Páipéar a léigh sé ag Cumann Gaelach an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, 30 Samhain 1908, an eachtra thosaigh sa troid faoin nGaeilge i máithreánach Ollscoil na hÉireann. Ba é an chéad reachtaire ar an gcumann sin é. Tá an páipéar sin, ‘An Ghaedhealg ins na hIosgolaibh nuadha’, in An Claidheamh Soluis 23 Eanáir 1909. I mBaile Átha Cliath ar 9 Bealtaine 1872 a rugadh é (Thomas Patrick Nowlan). Ba é Francis Robert Nowlan, ‘cork merchant’, 109 Bóthar Haddington, Baile Átha Cliath, a athair agus ba í Mary Jane Stair a mháthair. Sa teach sin i 1901 bhí an t-athair (73), baintreach fir, a bheirt mhac, John (31) agus Vincent Robert (26), cléirigh thráchtála, agus Margaret Stair (59), deirfiúr a chéile. Dúradh go raibh Gaeilge acu go léir. Chuaigh Tomás isteach i gCumann Íosa 18 Lúnasa 1887 agus i ndeireadh a thréimhse san ord bhí sé i gColáiste Stonyhurst. D’éirigh thar cionn leis in cibé cúrsaí a rinne sé le haghaidh scrúduithe na hOllscoile Ríoga agus bhí ina Chomhalta den ollscoil sin. Níl trácht air san Ord tar éis 1900. Ní raibh sé ina shagart, cé gur gnách ‘S.J.’ lena ainm sna tagairtí is luaithe dó i bpáipéir Chonradh na Gaeilge. Bhí sé ina bhall de choiste na hArd-Chraoibhe (Irisleabhar na Gaeilge 25 Samhain 1897) agus tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 6 Deireadh Fómhair 1900 go raibh éirithe as aige. Bhí dán as an Leabhar Laighneach in eagar aige sa chéad uimhir de Ériu i 1904. Ar feadh tamaill ghairid de bhlianta bhí post múinteora aige i gCnoc Mheilearaí agus bhí ina theachta ag an gcraobh áitiúil den Chonradh ag Ard-Fheis 1904 (idem 23 Iúil 1904). An bhliain dár gcionn thairg sé £5 don mhac léinn ollscoile a ghnóthódh seachtó cúig faoin gcéad sa Ghaeilge sa dara bliain (idem 9 Nollaig 1905). Tuairiscíodh (idem 28 Iúil 1906) go raibh ceachtanna ar Mhodh Réidh agus ar ghramadach na Gaeilge á dtabhairt aige i gColáiste na Mumhan. D’fhág sé a phost i gCnoc Mheilearaí ag deireadh na scoilbhliana 1906 le cur faoi i mBaile Átha Cliath (idem 30 Meitheamh 1906). Tuairim an ama seo bhí baint aige le Seachtain na gCrann agus scríobh sraith dar teideal ‘The woods of Ireland’ in The United Irishman 1904-1906. Ceapadh é ina ollamh le Gaeilge i gcoláiste oiliúna Dhún Chéirí. Cé go raibh 200 ar rolla an ranga aige ansiúd ghlac sé freisin le hobair mar chúntóir ag Micheál Ó hIceadha i Maigh Nuad (idem 20 Deireadh Fómhair 1906). Cuireadh i gceannas an ardranga é i gColáiste Laighean (Sinn Féin 26 Eanáir 1907). Phós sé Máire de Buitléar 5 Lúnasa 1907 . ‘Professor’ an cur síos a rinne sé air féin. Charles McNeill, deartháir le hEoin Mac Néill, a sheas leis. Rinne An Claidheamh Soluis 17 Lúnasa 1907 comhghairdeachas leo. An mhí dár gcionn, mí na meala acu, bhí sé ag comhdháil teanga san Hague thar ceann an Chonartha (idem 14 Meán Fómhair 1907). In ainneoin na hoibre go léir chuir sé tús le sraith de léachtaí Gaeilge ar an stair san Ard-Chraobh (idem 5 Deireadh Fómhair 1907). Bhí baint aige le bunú Chumann Gaelach an Choláiste Ollscoile. ‘Sé Tomás ba chionn siocair leis an obair a chur ar siúl sa deireadh’ a dúradh (idem 4 Aibreán 1908). Toghadh é ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha 1908-10. Bhí sé ag teagasc na seanchlasaiceach i Scoil Éanna (idem 15 Lúnasa 1908) agus ceapadh é ina ollamh cuairte ann i 1910. Is léir ar Letters of P. H. Pearse, 1980 in eagar ag Séamas Ó Buachalla gur leag sé os comhair an Ardeaspaig Breathnach i 1906 plean le haghaidh scoile a mbeadh sé féin mar bhainisteoir agus mar phríomhoide inti agus ina mbeadh an Piarsach mar leas-phríomhoide. Níor chualathas dada eile faoi agus síleann Ó Buachalla gurbh ar éigean a thuillfeadh an tréimhse fhada a bhí sé sna hÍosánaigh beannacht an ardeaspaig ar a phlean. Scríobh an Piarsach chuig Eoin Mac Néill ar 24 Feabhra 1908: ‘Mr O’Nowlan was, as I think you will remember, originally associated with me in the project but I don’t know that since his marriage he would be able to take the prominent part originally intended.’

Bhí an scéal seo in The Tablet 26 Samhain 1910: ‘Professor Thomas O’Nolan is the new Moderator in Celtic Languages at Trinity College, Dublin. This is the first occasion of such an Award in the University of Dublin and that its recipient should be a Catholic ex-Fellow is noted as a satisfactory fact by his co-religionists across the Channel. The professor has lately completed an Irish translation of Virgil’s Aeneid’. Bhí colún na mac léinn á scríobh aige in An Claidheamh Soluis i 1912 agus fógraíodh sa pháipéar sin 23 Márta go raibh sé le Sean-Ghaeilge a theagasc i gColáiste Samhraidh Charraig an Chabhaltaigh. Bhí Laidin agus Dinnseanchas á dteagasc aige freisin (idem 6 Aibreán 1912).

Nuair a d’éag sé 9 Nollaig 1913 thug ceann de na páipéir laethúla ‘a notable Dublin personage’ air. Cuireadh i nGlas Naíon é. Ag 77 Bóthar Waterloo, Baile Átha Cliath, a bhí cónaí air ag an am. Scríobh Pádraig Ó Duinnín in The Leader 27 Samhain 1913: ‘Is léan liom le hinsint gur cailleadh Tomás Ó Nualláin an lá faoi dheireadh agus is mór an méala agus is mór an dochar don Ghaeilge a bhás. Ní dóigh liom gur fhág sé fear níba dhúthrachtaí don Ghaeilge ina dhiaidh. Ní raibh ach Béarla á labhairt ag Tomás le linn a óige. Ní dóigh liom go raibh focal Gaeilge aige go raibh fiche éigin bliain slánaithe aige agus ina dhiaidh sin. . . bhí sé ar a chumas Gaeilge do labhairt chómh mín, chómh réidh chomh blasta le haoinne nach raibh sí ón gcliabhán aige. . . . Bhíodh Tomás ag scríobhadh na Gaeilge leis i gcónaí agus á múineadh don aos óg agus ag bailiú na ndán agus lámhscríbhinní is á gcur in eagar. Bhí sé ag gabháil do leabhar filíochta an tseachtain sular buaileadh breoite é. . . . Dá mbeadh fiche fear de leithéid Thomáis againn bheadh bail ar an nGaeilge nach bhfuil uirthi.’

Bhí an méid seo ag Tadhg Ó Donnchadha in Timire Chroí Naofa, Márta 1914: ‘Is cuimhin liom é, blianta ó shoin, ag teacht go dtí Conradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ag foghluim na Gaeilge. An uair sin ní raibh sa chathair ach aon chraobh amháin. Ní gach éinne a chuireadh suim sa Ghaeilge ná a gheobhadh de dhua air féin tosnú uirthi agus í d’fhoghluim go maith ach do dhein Tomás é. Do choinnigh sé chun na hoibre go dtí go raibh sé ina mháistir ar an dteanga. Is minic a buaileadh isteach im’ aigne gur mhó a chaill sé de bharr na Gaeilge ná mar a bhí aige dá druim. Bhí sé an-oilte ar theangacha eile agus duaiseanna móra faighte aige iontu. Ach ina dhiaidh san nuair a bhí sé ina bhuachaill óg fásta do chaith sé uaidh iad san agus thug aghaidh ar an nGaeilge is ar Ghaelachas. Má bhí caillte aige de bharr an ghnímh níor chuir sin garabuaic air ná ní dócha gur tháinig lá dá chathú riamh air. . . . Scríobh Tomás a lán sa Ghaeilge. Chuir sé le chéile Foclóir Gramadaí as téarmaí a fuair sé sna seanghluaiseanna agus i seanleabhair. Chuir sé i nGaeilge na haimsire seo na scéalta ó Táin Bó Cuailgne atá i leabhar beag an Strachánaigh. D’aistrigh sé ar an gcuma gcéanna a lán de sheanscéalta is seanfhilíocht na Gaeilge. Bhí sé ag obair ar Iomarbháidh na bhFilí do Chumann na dTéacs Gaeilge agus airím go raibh mórchuid de ullamh aige. . . . Ní gá dom tagairt don mhúinteoireacht ná don scrúdaitheoireacht a dheineadh sé. Bhíodh sé i gcónaí ag obair agus a dhóthain le déanamh aige’. Thuairimigh Torna freisin gur bhrostaigh sé an bás chuige leis an obair go léir a dhéanadh sé.

Bhí aistí léannta aige in The Irish Rosary, Irisleabhar na Gaedhilge, Irish Ecclesiastical Record, Royal Irish Academy Proceedings, Miscellany presented to Kuno Meyer, Ériu .... Scríobh sé Sanas Gramadaig. Maille le roinnt focal ealadhan eile. Ar na dtiomsughadh a prímh-leabhraibh an tseanchusa. An English-Irish vocabulary of technical terms, chiefly grammatical, 1908; Mór of Munster and the tragic fate of Cuana, son of Cailchin. Proc RIA XXX 1912; Comhrac Fhir Diadh 1914 (aistrithe as an tSean Ghaeilge); Táin Bó Cuailnge; Giolla na Tána, Mar chongnamh le ‘Stories from the Táin’ ag Seán Strachán. Tomás Ua Nualláin d’aithscríobh as an tSean-Ghaeilge, 1914. Chuir sé Gaeilge ar Aristotle in An Claidheamh Soluis 13 Eanáir—18 Bealtaine 1912. Scríobhadh sé aistí go minic in An Claidheamh Soluis idir 1905 agus 1914 agus bhí athinsint ar sheanscéalta aige ann sna blianta 1912-13. Tá liostaithe faoina ainm, ag Kenny’s Bookshops and Art Galleries Ltd, ina liosta 122 de leabhair Ghaeilge, Scéala na hAiseirghe. Sliocht as Leabhar na hUidhre. Arna chéad chur i gcló ag O’Beirne Crowe sa mbliadhain 1865 agus cruth nua dá chur anois air, 1913. Ní léir go bhfuil sé i gcatalóg na Leabharlainne Náisiúnta.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú