In A new history of Ireland III (1976) in eagar ag Moody, Martin agus Byrne, deir Benignus Millet (‘Irish literature in Latin, 1550–1700’): ‘Mac Caghwell [Mac Aingil] was the first really bright star shining in the Irish theological sky for more than a hundred years, since the death of Maurice O’Fihely in 1513.’ Tá a bheathaisnéis scríofa ag Anraí Mac Giolla Chomhaill, Bráithrin bocht ó Dhún: Aodh Mac Aingil (1985) agus thug Cainneach Ó Maonaigh cuntas air ina eagrán de Scáthán shacramuinte na haithridhe (1952) arb é an chéad imleabhar é sa tsraith Scríbhinní Gaeilge na mBráthar Mionúr. Scríobh go leor daoine cuntais air i rith na 17–19ú haoiseanna, ina measc Pádraig Pléimeann, nach bhfuil aon tuairisc ar a chuntas (1626) anois, Lúcás Wadding, John Lynch, Sir James Ware, Éadbhard Ó Raghallaigh, agus Laurence Renehan. Deirtear in Dán na mBráthar Mionúr [II] (1980) gur ar oratio panegyricus Niocláis Vernulaeus a foilsíodh in Cologne in 1657, atá cuid mhór díobh bunaithe. Ní mór saothar ceannródaíoch Thomáis Ui Chléirigh a lua freisin, Aodh Mac Aingil agus an Scoil Nua-Ghaeilge i Lobháin (1935). Mhaígh Ó Maonaigh go raibh sé ar na diagairí ba mhó lena linn, agus gur tugadh suas dó gurbh é an diagaire é ab fhearr a bhronn Éire ar an eaglais Chaitliceach. In Seanchas Ard Mhacha, 1975 (‘Aodh Mac Aingil, Gael san Eoraip’) deir Noel Ó Gallchóir: ‘Níl amhras ar bith ná go raibh sé ar an diagaire ba mhó a mhair in Eoraip a linne.’

I gContae an Dúin, i nDún Phádraig, a rugadh é; deir Ó Gallchóir gur tugadh fianaise air sin nuair a bhí ardeaspagóideacht Ard Mhacha i gceist in 1626 agus nach bhfuil fianaise ar bith gur i Sabhall a rugadh é. Mac Cathmhaoil a cheartsloinne agus sa Laidin ba ghnách leis ‘Hugo Cavellus’ a thabhairt air féin. Is cosúil go raibh ‘MacAngell’ ar cheann de leaganacha Béarla an sloinne agus deir Ó Maonaigh nach bhfuil ciall ná réasún leis an miniú úd a thugtaí air, is é sin ‘gurb iad a chomhbhráithre a thug mar leasainm air é mar gheall ar a mheoin ainglí’.

Meastar gur i scoil filíochta a cuireadh oideachas air ar dtús. Ó 1589 go 1592, tuairim, bhí sé ar scoil in Oileán Mhanann, i mainistir Rushen, b’fhéidir. Ar fhilleadh abhaile dó, d’fhostaigh Aodh Ó Néill mar oide tí é dá bheirt mhac, Anraí agus Aodh Óg. In 1600, chuir Ó Néill go Salamanca é, más fior, chun a mhac Anraí a chlárú mar mhac léinn san ollscoil ansiúd. Deir Ó Gallchóir nach bhfuil sna gnáthchuntais ach tuairimíocht agus nach bhfuil aon fhianaise go raibh baint ag Mac Aingil le turas Anraí ar Salamanca. Nochtann sé barúil láidir gur tamall maith roimh 1600 a chuaigh sé go dtí an ollscoil ann mar nárbh fholáir téarma níos faide ná 1600–05 chun an caighdeán ard eolais agus oideachais a bhí aige a shroicheadh.

Glacadh le Mac Aingil san ord in 1603. Oirníodh ina shagart é tuairim 1605: ceapadh ina shéiplineach airm é ar 23 Nollaig na bliana sin. Ghnóthaigh sé bunchéim agus dochtúireacht sa diagacht agus ceapadh é ina léachtóir san ollscoil. Bhí aithne curtha aige ar Fhlaithrí Ó Maoil Chonaire, agus chabhraigh leis chun Coláiste San Antaine i Lováin a bhunú, agus ba é an chéad ollamh le fealsúnacht agus le diagacht é san fhondúireacht nua in 1607. Toghadh ina ghairdian é in 1609, post a bhí aige cuid mhaith den am go dtí 1621. Maíonn Ó Gallchóir gurb é faoi deara go raibh teach agus talamh dá gcuid féin ag an gColáiste faoi 1617. I rith an ama go léir, ba é an príomhshéiplíneach é i reisimint coisithe Thír Eoghain in Ísiltir na Spáinne agus bhronn siad sin suim mhór airgid ar Choláiste San Antaine. Bhí a lán post san Ord aige. In 1614, toghadh é ina custos ar Chúige Éireannach na bProinsiasach, in 1621 rinneadh definitor generalis ar an Ord de agus d’fhág sin go raibh air feasta a bheith ag taisteal iarthar na hEorpa agus coimisiúin achrannacha le déanamh aige. Anuas air sin, cuireadh de dhualgas breise air an bhliain chéanna sin a bheith ag déanamh cigireachta ar mhainistreacha an oird in Aquitaine. I rith an ama go léir, bhí sé go fóill ina léachtóir le diagacht i Lováin. Bhí drochshláinte ag bagairt air le fada ach in 1623 tugadh chun na Róimhe é chun cabhrú leis an Ord Proinsiasach a rialú. Tugadh post ollaimh dó i gCoinbhint Ara Coeli. Le linn a théarma ann, chabhraigh sé le Lúcás Wadding chun dhá choláiste Éireannacha a bhunú. Nuair a fuair Peter Lombard, Ardeaspag Ard Mhacha, bás in 1625, bhí géariomaíocht don chomharbacht agus ba é Mac Aingil a ceapadh sa deireadh, ar 27 Aibreán 1626; coisreachadh é 7 Meitheamh. Bhí sé ar tí an turas go hÉirinn a dhéanamh nuair a bhuail taom fiabhrais é gur éag sa Róimh 22 Meán Fómhair 1626. 55 bliana d’aois a bhí sé. Adhlacadh é in Eaglais San Isadóir agus d’fhéach Seán Ó Néill, larla Thír Eoghain, chuige go gcuirfí leac chuimhneacháin os cionn a uaighe.

Tá liosta a shaothair Laidine, 13 leabhar, i gcló ag Tomás Ó Cléirigh. Le Duns Scotus a bhaineann cuid mhór díobh; deir Mac Giolla Chomhaill gur éirigh leis a bheith ar an údar ba mhó ar a fhealsúnachtsan. Gheofar eolas ar an gcuid sin dá shaothar in An Léann Eaglasta in Éirinn 1200–1900 (1988) in eagar ag Máirtin Mac Conmara (‘Aodh Mac Aingil ... agus Scotachas Éireannach’ le Máirtín Mac Conmara). In 1618 a foilsíodh i Lováin a aon leabhar Gaeilge, Scáthán shacramuinte na haithridhe, arb é atá ann tráchtas ar shacraimint na haithrí de réir Chomhairle Thrionta. In Léachtaí Cholm Cille XXX (2000) (‘Scáthán Shacramuinte na hAithridhe: Scáthán na Sacraiminte céanna’) is é Michéal Mac Craith is mó, agus is túisce, a dhéanann iarracht ar an téacs a shuíomh ina chomhthéacs ceart staire mar leabhar ar an aithrí. Sa suimiú atá aige deir sé: ‘Is beag fíréan cleachtach os cionn daichead bliain d’aois a shamhlódh aduaine le teachtaireacht lárnach an Scátháin.’ Tadhg Ó Dúshláine is grinne a dhéanann anailís liteartha air i gcomhthéacs Eorpach in An Eoraip agus litríocht na Gaeilge 1600–1650: gnéithe den bharócachas Eorpach i litríocht na Gaeilge (1987). Is gnách stíl an leabhair a mholadh ar a shimplíocht agus a dhírí. Deir Ó Maonaigh: ‘Tá stíl dúchasach dhíreach aige, agus é ar a chumas an teanga a lúbadh agus a chasadh le gach smaoineamh a bhuailfeadh aigne scoláire, file nó fealsaimh a chur i gcéill go cruinn beacht soiléir. Is beag scribhneoir a sháródh é ar shimplíocht agus ar chruinneas cainte.’ Deir Ó Cléirigh: ‘... an bua is mó a fhaightear ar shaothar Mhic Aingil is é go dtáinig sé ar thosach na scribhneoirí úd a chrom ar Ghaeilge shimplí a scríobh. Ghlac sé chuige an Ghaeilge féin mar theanga aibí, láidir, teanga nach raibh gá ar bith aici le hathchumadh ná le hornáid na scoláireachta agus bhain sé feidhm as an nGaeilge shimplí sin le cuntas beacht a thabhairt dúinn ar Shacramaint na hAithrí.’ Thuigfeadh duine ó réamhrá Mhic Aingil gur bheag a eolas ar scríobh na Gaeilge. Tagraíonn Risteard B. Breathnach dó sin i léirmheas in Éigse, earrach 1954. ‘Mac Aingil’s command of literary Irish, however, is such that we must not entirely deny him what he so modestly denies himself when he says gé nách bíadh ceart na Gaoidhilgi aguinn. For us he takes his place beside Ó hEódhusa, Ó Maolchonaire, Keating and others of his time, as an exponent of what we may call classical Irish prose.’ Scríobh Caoimhín Ó Góilí an méid seo in Comhar, Bealtaine 1949 sa tsraith ‘Stílithe Gaeilge’: ‘Má’s mian linn, mar sin, tréithe stíl an mhórúdair seo a chur síos go hachumair, is é shílim nárbh fhéidir dúinn iad a shuimiú níos fearr ná a rá gur chum sé nua-Ghaeilge den chéad scoth, Gaeilge atá saor ó ghéibheannaibh na scol, agus ó gach rian den ghalántacht agus den tseandacht: agus mara bhfuil uaisleacht na sárGhaeilge inti go bhfuil uaisleacht na simplíochta inti.’

In Aisling ghéar: na Stiobhartaigh agus an tAos léinn (1996) fiafraíonn Breandán Ó Buachalla cén fáth ar éirigh leis an bhFrithreifirméisean in Éirinn. Tugann sé mar chuid den fhreagra: ‘Port nua a bhí á sheinm ag Mac Aingil is a chomhghleacaithe, port a bhí dírithe, ní ar athnuachan reiligiúnda amháin ach ar athnuachan náisiúnta chomh maith.’ Déanann Nicholas Williams an léamh céanna ar an stair in I bprionta i leabhar ... 1567–1724 (1986): ‘Is dócha gurb iad Cogadh an Dá Aodh agus iarrachtaí na bhFroinsiasach ag tús an seachtú haois déag ba mhó a chabhraigh leis an seanchreideamh a chur in uachtar i saol na Gaeilge arís.’ Tugann Ó Buachalla faoi deara go gcáineann Gaeil Lováin an bhunaíocht ar fad ach nach bhfuil aon cháineadh acu ar Rí Séamus. ‘Is soiléire fós a chítear sin in Scáthán shacramuinte na haithridhe, go háirithe sna codanna ina bpléann Mac Aingil cúrsaí a thíre féin.’ Ag Patrick Conlan, OFM tá an t-alt ‘The Little Brother from Down – Aodh Mac Aingil as a good Franciscan’ in Seanchas Ard Mhacha, 19, uimhir 3, 2003. In Éire agus an Eoraip sa 17ú hAois (Léachtaí Cholm Cille XXXVIII) (2008) tá an aiste ‘Scríbhinní Fealsúnacha Aodha Mhic Aingil’ le Michael Dunne.

Scríobh sé roinnt dánta. ‘Dia do bheatha, a Naoidhe naoimh’, an dán is aitheanta díobh. In An duanair, 1600-1900 (1981) deir Seán Ó Tuama agus Thomas Kinsella: ‘An té ar mhaith leis léargas a fháil ar an difríocht idir traidisiún liteartha na hÉireann agus traidisiún liteartha Shasana san aois sin, níor mhiste dó an duan tíriúil Nollag seo a léamh taobh ar taobh le Ode on the morning of Christ’s nativity a scríobh scoláire mór Laidine eile a bhí comhaimseartha le Mac Aingil, John Milton.’ Is le Richard Crashaw (1613–45) is túisce le Tadhg Ó Dúshláine comórtas a dhéanamh (‘Athléamh ar Aodh Mac Aingil’ in Irisleabhar Mhá Nuad, 1975–76). In Dán na mBráthar Mionúr [I] (1967) ní dhéantar deimhin de ach gurbh é a scríobh ‘Dia do bheatha, a Naoidhe naoimh’ (nó ‘Íosagán’) agus ‘A chroinn ar ar thoirling Dia’ (nó ‘Blogh do Sheanchus na Mionúr’). Deirtear in Dán na mBráthar [II] (1980) go bhfuil fianaise neamhspleách ar fáil gurbh é chum ‘Mór do gheallsam uainn’ agus nach miste glacadh leis agus deimhin a dhéanamh den dóigh gurb é a chum ‘Beannuighthe na boicht’ agus ‘Seacht nOibre na Trócaire’. Dán eile a leagtar air go minic is ea ‘A Fhir fhéachas uait an cnáimh’.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú