MAC CAOMHÁNAIGH, Pádraig (1922–1985)

In Achadh Dallagáin, Lann Abhaigh, Co. Aontroma, a rugadh an scríbhneoir seo 13 Nollaig 1922. Máistir scoile i Lann Abhaigh ba ea a athair, William John McKavanagh, agus ba í Jane Usher a mháthair. Chaith an teaghlach tamall i mBaile Mhic Riocaid ach d’fhill siad ar Achadh Dallagáin. Ba é an duine ba shine é d’ochtar buachaillí agus seachtar cailíní. Cuireadh oideachas air i gColáiste Maolmhaodhóg, Béal Feirste, agus in Ollscoil na Ríona. Oirníodh é i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, do dheoise an Dúin agus Coinnire in 1947. Bhí sé ag múineadh na matamaitice i gColáiste Maolmhaodhóig anuas go dtí 1951. Bhí sé ar dhuine de chúigear sagart ón gcoláiste a bhunaigh Coláiste Mhac Naoise ag an nGearrán, Carnlach, Co. Aontroma, agus is ansiúd a bhí sé ag múineadh anuas go dtí timpeall lár na 1970idí. Bhí sé tamall ina uachtarán ar an gcoláiste. Ceapadh é ina shagart paróiste in Oirthear Maí, Co. Aontroma, agus ina dhiaidh sin in Ard Mhic Nasca, Co. An Dúin.

D’fhoghlaim sé Gaeilge le linn dó a bheith i Maigh Nuad agus chuir slacht i dTír Chonaill ar a raibh foghlamtha aige; cara mór leis ba ea Micí Sheáin Néill Ó Baoill. Fuair sé céim i dteagasc drámaí in 1965 agus bhíodh go minic ag moltóireacht ag féilte drámaíochta. Léiríodh sé ceoldráma sa choláiste gach Nollaig; ba é a chum amhrán na scoile agus nuair a thugadh sé cuairt ar a dhlúthchara in Ard Mhacha, Tomás Ó Fiaich, níorbh fholair dó a mhileoidean a thabhairt leis. Ina theannta sin is péintéir maith radharc tíre a bhí ann. Faoin ainm ‘Pádraig Uiséir’ bhuaigh sé Duais an Mhaolánaigh ar an úrscéal Seans Eile (1963). Scríobh sé beatha an Easpaig Galvin (1882-1956), an té a bhunaigh Misean Mhaigh Nuad sa tSín, faoin teideal Kao Er Wen, beatha Éamainn Uí Ghealbháin, Easpag Hanyang, An tSín (1965). Roghnaigh Gréagóir Ó Dúill dán leis,‘Dialann m’Athar’, in Filíocht Uladh 1960-1985 (1986). Bhí ag teip ar a shláinte ó na 1960idí ar aghaidh agus d’éag sé 14 Aibreán 1985 in Óstán Silver Swan i Sligeach, mar a raibh sé ag freastal ar ócáid de chuid Chomhaltas Ceoltóirí Éireann. An sagart arb é príomhcharactar Seans Eile é, faigheann sé bás i seomra folctha atá faoi ghlas, agus an chríoch chéanna a bhí ar Phádraig, rud a tugadh chun cuimhne ag an sochraid. Comhtharlú eile gur éag a máithreacha nuair a bhí carachtar an úrscéil agus Pádraig araon thar lear agus gan teacht orthu.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú