Ba iad Micí Sheáin Néill, Seán Bán Mac Grianna agus Neidí Frainc Mac Grianna na scéalaithe ba mhó i Rann na Feirste sa dara leath den 20ú haois. Scéalaí freisin ba ea athair Mhicí Seán Néill, mangaire eallaigh (d’éag ar 24 Eanáir 1936) agus is óna athairsean, Niall, a fuair Johnny Shéimisín [Seán] Ó Domhnaill an chuid is mó dá scéalta. Ba í Siubhán Ní Dhomhnaill (Siubhán Phaidí Antoin) ó Loch na nDeorann, Mín na Leice, máthair Mhicí. Chomh maith le gnó an eallaigh bhí siopa acu. Bhí triúr deartháireacha ag Micí agus beirt deirfiúracha. Scéalaí maith duine díobh, Áine, agus a hiníonsan Bidí Sheáin Néill (d’éag ar 7 Aibreán 1991) agus a gariníon Bríd Anna. Tá cuntas iomlán ar shaol, ar shaothar is ar mhuintir Mhicí, mar aon lena nginealach, ag Cathal Póirtéir in Micí Sheáin Néill: scéalaí agus scéalta (1993).

I Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall, a rugadh é ar 24 Eanáir 1901. Ar scoil i Rann na Feirste ag an am céanna leis bhí Seosamh Mac Grianna. Bhí scoil oíche ar siúl ann freisin agus dhéanadh Micí freastal uirthi. ‘Dar le Micí gur fhoghlaim sé níos mó ar an scoil oíche ná mar a d’fhoghlaim sé ar scoil an lae’, deir Cathal Póirtéir. In aois 16 bliana chuaigh sé go hAlbain lena athair ag déanamh gach saghas oibre. Fuair sé cleachtadh ar bheith ag comhrá le cainteoirí dúchais Ghaeilge na hAlban ag an am sin. Tar éis bhás a athar d’fhan Micí sa bhaile agus bhíodh ag gabháil don fheirmeoireacht agus do dhíol agus ceannach beithíoch ag aontaí. Dhéanadh sé obair don chomhairle chontae anois is arís.

Scríobh Seán Ó hEochaidh, bailitheoir Choimisiún Béaloideasa Éireann, breis is míle leathanach síos ó Mhicí i ndiaidh dul chuige den chéad uair in 1954. Bhíodh sé ag teagasc i gColáiste Bhríde agus bhí ardmheas air ní hamháin mar gheall ar shaibhreas a sheanchais ach toisc a shoiléire a labhraíodh sé leis na daltaí: ach shíl Ó hEochaidh go ndearna obair an choláiste dochar dá ealaín scéalaíochta. Ghlacadh sé páirt in Oícheanta Seanchais Ghael Linn sna 1950idí. Ba mhinic a bhíodh sé le cloisteáil ar raidió RTÉ agus ar Raidió na Gaeltachta. Ar nós mórscéalaithe eile bheadh scéal de mheabhair aige, dá fhaid é, ach é a chloisteáil aon uair amháin, bhí bua na cuimhne chomh maith sin aige.

Chuir Gael Linn cuid dá scéalta ar cheirnín dar teideal ‘Scéalta aduaidh’. Chuir an tAthair Seosamh Mag Uidhir eagar ar chuid díobh in Maith thú a Mhicí (1956). Thug Anraí Mac Giolla Chomhaill eagrán leasaithe amach in 1973. Scéalta, dánta agus paidreacha a scríobhadh síos ó Mhicí is ea Lá de na laethaibh (1983) leis an Athair Lorcán Ó Searcaigh. D’éag Micí 19 Márta 1981. Níor phós sé. Dúradh in Derry People and Donegal News 28 Márta 1981: ‘Ní chluinfear níos mó é ag leanstan na bhFiann chun seilge ná ag dul le Cú Chulainn i ndeabhaidh lainne. An uchtach sin a bhí ina tréith láidir i mórán de na scéalta ba deas leis a aithris, bhí sin ag Micí go deireadh a lae’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú