Ó lár an 15ú haois go dtí lár an 17ú haois ba iad na Proinsiasaigh an t-ord crábhaidh ba mhó a d’fhág a rian ar intinn agus ar shaíocht na nGael. Sa trian tosaigh den 20ú haois tháinig athbhrí i spéis na bProinsiasach sa léann dúchais, go háirithe sa chuid úd den ghort a bhí saothraithe ag a n-ord féin. Bhí Cainneach Ó Maonaigh ar dhuine de na nuascoláirí Proinsiasacha ba thábhachtaí.

I nDroim Seanbhó, Co. Liatroma, a rugadh é ar 13 Feabhra 1911. Albert James a ainmneacha baiste agus ba iad Andrew Mooney, tábhairneoir, ceantálaí agus ionadaí poiblí, agus Josephine Gaffney a thuismitheoirí. Ochtar ar fad a bhí sa chlann ach fuair beirt díobh bás ina naíonáin.

I ndiaidh bunoideachais chuaigh sé go Coláiste Lughaidh i Muilte Farannáin. I gCill Airne i 1928 chuaigh sé isteach in ord na bProinsiasach. Chaith sé an tréimhse 1929–31 i Lováin ag staidéar ar an stair agus ar an bhfealsúnacht agus bhain B.Ph. amach. I gcoláistí Naomh Antaine agus Naomh Isadóir sa Róimh bhí sé ag gabháil don diagacht agus is sa chathair sin a oirníodh ina shagart é ar 8 Iúil 1934.

Chaith sé na blianta 1935–1941 i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath agus an léann Ceilteach ar siúl aige. An Nua-Ghaeilge an príomhábhar a bhí aige. Fuair sé céim mháistir le honóracha den chéad ghrád tar éis eagrán den insint Ghaeilge a chuir Tomás Gruama Ó Bruacháin ar an Meditationes Vitae Christi (Smaointe beatha Chríost) a ullmhú maille le staidéar air. Foilsíodh é i 1944.

Tar éis a thuilleadh staidéir in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath ceapadh ina ollamh cúnta taighde ann é i 1945. D’éirigh sé as an bpost sin i 1950 chun díriú ar an stair agus go háirithe ar stair na bProinsiasach in Éirinn. Ar feadh an ama bhí poist éagsúla aige san ord: é ina leabharlannaí acu i gCé na gCeannaithe mar a raibh bailiúchán luachmhar na bProinsiasach Éireannacha de leabhair agus de lámhscríbhinní sular aistríodh é go dtí Dún Mhuire, Cill Iníon Léinín; é ina chroiniceoir ag proibhinse Éireannach an oird ó 1939 amach; é ina uachtarán ar Dhún Mhuire ar feadh tamaill agus ansin ina ‘definitor provincialis”.

Chaith sé na blianta 1950–51 i Lováin agus bronnadh an Licent. Scien. Hist. air ansiúd. An ciníochas in Ord S. Froinsias in Éirinn 1224–1700 an staidéar áirithe a thuill an chéim sin dó.

Ba iad na leabhair eile a tháinig óna pheann: Boethius Egan of Ross (1950), Irish Franciscan relations with France, 1224–1850 (1951), eagrán de Scathán shacramuinte na haithridhe le Aodh Mac Aingil (1952) agus Devotional writings of the Irish Franciscans, 1224–1950 (1952). I gcomhpháirt le Myles Dillon agus Dr Pádraig de Brún chuir sé ar fáil catalóg de na lámhscríbhinní a bhí i seilbh na bProinsiasach in Éirinn. Bhí lámh aige in Annales Ordinis Minorum le Lucas Wadding a choimeád ar leanúint. Chuir sé eagar ar Rial na mBráthar Mionúr agus ar Thiomna Shain Froinsias.

“His output of historical articles and books was prodigious”, a dúradh in aiste in Seanchas Ard Mhacha, Iml. 5, Uimh. 1, 1969. Bhí ábhar uaidh i gcló in Éigse, Celtica, The Irish Book Lover, The Irish Ecclesiastical Record, Catholic Survey, Measgra Mhichíl Uí Chléirigh, agus i go leor irisí staire in Éirinn agus thar lear. Gan bacadh le Gaeilge agus Béarla ba iad na teangacha a bhí aige: Gaeilge na hAlban, an Bhreatnais, an Laidin, an Ghréigis, an Eabhrais, an Fhraincis, an Iodáilis, an Ghearmáinis agus an Spáinnis. Ar iarratas ón Leabharlann Náisiúnta chaith sé féin agus an tOllamh Joseph Healy, Coláiste Ollscoile Chorcaí, tamall ag taighde i gCartlann na Spáinne i Simancas.

D’éag sé ar 19 Nollaig 1963. Scríobh Niall Ó Domhnaill in Scéala Éireann ina thaobh: “Father Canice was a great scholar and a gentle friendly man who was modest about his work. I know of no more earnest worker than he.”

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú