Ó NUALLÁIN, Caoimhin (1917–1987)

Maíonn Brian Ó Catháin go bhfuil ‘neamart déanta, ag lucht na Gaeilge agus lucht an Bhéarla araon, i gCaoimhin agus é faoi scáth na beirte eile, Brian agus Ciarán, cuid mhaith.’ Is díol suntais an dá leagan a chleacht sé dá ainm baiste: Caoimhghin i dtús a shaoil, agus i ndiaidh 1948, Caoimhin, gan síneadh fada i gceachtar acu.

Ar an tSrath Bhán, Co. Thír Eoghain, a rugadh Caoimhin Ó Nualláin ar an 15 Márta 1917. Ba é an séú duine é den dáréag clainne a bhí ag Micheál Victor Ó Nualláin agus a bhean, Aigneas Ní Ghoirmligh (Gearóid, Ciarán, Brian, Róisín, Fergus, Caoimhin, Maeve, Nessa, Nuala, Sheila, Micheál agus Niall). Deartháireacha le Caoimhin ab iad Ciarán agus Brian Ó Nualláin, agus b’uncail leis an tAthair Gearóid Ó Nualláin. Bhí post ag Micheál sa tseirbhís chustaim agus máil. Chaith an teaghlach tamall i nGlaschú, beagán de 1915–16 in Inse Chór, Baile Átha Cliath, agus tamall fada i dTulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí, sular aistrigh siad go 25 Plás Hoirbeaird i mBaile Átha Cliath in 1923 nuair a fuair an t-athair ardú céime. Micheál féin a chuir oideachas ar na páistí ba shine agus níor fhreastail Caoimhin ar scoil ar Bhóthar Haddington, gar do Phlás Hoirbeaird, go dtí 1923. I bhfómhar na bliana 1927 bhog siad go 4 Ardán Abhóca ar an Charraig Dhubh i mBaile Atha Cliath agus thosaigh an cúigear mac ba shine ag freastal ar Choláiste na Carraige Duibhe. Sa bhliain chéanna a thug siad a gcéad chuairt ar Chloich Chionnaola i nGaeltacht Thír Chonaill. Bhí Béarla ag na páistí ach ba í an Ghaeilge teanga an teaghlaigh. Díograiseoir teanga a bhí i Micheál agus d’fhoghlaim Aigneas an teanga fosta. Bhíodh cailíní aimsire as Gaeltacht Thír Chonaill fostaithe acu, rud a chuidigh go mór le labhairt na Gaeilge sa bhaile.

Lean Caoimhin bealach a athar (a rinne staidéar ar an Léann Chlasaiceach in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste) nuair a chuaigh sé i mbun na céime B.A. sa Léann Chlasaiceach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, in 1935 ach bhí sé gníomhach i gcúrsaí Gaeilge i rith an ama. D’fhoilsigh sé dornán alt ar The National Student agus Éigse, agus insíonn a chara Seán Ó Lúing, a bhí in aon rang Laidine leis ar an ollscoil, gur réitigh Caoimhin gur trí Ghaeilge a d’eagrófaí imeachtaí Chumann an Léinn Chlasaicigh le linn dó a bheith ina reachtaire ar an chumann ar an ollscoil. Bhí sé ag saothrú na filíochta agus an phróis, ag baint duaiseanna agus ag foilsiú leis sna blianta sin fosta.

Chuir bás tobann an athar ar an 29 Iúil 1937 cor i gcinniúint mhuintir Uí Nualláin. Is ar chrann Bhriain a thit sé soláthar don chuid eile go ceann aon bhliain déag, ós aige amháin a bhí post buan le tuarastal rialta. Mhaígh Micheál, deartháir óg le Caoimhin, nár tugadh aitheantas ceart do Bhrian riamh as an íobairt seo. Bhain Caoimhin céim B.A. amach agus chláraigh do chéim M.A. sa Léann Chlaisaiceach sa Choláiste Ollscoile in 1939. Bhain sé Ard-Dioplóma san Oideachas amach in 1942, rud a chuir ar a chumas a bheatha a shaothrú go neamhspleách mar mheánmhúinteoir.

Ceapadh é mar mhúinteoir le Laidin, Gréigis, Gaeilge agus Béarla i Scoil Mhainistir Ghleann Stáil i gCo. Luimnigh, áit ar theagasc sé ó 1942 go 1954. Tuairiscítear go raibh idir ardmheas agus chion ag na scoláirí air. Bhí cónaí air sa scoil agus is ann a casadh Maureen Dwyer, a bhí ina mátrún sa scoil, air. Phós siad agus rugadh mac agus iníon dóibh, James agus Maeve.

I mí Dheireadh Fómhair na bliana 1954 ceapadh Caoimhin ar fhoireann teagaisc Roinn an Léinn Chlaisaicigh sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, i ndiaidh dó céim M.A. sa Léann Chlasaiceach a bhaint amach. Is mar chúntóir a fostaíodh ar dtús é ach de réir a chéile tugadh ardú céime dó go léachtóir cúnta (1958), léachtóir coláiste (1968) agus, faoi dheireadh, léachtóir statúideach (1972). Bhí sé ag obair sa roinn seo go dtí gur imigh sé ar scor in 1985. Cailleadh Maureen in 1959 agus i ndiaidh dornán blianta phós Caoimhin Marie O’Connell, a bhí ar fhoireann riaracháin na hollscoile.

Dar le Brian Ó Catháin, a rinne scagadh cuimsitheach ar shaothar Chaoimhin Uí Nualláin, tá dhá mhór-rannóg ann ina shaothar: an léann agus obair eagarthóireachta; agus litríocht sa Ghaeilge agus sa Bhéarla. Tugann an Cathánach bunchlár dá shaothair fhoilsithe a líonann cúig leathanach. D’fhoilsigh an Nuallánach léirmheasanna agus ailt acadúla ar an Léann Chlasaiceach ach bhí dáimh ar leith aige leis an tSean-Ghréigis agus go speisialta le saothar Hóiméir a bhí mar phríomhábhar ina thráchtas M.A. Chóirigh sé eagrán dátheangach den scéal is faide dár bailíodh riamh i dtraidisiún béil na Gaeilge, Eochair mac rí in Éirinn, in 1982. Éamon a Búrc as Aill na Brón, Carna, Co. na Gaillimhe a d’aithris an scéal don bhailitheoir Liam Mac Coisdeala in 1938. Tá meas mór ag lucht léinn ar an tsaothar seo, go háirithe i dtaca leis an réamhrá, cuntas ar bheatha an scéalaí agus cur chuige na heagarthóireachta. Phléigh sé traidisiún na scéalaíochta sa Ghaeilge i gcomhthéacs litríocht na Gréige, na Róimhe agus na hEorpa.

Le hómós dá dheartháir, chnuasaigh Caoimhin na céadta alt as colún iomráiteach Bhriain Uí Nualláin ‘Cruiskeen Lawn’ ar The Irish Times agus d’fhoilsigh sé i dtrí leabhar iad in 1968 (The best of Myles), 1976 (Further cuttings from Cruiskeen Lawn) agus 1977 (The hair of the dogma).

Agus é fós ina mhac léinn, scríobh sé úrscéal bleachtaireachta, Ceathrar cliste, i nGaeilge faoin ainm cleite Lughaidh Mac Feorais. I mí Feabhra 1939 a cuireadh an saothar seo chuig an nGúm ach níor foilsíodh é go dtí 1954. Léiríonn an t-údar a mhíshástacht leis an Ghúm sna píosaí Gaeilge a scríobh sé níos déanaí ina shaol.

The gardener an teideal a bhí ar an tsaothar mhór chruthaíoch i mBéarla a d’fhoilsigh ‘Kevin O Nolan’ in 1972. Aithníonn Brian Ó Catháin na cosúlachtaí stíle idir saothar seo Chaoimhin agus saothar na Nuallánach eile, Ciarán agus Brian. Ar na tréithe sin luann sé osréalachas, leithleachas agus imeartas focal (in éagsúlacht teangacha go minic). Déantar scigmhagadh faoi choinbhinsiúin an oideachais agus is léir gur imir taithí phearsanta na ndeartháireacha seo tionchar suntasach ar dhearcadh s’acu ar chúrsaí scolaíochta.

Is ar Comhar a foilsíodh sraith dréachtaí gearra Gaeilge an Nuallánaigh faoin teideal ‘Nuacht ón Ghealtacht’. Rinne Ian Ó Caoimh anailís chomparáideach idir an tsraith seo agus samplaí as ‘Amaidí’ le Ciarán Ó Nualláin agus ‘Cruiskeen Lawn’ le Brian Ó Nualláin. Tá féith an ghrinn agus na scige go mór chun tosaigh sa tsraith. Tá cuid shuntasach de shaothar an Nuallánaigh fós le foilsiú, go háirithe dhá iarracht a chuir sé isteach ar chomórtais an Oireachtais, ‘An Múinteoir Ceathairchosach’ in 1956, agus in 1957 ‘Marbhadh an Easpaig: Dráma le Cluan Mac Nóis’. Saothair iad a fuair ardmholadh ó léirmheastóirí na gcomórtas céanna.

Ar sceideal Raidió Éireann faightear tagairtí do ghearrscéalta agus do dhrámaí le Caoimhin Ó Nualláin sa tréimhse 1941–58. Samplaí eile de scríbhneoireacht an Nuallánaigh iad na litreacha a chuir sé chuig The Irish Times, litreacha a léiríonn arís eile na buanna speisialta a bhí ag an triúr deartháir: greann intleachtach agus cumas fíochmhar chun aortha.

Anuas ar na buanna acadúla agus cumadóireachta, ba cheardaí cumasach é Caoimhin Ó Nualláin agus ba ghnás leis píosaí a bhronnadh ar a chairde, go háirithe píosaí a shnoíodh sé as adhmad. Is déanach ina shaol a tugadh an t-aitheantas dó a bhí tuillte aige nuair a tugadh cuireadh dó bheith páirteach i gcomhdhálacha acadúla i Sasana, i Meiriceá, sa Ghearmáin agus sa Ghréig. Cailleadh é ar an 15 Nollaig 1987 agus cuireadh i Reilig Sheangánaí i mBaile Átha Cliath é.

Seán Mac Labhraí

Ailt

  • Ó Caoimh, I. (2016) ‘The Third Twin: Caoimhín Ó Nualláin as Columnist’, American Journal of Irish Studies 13, 131-47.
  • Ó Catháin, B. (2019) ‘Caoim(gh)in Ó Nualláin/Kevin O’Nolan/Lughaidh Mac Feorais: fear léinn, fear eagair is fear litríochta’, Léachtaí Cholm Cille XLIX, 187-262.