Go luath i ndiaidh a bháis bhí cuntas in Foinse ag N.Ó G. ar an gcainteoir dúchais Gaeilge seo a raibh cáil an chruinnis air. Múinteoir scoile ba ea é a rugadh i Mín Corrbhaic i bparóiste Ghaoth Dobhair. I ndiaidh bunoideachais i scoil an Toir, bhí sé i gColáiste Éinde i nGaillimh. Bhain sé céimeanna amach sa tráchtáil agus sna healaíona i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe. Bhí sé ag múineadh i gColáiste Éinde 1949-1954 agus ansin i scoileanna na mBráithre Críostaí i bhFhionnradharc, Baile Átha Cliath, agus sa Mhuileann gCearr. D’fhill sé ar Dhún na nGall i 1957 agus bhí ag múineadh in Ardscoil Mhuire, Gaoth Dobhair, anuas go 1973, agus i bPobalscoil Ghaoth Dobhair go ndeachaigh sé ar pinsean i 1988. ‘Cainteoir Gaeilge den scoth a bhí ann, saineolaí ar ghramadach na Gaeilge a raibh saibhreas teangan thar an choiteann aige’ (N. Ó G.). Saineolaí ar dhinnseanchas Dhún na nGall a bhí ann freisin. Bhí sé páirteach i sraitheanna clár Raidió na Gaeltachta: ‘Deise Labharta’ agus ‘Logainmníocht’. Bhí beirt iníonacha agus beirt mhac aige féin agus a bhean Mary. Adhlacadh é i Reilig Mhachaire Gathláin 6 Feabhra 1999.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú