Chuir Pádraig Ó Súilleabháin eagar ar Rialachas San Froinsias, 1953 agus thug eolas ar a bheatha. Istigh sa leabhar sin tá ‘Riaghal Threas Uird S. Froinsias, dá ngoirthear Ord na hAithrighe’, leagan Gaeilge a rinne Brian Mac Giolla Coinnigh den bhuntéacs Laidine. Deir Ó Súilleabháin gurb i saothar Lúcas Wadding amháin atá eolas faoi Mhac Giolla Coinnigh. Bhí éiginnteacht ann i dtaobh a shloinne Béarla ach deir Ó Súilleabháin go bhfuil ‘Bernard Conny’ againn óna láimh féin. I gCúige Chonnacht a rugadh é, i gContae Liatroma, b’fhéidir, mar a bhfaightear an sloinne sin go fóill.

Bhí sé ina mhac léinn i Lováin i 1621 agus oirníodh é 19 Feabhra 1622. Is cosúil go raibh sé ina mhac léinn sa Spáinn roimh dhul go Lováin dó. Faoi 1623 bhí sé ina shéiplíneach ar dhíorma an Chaiptín Somhairle Mac Domhnaill san Isiltír. Bhí sé sa Róimh i 1626: tá a ainm agus an dáta 19 Feabhra 1626 ar lss i gColáiste San Isadóir. D’fhill sé ar Éirinn i mí Dheireadh Fómhair 1627 agus ag caibidil na mbráthar i Luimneach tugadh cead dó faoistin a éisteacht agus seanmóirí a thabhairt. Faoi 1637 bhí sé ina ghairdian ar an gcoinbhint i nGaillimh. Toghadh é an bhliain dár gcionn ina fhiosróir ginearálta ag an ord in Éirinn. Bhí sé i gceannas ar an geaibidil a tionóladh i gCuinche an bhliain sin agus ceapadh é ina ghairdian ar Lováin. Nuair a bhí tacaíocht airgid á lorg ag Lováin ó uaisle na hÉireann chun beathai na naomh a fhoilsiú bhí a ainm ar an gcéad cheann san iarratas. Bhí sé ansin go Lúnasa 1641 agus is i rith na tréimhse sin a foilsíodh Riaghuil threas uird S. Froinsias da ngoirthear ord na haithrighe. Ar na cur a nosa a ngáoidhilg le bráthair áiridhe dord an náomhathar chéudna Fr. B.C [Bernardus Connius]. Ar na cur i gcló maille le hughdardhás agcoláisde S. Antoin, 1641. Níorbh eol don Súilleabhánach ach dhá chóip a bheith ar marthain, ceann in Cambridge agus an ceann eile i Leabharlann na Breataine.

I Lúnasa 1644 ceapadh é ina phroibhinsial ar an ord, post a bhí aige go Meán Fómhair 1647. Tréimhse an-chorraithe ba ea í agus an tír agus an tOrd araon lán d’easaontas agus de chointinn timpeall ar Rinnucinni agus ar Mharcas Urmhumhan. Deir Ó Suilleabháin gur cáineadh Mac Giolla Coinnigh go binbeach faoi gur ‘cheangail sé de bhráithre choinbhintí Chúige Laighean móid dílseachta don Ardchomhairle a ghlacadh’. Deir sé freisin go raibh sé ar ‘liosta dubh’ an Mharcais. ‘Cuireadh síos dó go raibh sé ar dhuine de sheachtar sagart d’Ord S. Froinsias a ba mhó a bhí ag cothú ceannairce, gur chuir sé a ainm, nuair a bhí sé i nGaillimh, leis “an bhfógra fuilteach”, agus gur cháin sé go scannalach an Ardchomhairle agus a lucht leanúna ina chuid scanmóirí, agus ar mbeith i Luimneach dó, go raibh sé páirteach in uisce fá thalamh in aghaidh an rí, mar shúil is go mbainfi an choróin de.’

Tá fianaise ann go raibh sé ar a choimeád i sléibhte Chúige Uladh i 1656. Tá a ainm ar liosta na ndaoine a cuireadh i ngéibheann in Inis Bó Finne in 1657. Tar éis dó na cuntais agus na dátaí éagsúla atá luaite lena bhás a phlé is é 1662 a roghnaíonn Ó Súilleabháin mar dháta. Tá an tagairt seo ag Cainneach Ó Maonaigh dó in Seanchas Ardmhacha, 1957 (‘Father Francis Magruairk, O.F.M.’): ‘The provincial of the period was Father Brian Conny, known... to students of Irish church history as one of those whose names figure in the list of Irish martyrs whose cause is still under consideration in Rome.’

Maidir le Riaghuil threas uird S. Froinsias deir Ó Súilleabháin: ‘Mar scríbhneoir Gaeilge is beag nach bhfuil Mac Giolla Coinnigh i ndon dul chun céimíochta le duine ar bith de na bráithre a rinne saothar liteartha ina dteangaidh dhúchais sa 17ú céad.’ Is é a bhreithiúnas go bhfuil an t-agallamh sa leabhar aige, a scríobh sé ‘dochum dearbhráthar agus agus seathrach Threas Uird S. Froinséis’, níos deise slachtmhaire ó thaobh na cainte de ná aon cheann de Seanmóirí Muighe Nuadhud.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú