cathartha, agus chaith tréimhsí i bpríosún i nGaillimh agus i gCill Mhaighneann. Scaoileadh saor í ar choinníoll go bhfágfadh sí Éire. Tháinig sí ó Mheiriceá i 1930 ar saoire agus casadh Criostóir uirthi. Scar siad ó chéile sna 1940idí; bhí ainm Mhairéad in airde ina dhiaidh sin mar dhuine d’oifigigh an Irish Housewives Association, cumann ceannródaíoch maidir le cearta tomhaltóirí, le cothramaíocht inscne i gcúrsaí fostaíochta agus le staid na mbocht is na sean; sheas sí mar iarrthóir neamhspleách in olltoghchán 1957 i mBaile Átha Cliath Thoir Thuaidh. Cailleadh í Domhnach Cásca, 6 Aibreán 1980.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú