I bhFaiche Mhór ar an gCraosloch i nDún na nGall a rugadh é Oíche Shamhna 1861. Bhí 14 acra ag a athair Proinsias ann. Ba de chlann Mhic Giolla Bhríde a mháthair Bríd freisin. Bhí naonúr eile sa chlann. Gaeilge ar fad a bhíodh sa teach. Bhí sé sa scoil náisiúnta go raibh sé a 14. Chaith sé a shaol ag saothrú a ghabháltais bhig. Ar feadh cúig bliana bhí £13 breise sa bhliain aige as cúram a dhéanamh de thinreamh na bpáistí ar scoileanna an cheantair. Bhí dúil aige sna leabhair agus thosaigh sé ag cumadh véarsaí i mBéarla ar dtús agus ansin i nGaeilge. As leabhair Shéamais Uí Chreag a d’fhoghlaim sé léamh agus scríobh na Gaeilge. Chuir Stiofán Mag Fhinn réamhrá le cnuasach dá véarsaí a d’fhoilsigh Maunsel i 1905, Blátha Fraoich ... songs in English and Irish. D’aistrigh sé ‘There came to the beach a poor exile of Erin’ agus ba é a chum na hamhráin ‘The Hills of Donegal’ (‘O Donegal, the pride of all ...’) agus ‘Mo chró beag ag bun Chnoc an Tí ’.

Bhí baint aige le Conradh na Gaeilge ó bunaíodh i nDún na nGall é i 1901. Ach ní móide go mbeadh eolas go forleathan ar a ainm murach gur scríobh sé i nGaeilge ar a charr é lá agus, nuair a cuireadh an dlí air, gur iarr an Conradh i mBaile Átha Cliath air gan an fhíneáil a íoc. Tugadh an cás chun na hArd-Chúirte. Mhol duine de na breithimh cumas an Phiarsaigh, arbh é an cás seo tús agus deireadh a shlí beatha mar dhlíodóir, ach cinntíodh an fhíneáil. Le súil go gcuirfí i ngéibheann é thug Niall cuairt ar an mbeairic i nDoire ach bhí an fhíneáil íoctha gan fhios ag duine anuasal éigin.

Casadh Niall agus Liam Ó Connacháin, tuairisceoir ag anDerry People, ar a chéile i 1935 agus chabhraigh Liam leis chun Dírbheathaisnéis, 1939, a scríobh. B’fhiú leis an nGúm eagrán nua a thabhairt amach i 1974. Fuair Niall Mac Giolla Bhríde bás ar 24 Meán Fómhair 1942.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú