Ar 27 Meitheamh 1918, i rith díospóireachta ar chúrsaí na hÉireann i dTeach na dTiarnaí, labhair an Tiarna Ashbourne. Ba í an chéad uair í ar chualathas óráid Ghaeilge ann: “Beidh sé i mo chumas gan ach Gaeilge a labhairt agus mise ag cur i gcéill daoibh ar an gceist seo. Tá Gaeilge againn in Éirinn agus tá an teanga chéanna ag na hAlbanaigh fós. Ba mhaith liom gan focal a rá i dteanga eile ach tá eagla orm nach dtuigfeadh an chuid is mó agaibh mé. Dá dtuigeadh leanfadh mé leis an scéal ar feadh na hoíche. Ach an fiú sin? Is dóigh liom nach fiú, agus ar son sin labhróidh mé i mBéarla anois”. Ag tagairt a bhí sé dá ndúirt an Príomh-Aire Lloyd George: gur mhó de náisiún í an Bhreatain Bheag toisc gan teanga dá cuid féin ag Éirinn.

Rugadh William Gibson, an Tiarna Ashbourne, ar 16 Nollaig 1868 i mBaile Átha Cliath. Edward Gibson a athair, fear a ndearna an 1ú Barún Ashbourne de nuair a ceapadh é ina aire rialtais in 1885 agus an post Tiarna Seansailéir na hÉireann aige. Ba í Frances Colles, iníon le Jonathan Cope Colles, aturnae i mBaile Átha Cliath, mathair William. I ndiaidh tamaill i Scoil Harrow bhí sé i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus ansin i gColáiste Merton, Oxford, mar ar ghnóthaigh sé M.A. Bhunaigh sé an Roger Bacon Society ann agus is ann a d’iontaigh sé ina Chaitliceach. In 1896 phós sé Marianne de Monbrison, Protastúnach Francach. D’iontaigh sise freisin. Fear frith-Chaitliceach athair Mhic Giolla Bhríde agus, cé gurbh é a oidhre dlisteanach é agus gur chuige a thiocfadh an teideal, níor fhág sé le huacht aige ach £4,500. £45,000 a d’fhág sé ag an dara mac.

Rinneadh an 2ú Barún Ashbourne de nuair a d’éag a athair ar 22 Bealtaine 1913. Is ag an bpointe sin a thosaigh sé ag tabhairt “Mac Giolla Bhríde” air féin. Tá sé deacair a thomhas cén fáth áirithe a bhí leis. A líonmhaire atá an sloinne i nDún na nGall, mar a raibh teach saoire aige i gCloich Chionnaola, b’fhéidir nó, rud is dealraithí ná é, gurbh ag aithris a bhí sé ar “Mhac Giolla Phádraig”.

Tá cuntas cuimsitheach ag Aindrias Ó Muimhneacháin in Dóchas agus duainéis (1975) ar an tréimhse cúig bliana a chaith sé ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge. Is cosúil gurbh i gColáiste na Tríonóide a chuir sé spéis sa teanga i dtosach. Lean sé air á foghlaim in Oxford agus sa Chonradh i Londain. Bhí teangacha eile aige, an Fhraincis agus an Ghearmáinis go háirithe, agus bhí eolas maith aige ar an mBreatnais, an Bhriotáinis, ar Ghaeilge na hAlban. Chualathas uair é ag labhairt na Polannaise le Polannaigh. Deirtear go mbíodh sé ag múineadh Gaeilge sa Sorbonne.

Bhí sé ina uachtarán ar Chonraitheoirí Londan go 1914. Dúirt Art Ó Briain in Capuchin Annual 1944 gur easaontas polaitiúil faoi deara dó éirí as. Bhí aithne in Éirinn ar an bpearsa bhreá fir a chaitheadh filleadh beag agus é ar a chuairt samhraidh ar na feiseanna. Chuireadh sé na fillte beaga á ndéanamh i bPáras d’aon ghnó chun go dtuigfeadh táilliúirí na Fraince a fheabhas a bhí éadach na hÉireann. In Compiègne a bhíodh cónaí air de ghnáth.

In 1926 shaor sé Coiste Gnó an Chonartha ó fhiacha £1,000 ar choinníoll nach mbeadh aon lua air go poiblí. Is iomaí uair eile a chaith sé go fial le gluaiseacht na teanga. Is mar gheall ar a fhéile a d’iarr Cormac Breathnach ar chomhdháil an Chonartha in 1928 go dtoghfaí ina Uachtarán d’aonghuth é. Atoghadh é gach bliain go 1932. Bhí sé ag easaontú le polasaí an Chonartha i leith na bhfeiseanna neamhspleácha ag deireadh na tréimhse sin. Deir Ó Muimhneacháin: “Ar éigean a d’fhreastail Mac Giolla Bhríde riamh aon chruinniú den Choiste Gnótha i gcaitheamh na gcúig mblian dá sheal Uachtaránachta: níorbh aon fear coiste riamh é ...”

D’éag sé in Compiègne ar an 21 Eanáir 1942. Dúirt Cú Uladh faoi in Scéala Éireann 26 Eanáir: “Like an Craoibhín he objected to what he considered the political bias developing in the League but notwithstanding these differences there was no ill-will amongst us ... We respected him as a whole-hearted and big-hearted Gael”. Ba é Cú Uladh ag an bpointe sin a thug an t-eolas den chéad uair do phobal na Gaeilge i dtaobh a fhéile a chaitheadh Mac Giolla Bhríde leis an gConradh.

Deirfiúr leis ba ea an Hon. Violet Gibson (1876–1956) a scaoil urchar le Mussolini ar 7 Aibreán 1926 gur ghortaigh a shrón. Measadh í a bheith as a meabhair ag an am.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú