Tá sé ar dhuine den bhuíon bheag san Eoraip a rinne a ndícheall chun go mbeadh cuntas ar naoimh na hÉireann le léamh ar fud an domhain. Tá léargas ar an bhfiontar sin tugtha ag Pádraig A. Breatnach ('An Irish Bollandus: Fr Hugh Ward [Aodh Mac an Bhaird] and the Louvain Hagiographical Enterprise' in Éigse XXXI, 1999), agus ag Richard Sharpe (Medieval Irish Saints' Lives: an lntroduction to Vitae Sanctorum Hiberniae, 1991). Shíolraigh a athair Gerald ó Christopher Fleming, barún Shláine agus cisteoir na hÉireann, agus bhí a mháthair, Elizabeth Cusack, gaolmhar leis na Nuinseannaigh, barúin Dealbhna. Sa Lagán i bparóiste Chluain Caoin, Co. Lú, a rugadh é ar 17 Aibreán 1599. Christopher a baisteadh air. Is mar chosaint ar lucht iompúcháin creidimh a cuireadh go dtí an Mhór-Roinn é, más fíor don Athair Éamonn Ó hÓgáin (Irish Ecclesiastical Record, Feabhra 1871). Trí bliana déag d'aois a bhí sé ag an am agus faoi chúram a uncail, an tAthair Christopher Cusack, a bhí sé; bhí seisean ina riarthóir ar choláistí Éireannacha don ghnáthchléir i bhFlóndras.

Rinne sé staidéar i gColáiste Douai. As sin chuaigh sé isteach sna Proinsiasaigh i Lováin ar 17 Márta 1617. Pádraig a roghnaigh sé mar ainm crábhaidh. Bhí sé mar chompánach ag Aodh Mac Aingil ar a bhealach chun na Róimhe i 1623; ba é a scríobhfadh beatha Aoidh agus a chumfadh an inscríbhinn ar a thuama. I bPáras dóibh d'éirigh Pádraig cairdiúil le hAodh Mac an Bhaird. Nocht seisean dó an mian a bhí aige chun bonn láidir scolártha a chur faoi naomhsheanchas na hÉireann. Mar a dúirt Ó hÓgáin (Irish Ecclesiastical Record, Samhain 1870): 'The same ideas that quickened the energies of Ward, had already found an echo in the heart of Fleming, and when the former made known his project of laying the foundations of Irish hagiology by collecting together all the original acts of the Irish saints, and the other monuments connected with the history of his native land, Father Fleming at once promised to lend his eamest co-operation in thus promoting the hallowed glory of Ireland.' I bPáras freisin a casadh orthu Thomas Messingham C.Í., Reachtaire Choláiste na nGael sa chathair. ls dóigh le Cainneach Ó Maonaigh (Father John Colgan, O.F.M., 1592-1658 : essays in commemoration of the third centenary of his death. 1959, in eagar ag Terence O'Donnell, OFM) gurbh as na comhráití a bhí acu a d'eascair scéim staire agus naomhsheanchais Lováin, 'ceann de na scéimeanna ba thábhachtaí agus ba thorthúla i gcaomhnú seaniarsmaí na nGael', dar le Williams agus Ní Mhuiríosa in Traidisiún Liteartha na nGael, 1979. De dheasca míthuiscintí, áfach, ní rófhada a lean an comhoibriú le Messingham. Lean Mac Aingil agus an Pléimeannach dá dturas chun na Róimhe agus ó Clairvaux, Lyon agus ón Róimh chuireadh an Pléimeannach litreacha chuig Mac an Bhaird i bPáras agus i Lováin. Foilsíodh aistriúcháin Bhéarla ar chuid díobh san Irish Ecclesiastical Record, Samhain 1870. I litir dar dáta 24 Lúnasa 1624 misníonn sé Mac an Bhaird chun rún áirithe a bhí aige a chur i gcrích, is é sín Michél Ó Cléirigh a chur go hÉirinn d'fhonn aon sean leabhair a raibh riachtanas leo a bhailiú do leabharlann Choláiste San Antaine. Ar feadh an turais bhí sé ag bailiú ábhair a bhain le Columbán agus le naoimh eile. Sa Róimh féin, le cabhair Lúcáis Wadding, chuardaigh sé leabharlanna agus chóipeáil oiread is a b'fhéidir. Oirníodh ina shagart é sa Róimh tar éis tamaill eile staidéir i gColáiste Naomh Isadóir. Bhí sé ina léachtóir le fealsúnacht sa choláiste sin sular seoladh ar ais go Lováin é tuairim 1627. Níor fhailligh sé deiseanna a bhí aige ar feadh an turais chun ábhar agus eolas a chuardach i leabharlanna. Bhí sé ina ollamh le fealsúnacht agus le diagacht i Lováin go dtí 1630. Toghadh Mac an Bhaird ina Ghairdian ar mhainistir na mBráthar Mionúr ann in Aibreán 1626, post a bhí aige ar feadh trí bliana.

Ceapadh an Pléimeannach ina uachtarán ar an mainistir nuabhunaithe i bPrág agus um Shamhain 1630 d'fhág sé Lováin de chois. Ag an Ógánach san alt in IER, Feabhra 1871, atá an cuntas is faide ar an tréimhse í bPrág. I mí Dheireadh Fómhair 1631 rinne Toghdóir Sacsaine ionradh ar an mBoihéim. Theith Pléimeann agus triúr compánach as an gcathair ach ghabh buíon de lucht leanúna Liútair iad agus dúnmharaíodh an Pléimeannach agus deagánach darb ainm Maitiú de hÓra ar 7 Samhain. Cuireadh iad in eaglais Phroinsiasach i Voticum (Votice inniu). Sular imigh sé go Prág bhí an Collectanea Sacra, beatha agus scríbhinn i Cholumbáin agus beathaí eile, ullamh agus curtha aige chuig foilsitheoir in Antuairp. Níor foilsíodh é go dtí 1667.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú