Aon ghearrliosta de phríomhphearsana na hathbheochana roimh 1890, na ‘réamhchonraitheoirí’ mar a thug Máirín Ní Mhuiríosa orthu, chaithfeadh an tAthair Ó Nualláin O.D.C. a bheith ann. Rugadh é in Áit Tí Bhreasail in aice Eachroma, Co. na Gaillimhe. Eoin a bhí ar a athair agus b’í Máire Ní Choinneáin a mháthair. Bhí Gaeilge ag an mbeirt acu, í ó dhúchas ag Máire, ach le Béarla a thógadar Eoin. I dTeannmhagh, Co. na Gaillimhe, a fuair sé bunscolaíocht agus ansin chuaigh sé isteach sa choláiste deoiseach i mBaile Locha Riach. Tuairim 1859, cheangail sé leis na Cairmilítigh ann. Cuireadh go dtí Ghent na Beilge é chun a nóibhíseacht a dhéanamh ann agus oirníodh ina shagart é in 1865. Ó 1866 go 1881 bhí sé i Mainistir Naoimh Treasa i Sráid Chlarendon i mBaile Átha Cliath. In 1876, ba é féin agus Dáithí Coimín ba mhó faoi deara Cumann Buanchoimeádta na Gaeilge a bhunú. I seomraí an Athar Eoin a deineadh an réamhobair ar fad agus b’eisean a chuir amach fógraí an chéad chruinnithe sna Isaac Butt Testimonial Rooms ar 29 Nollaig 1876. D’éirigh thar cionn leis an gCumann ach nuair a bhí comhairle nua le toghadh in 1879 theastaigh ón Athair Eoin agus ó Dháithí Coimín nach n-atoghfaí na ‘fir thábhachtacha’, an dream ba lú éifeacht. Cé gur éirigh lena mbeartas, loit baill nuathofa na comhairle é nuair a chomhthogh siad na seanbhaill leisciúla. Lean na díograiseoirí an bheirt nuair a d’fhág siad an Cumann chun Aondacht na Gaeilge a bhunú. Ceapadh an tAthair Eoin ina rúnaí ag Comhairle na hAondachta. Chuir roinnt daoine milleán an easaontais air. Shíl cuid dá chairde gur mar gheall ar an raic a bhí aige leis an gCumann a d’aistrigh a uachtaráin go dtí Baile Locha Riach in 1881. Nuair a chuaigh sé go Ceanada in 1885 shíl siad arís gur díbríodh as Éirinn é. Ach is amhlaidh a d’iarr sé cead ar an Ord dul ar an misean coigríoch.

Tháinig sé abhaile go dtí Baile Locha Riach in 1894 agus ba é faoi deara seirbhísí eaglasta i nGaeilge a bheith sa mhainistir agus ba é a thug ar an údarás áitiúil sráidainmneacha an bhaile bheith i nGaeilge. Ó 1898 amach, bhí sé ina bhall den Chonradh. Bhí sé ag bailiú paidreacha dúchasacha le súil go bhfoilseofaí iad. D’éag sé ar 4 Meán Fómhair 1904.

In 1877 d’fhoilsigh sé Irish Grammar Rules in Prose and Verse, Lessons in Gaelic for the use of Schools and Self-Instruction, sraith leabhrán, in 1880–1, An Casán go Flaitheamhnas, leabhar urnaí, in 1882 agus Leabhar-Urnuighe Naoimh Pádraic, ar cuireadh cuid mhaith eagrán de amach, tuairim 1894. Scríobh sé Patrick’s Primer, gd D’aistrigh sé An Paidrín Páirteach, gd.

Rinne Máirín Ní Mhuiríosa a shaol agus a shaothar a iniúchadh in Réamhchonraitheoirí... (1968) agus ar Feasta (Feabhra 1970). Ba é a breithiúnas air: ‘Bhí sé teasaí, gan amhras, agus mífhoighneach, ach bhí sé gníomhach agus dúthrachtach, agus rinne sé mórshaothar ar son na Gaeilge’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú