Ó BAOILL, Cathal [‘Charlie Anna’] (1928–1999) Cathal Ó BAOILL Charlie Anna Ó Baoill 1928 1999 Mín Corrbhaic, Co. Dhún na nGall M Coláiste Éinde, Bóthar na Trá, Gaillimh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh craoltóir múinteoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Go luath i ndiaidh a bháis bhí cuntas in Foinse ag N.Ó G. ar an gcainteoir dúchais Gaeilge seo a raibh cáil an chruinnis air. Múinteoir scoile ba ea é a rugadh i Mín Corrbhaic i bparóiste Ghaoth Dobhair. I ndiaidh bunoideachais i scoil an Toir, bhí sé i gColáiste Éinde i nGaillimh. Bhain sé céimeanna amach sa tráchtáil agus sna healaíona i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe. Bhí sé ag múineadh i gColáiste Éinde 1949-1954 agus ansin i scoileanna na mBráithre Críostaí i bhFhionnradharc, Baile Átha Cliath, agus sa Mhuileann gCearr. D’fhill sé ar Dhún na nGall i 1957 agus bhí ag múineadh in Ardscoil Mhuire, Gaoth Dobhair, anuas go 1973, agus i bPobalscoil Ghaoth Dobhair go ndeachaigh sé ar pinsean i 1988. ‘Cainteoir Gaeilge den scoth a bhí ann, saineolaí ar ghramadach na Gaeilge a raibh saibhreas teangan thar an choiteann aige’ (N. Ó G.). Saineolaí ar dhinnseanchas Dhún na nGall a bhí ann freisin. Bhí sé páirteach i sraitheanna clár Raidió na Gaeltachta: ‘Deise Labharta’ agus ‘Logainmníocht’. Bhí beirt iníonacha agus beirt mhac aige féin agus a bhean Mary. Adhlacadh é i Reilig Mhachaire Gathláin 6 Feabhra 1999.