Líon alt a aimsíodh: 8
Dar le DIB, d’éag sé ar 20 Meán Fómhair 1973 ach dar le hiníon Phádraig, Caitlín Néill (baintreach Shéamuis Néill), ba é 20 Deireadh Fómhair dáta a bháis ··· Bhí aithne mhaith ag Peadar Ó hAnnracháin [B1] air agus in Fé bhrat an Chonnartha, 1944 déanann seisean talamh slán de gurbh ó Sheán Ó Cadhla [q.v.], máistir scoile Chuilinn Chaoimh, a d’fhoghlaim Páidín Gaeilge ··· Bhí sé féin agus a dheartháir Dónall ar Scoil Charraig Leighin go 1895 nuair a d’aistrigh siad go Scoil Chuilinn, de réir an leabhair tinrimh ansiúd, agus nuair a bhuaigh Scoil Chuilinn duaiseanna an Chliabhraigh bhí ‘Pádraig Ó Caoimh’ i measc an triúir scoláire ab fhearr eolas ar an nGaeilge ann in 1899 ··· Bhí sé ar dhuine den dream a bhí i láthair i dteach an Dr Séamus Ó Ceallaigh [B1] i Ráth Garbh Satharn Cásca nuair a bhíothas ag iarraidh teacht chun réitigh idir Eoin Mac Néill agus ceannairí an Éirí Amach ··· Phós duine díobh, Caitríona, Séamus Ó Néill (1910–1981) [q.v.], scríbhneoir
Ag 31 Gairdíní Sandhurst, Bóthar Stranmillis, Béal Feirste, a rugadh an tríú leanbh seo ag Caitlín Ní Mhathúna agus Seán Ó Cuinneagáin 2 Eanáir 1910 ··· Bhí sé in aon rang le Séamus Ó Néill (1910–81) [B3] ··· Duine dá mhúinteoirí ar feadh tamaill ba ea Pádraig Ó Luineacháin, athair Bhriain Luineacháin, agus nuair a casadh ar a chéile arís iad i mBaile Átha Luain ba é siúd a mhol do Ghearóid tamall fada a chaitheamh sa Ghaeltacht má bhí faoi Gaeilge a fhoghlaim i gceart ··· Daoine a bhainfeadh cáil amach ba ea cuid nach beag de na baill luatha: Donncha Ó Súilleabháin[q.v.], Séamus Ó Néill, Sorcha Ní Ghuairim[B4], Aogán Brioscú [q.v.], Breandán Ó Cearbhaill[q.v.], Pádraig Ó Drisceoil[q.v.], Séamus Ó Cathasaigh[q.v.], Annraoi Ó Liatháin[B1], Seán Ó hÉigeartaigh[B5], Ciarán Ó Nualláin [q.v.], Stiofán Ó Cearnaigh, a bheadh ina Rúnaí sa Roinn Chosanta, Liam Ó Laoghaire (1910–92), a bheadh ina chartlannaí scannán, Proinsias Ó Conluain, a bheadh ina chraoltóir cumasach, Pádraig Ó hUiginn, a bheadh ina Rúnaí i Roinn an Taoisigh ... ··· Bhí cuid mhór de na hoibrithe ba dhíograisí ag éirí amhrasach freisin; nuair a dealaíodh an Chraobh amach ó na hAiltirí agus ón gConradh, le cead agus toil Chuinneagáin, toghadh Mac an Bheatha ina Cheannaire ar an gCraobh 6 Samhain 1942 agus tugadh Glúin na Buaidhe ar an eagraíocht nua a d’eascair aisti
Liatroma: Seaghán Ó Beirn (30); Eithne, Bean Bheirn (38); Caitlín Nic Gabhann (27) ··· Leagan de ‘Chaisleán Néill’ a bhí ag Caitlín atá ag Eileen Costello[B2] in Amhráin Mhuighe Seola ··· I 1928 bhí sí ina rúnaí ar an Ard-Chraobh agus tá an nóta seo fúithi in An Tír, Meitheamh 1928: ‘D’éirigh Caitlín Nic Ghabhann as rúnaíocht na hArd-Chraoibhe tá cúpla mí ó shin le iomlán a cuid ama a thabhairt do Dhia amháin ··· Ní raibh Caitlín ann ··· I nGaeilge a líonadh isteach na sonraí seo: go raibh Gaeilge agus Béarla ag Seághan Ó Beirn agus faoi Chaitlín Nic Gabhann, gur bean singil í, gur múinteoir Gaeilge í, agus gurbh i gContae Chill Mhantáin a rugadh í
I mBaile Néill i bparóiste Ard Tré, Co ··· Tháinig Diarmaid féin faoi anáil na mórscoláirí a bhí thuas lena linn: Donnchadh Ó Floinn, Tomás Ó Fiaich, Pádraig Ó Fiannachta, Cathal Ó Háinle, Pádraig Ó Héalaí, Donnchadh Ó Corráin agus a dhuine muinteartha féin Breandán Ó Doibhlin, agus chúitigh sé a saothar leo le líon na scoláirí Gaeilge a spreag sé féin thar na blianta teagaisc ··· Dhoire, a saolaíodh Diarmaid Celestine Ó Doibhlin ar an 19 Bealtaine 1942 ··· Sa pharóiste chéanna i mBaile Mhaolagáin a rugadh a athair, John Devlin, agus ba as Ceann Toirc i bparóiste Ard Bó, Co ··· Múinteoirí léannta cumasacha a bhí ar fhoireann an choláiste ag an tréimhse: Seán Ó Baoill, Diarmuid Ó hIceadha, Pádraig Ó hÁdhmaill, etc
Luann Seán Mac Réamoinn é in An Comhchaidreamh: crann a chraobhaigh, 1985: ‘Cuimhní níos taitneamhaí ar théarma eagarthóireachta Shéamuis Néill[B3].. ··· Áiteamh go maidin, agus Caitlín Bean Shéamuis i mbun tae agus tuairimíochta.’ Cé gur fianaise éigin ar phost an eagarthóra a bheith aige is ea alt Ghlaisne, tá sé deacair aon deimhniú a fháil air ··· ‘Beidh cuimhne ar Liam mar Rúnaí na Roinne Poist agus Telegrafa ach tá cuimhne agamsa air mar chomharsa caoin agus mar dhuine den dream a chuir dlús le hiriseoireacht agus le foilsitheoireacht na Gaeilge leathchéad bliain ó shin’, a scríobh Aodh Ó Canainn i bhfeartlaoi in Foinse 26 Feabhra 2006 ··· In Inniu 27 Iúil 1973 rinne Liam comhrá le Risteárd Ó Glaisne [q.v.] agus is ann is mó atá eolas ar a óige agus ar a shaothar ar son na teanga ··· John Regan ó Charraigín Rua, Co
Deir Liam Prút in Irisleabhar Mhá Nuad 1996-97, 1997 (‘Cúrsaí Aistriúcháin an Stáit’) gur aistríodh é ó Rannóg Aistriúcháin Thithe an Oireachtais go dtí An Gúm i 1931 ach shílfeá ó thagairtí do chomhfhreagras in Seán Mac Maoláin agus Ceart na Gaeilge, 2003 le Gearóidín Laighléis go raibh sé sa Ghúm faoi 1929 ··· Ba é Eagarthóir an Ghúim é sna blianta táirgiúla sin ó dheireadh na 1920idí amach agus, ó 1940 go 1954, bhí sé ina Chláraitheoir ag Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath agus cúrsaí airgeadais mar chuid dá chúram ··· Múinteoir ba ea Domhnall, de réir an taifid, agus is mar seo a shaighneáil sé a ainm: ‘Donal Ó Grianna (D ··· Bhí alt ina thaobh in Sunday Independent 22 Iúil 1934 ag Cathal Ó Tuathail[B4] agus deir sé gur chaith Domhnall tamall maith mar ‘ollamh’ i meánscoileanna i mBaile Átha Cliath ag teagasc cúrsaí onóracha Gaeilge ··· Deir Ó Tuathail freisin gurbh é a bhunaigh Humanitas (1930-31), gur sa státseirbhís a bhí sé ó 1923 amach agus gur ceapadh é ina Eagarthóir sa Ghúm i 1929
Bhí an t-ainm Cathal Riabhach coitianta go leor i measc mhuintir Ruairc agus is ó dhuine den treibh agus den ainm sin a shíolraigh muintir Chathailriabhaigh Shligigh; faoin gcruth ‘Colleary’ a galldaíodh an sloinne ··· Cé go raibh Caitlín Cruise O’Brien [Caitlín Ó Síthigh B4] agus Mairéad de Brún i measc na múinteoirí aici i Scoil Tráchtála Ráth Maonais, bhí sí ar bheagán Gaeilge go dtí gur bronnadh cóip de Jimín Mháire Thaidhg uirthi sna 1920idí ··· Tá aiste aici féin (‘Pádraig Ó Siochfhradha[B5]… agus Athbheochan an Oireachtais’) in Oireachtas na Gaeilge 1897-1997, 1997 in eagar ag Proinsias Mac Aonghusa ··· Tá agallamh léi ag Máire Ní Néill in Beatha dhuine a thoil, 1996 ··· Dúirt sí le Máire Ní Néill gur chainteoir dúchais a seanmháthair athartha
Scríobh ‘Torna’ [Tadhg Ó Donnchadha B1] epithalamium nuair a phós sé Caitlín Nic Ghiolla an Rí (Kingston) ó Bhiorra 8 Feabhra 1912 ··· Scríobhadh péire beathaisnéis Ghaeilge: Cathal Brugha, 1942 lena chara ‘Sceilg’ (Seán Ó Ceallaigh) [B3] agus Cathal Brugha: a shaol is a thréithre, 1969 lena nia Tomás Ó Dochartaigh ··· Bhí sé san fhochoiste a d’eagraigh bailiúchán don Chonradh ó theach go teach sa chathair ··· I bPort Láirge théadh sé gach tráthnóna ar cuairt chuig Mártan Ó Colmáin, fear dall ó cheantar na gCumarach nach raibh Béarla aige agus a raibh cuid mhór dá shaol caite aige mar scuabadóir sráide ag Comhairle na Cathrach; bhí scéalta, dánta, seanfhocail agus paidreacha na gCumarach aige ··· I 1908 toghadh ina uachtarán ar Chraobh an Chéitinnigh é mar chomharba ar Phádraig Ó Duinnín [B3]