Bhí baint aige le saothar staire agus naomhsheanchais na bhFroinsiasach. I gContae an Chláir a rugadh é. Tadhg ba ainm dá athair. Tá gearrchuntas air in Catholic Encyclopaedia. agus ag Sir John Gilbert in Dictionary of National Biography. Tugann Thomas Wall eolas in Irish Ecclesiastical Record, Eanáir-Meithcamh 1939 (’Irish theologians in exile’). Chuaigh sé isteach i gColáiste Naomh Antaine i Lováin i 1607 agus rinne staidéar ann faoi Aodh Mac Aingil agus Aodh Mac an Bhaird. In The Louvain papers 1606–1827 (in eagar ag Brendan Jennings) deirtear gur Diarmuid ab ainm dó (’Antonius – antea dictus Dermitius’); bhí ’Dermitius Thadeus’ mar ainm pinn aige agus deir Gilbert gur le hómós é do dhuine d’oidí a óige.

Bhí sé ina ollamh le fealsúnacht agus le diagacht i Lováin agus ansin ag múineadh in Aix-la-Chapelle agus in Cologne. Glaodh chun na Róimhe é tuairim 1619 chun go dtabharfadh sé cúnamh do Luke Wadding: ba é faoi deara trí himleabhar d’eagrán Wadding de shaothar Duns Scotus agus chuaigh sé i bpairtíocht leis chun ’Annales Minorum’ a chur ar fáil. I ngeall ar an mórmheas a bhí air mar scoláire agus mar dhiagaire ghlaoití air chun cabhrú in obair athscrúdaithe an Phortúis Rómhánaigh. Bhí baint aige leis na díospóireachtaí faoi ghiniúnt Mhuire. Scríobh sé Nitela Franciscanae Religionis, et abstersio sordium quibus eam conspurcare frustra tentavit Abrahamus Bzovius leis an ord a chosaint ar líomhaintí a rinne sagart Doiminiceach ina aghaidh. Ceapadh ina definitor-general ar an ord é i 1639. Timpiste ba thrúig bháis dó 26 Meitheamh 1641 ag Coláiste San Isadóir, an Róimh, agus cuireadh ansin é. Bhí sé ceaptha le dul i gcomhar le Seán Mac Colgáin agus le hAodh Mac An Bhaird sa saothar staire a bhí beartaithe ag na Froinsiasaigh. Deirtear in Catholic Encyclopedia : ’Among the Manuscripts in the Franciscan Convent, Dublin, are several letters written to Father Hickey from Ireland on the civil and ecclesiastical affairs of that country. There is also an important letter of his on the Irish language. Many of the Irish bishops consulted him on matters of grave moment. His acquaintance with the history, language and antiquities of Ireland was extensive...’.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú