Scríobh an t-ógfhear seo úrscéal, a raibh mórchuid cainte ina thaobh, agus aistriúchán ar úrscéal, ach níor mhair fiú go bhfeiceadh i gcló iad. Chnuasaigh Seán Mac Cionnaith a ghearrscéalta agus scríobh cuntas ar a bheatha faoin teideal Saol agus saothar Shéamuis Mhic Chonmara, 1988. Tá a scríbhinní leighis agus aistí eile liostaithe ann. Tá ‘Saol agus saothar Shéamais Mhic Chonmara’ le Seán Mac Cionnaith in An tUltach, Meán Fómhair 1984. Tá cuntas ag Ruairi Ó Bléine in An tUltach, Deireadh Fómhair 1985, faoin teideal ‘Séamas Mac Conmara, dochtúir agus scríbhneoir’.

Rugadh é san Iúr, Co. an Dúin, ar 25 Iúil 1909 agus ba é an tríú duine é den chúigear clann, triúr mac agus beirt iníonacha, a rugadh do James McNamara agus dá bhean Joanna Lacey. B’as an Tulach, Co. an Chláir, do James agus bhí céim sháirsint sa Chonstáblacht Ríoga bainte amach aige agus tamaill caite aige ar diúité i mBéal Feirste agus i Ros Treabhair. Phós sé Joanna Lacey i ndiaidh dá chéad bhean, Mary Kelly, bás a fháil agus bhí triúr clainne aige sa chéad chlann. Faoin am a rugadh Séamus bhí éirithe aige as an gConstáblacht. Bhí siopa grósaera ag an lánúin sa Sráid Uachtarach san Iúr. Deir Seán Mac Cionnaith go raibh sé ina chigire scoile ach is deacair sin a chreidiúint. Seans go raibh sé ag obair tráth mar oifigeach freastail faoi Acht 1892 a thug go raibh an bunoideachas éigeantach den chéad uair. Deir Mac Cionnaith go raibh Gaeilge aige agus má bhí cá bhfios nár chainteoir dúchais é? Is cosúil go raibh Gaeilge ag Joanna freisin agus go raibh Séamus i dtaithí na teanga óna óige.

Fuair sé idir bhunoideachas agus mheánoideachas ó na Bráithre Críostaí san Iúr. Theastaigh uaidh dul le sagartacht ach d’áitigh an t-athair air dul le leigheas. Bhuaigh sé scoláireacht agus thosaigh ag freastal ar Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, i 1926. Bhí Séamus Ó Néill ina mhac léinn ann lena linn agus dúirt seisean, dar leis an mBléineach, gurbh é Séamus a d’athbheoigh an Cumann Gaelach ann agus go raibh sé ina rúnaí air. Timpeall an ama sin a thosaigh sé ag scríobh agus deirtear go raibh úrscéal Margaret T. Pender, The Last of the Irish Chiefs, aistrithe aige don Ghúm sular fhág sé an Ollscoil. Foilsíodh é faoin teideal Taoiseach deireannach na nGaedheal, 1938.

Cháiligh sé mar dhochtúir ach níor chleacht an cheird riamh. Bhí a aigne socair aige ar bheith ina shagart. Bhí air bliain a chaitheamh i gColáiste Cholmáin san Iúr ag foghlaim na Gréigise sula ndeachaigh sé go Maigh Nuad i 1932. Chodlaíodh sé in aon seomra le fear eile as an Iúr agus bhí orthu beirt an coláiste a fhágáil nuair a tholg siad an eitinn. Bhí Brian Mac Thréinfhir ina mhac léinn ann san am agus scríobh seisean faoi Shéamas in Irisleabhar Mhaigh Nuat, 1934: ‘Togha mic léinn. De dheasca easpa sláinte d’imigh sár-Ghaeilgeoir uainn ag deireadh na bliana seo caite.... Is é mo thuairim fhéin gur dhual dó éacht oibre a dhéanamh ar son na Gaeilge anseo ach nárbh é toil De é.... bhí a chroí agus a anam sa Ghaeilge aige’.

Chuaigh fear eile an Iúir isteach in ospidéal agus leigheasadh é. Deirtear gur shíl Séamus, tharla céim dhochtúireachta a bheith aige, go n-éireodh leis é féin a leigheas agus chaitheadh sé tamall ag rothaíocht gach lá. B’fhéidir go ndeachaigh sé thar fóir air féin. Bhí sé ródheireanach nuair a lorg sé cabhair agus d’éag sé 23 Deireadh Fómhair 1936. Bhí leabhar ar chorpeolas á scríobh aige agus bhí glactha leis ag an nGúm ach níor éirigh leis é a chríochnú.

Murach a úrscéal, An Coimhthíoch, 1939, is ar éigean a bheadh trácht air mar scríbhneoir. Ba é an chéad leabhar Gaeilge é dar léigh an scríbhneoir Pádraig Mac Caomhánaigh. Is beag nár chuir sé de ghlanmheabhair é agus deireadh gurbh é a mhúin ceird na scríbhneoireachta dó (Mac Dhuarcáin agus Ó Murchú in Dúchas, Márta 1979). Ach is dóigh le Micheál Ó Duibhir (Irisleabhar Mhaigh Nuad 1969) nár dhealraigh go raibh na hacmhainní aige atá riachtanach chun litríocht smaointeach a chruthú. ‘Bhí sé níos oilte ag cur síos ar radharc tíre ná ar charachtar, b’fhearr mar dhathadóir é ná mar scrúdaitheoir ar choinsias an duine’. In Comhar, Feabhra 1968, dúirt Breandán Ó Doibhlin: ‘Is dóigh liom gurb é an réalachas agus an nua-aimsearacht a tharraing aird an phobail air. Iarracht ionraic atá ann ach ní foláir a rá nach seasann sé an chomparáid lena mhacasamhail de leabhair i dteangacha eile, ní amháin ó thaobh ealaíne ach fiú ó thaobh tuiscint don diagacht Chaitliceach. Óir tá na sean-naimhde céanna i bhfolach anseo agus a bhí i leabhair Mháire, maoithneachas agus méaldrámatacht.... níl aon léargas ann ar choimhlint inmheánach an tsagairt’.

Bronnadh Duais an Chraoibhín ar an leabhar i 1940 agus tháinig athchlónna amach i 1943, 1950, 1967 agus 1970. Éacht ba ea é ag fear óg a tógadh san Iúr. Cár fhoghlaim sé an teanga? In Fearsaid: Iris Iubhaile Chumainn Ghaelaigh, Ollscoil na Banríona, 1956 dúirt Séamus Ó Néill: ‘Ba bhall den Fháinne é agus ba mhinic a labhradh sé ag na léachtaí agus ag na díospóireachtaí. Bhí spéis mhór sa litríocht agus sa stair aige. Bhíodh sé i dtólamh ag iarraidh feabhas a chur ar a chuid Gaeilge. Is cuimhin liom samhradh amháin a bhí sé thíos i dTír Chonaill. Chaith sé bunús an ama ag comhrá le hIsibéal Óig, ag scríobh síos scéalta agus seanráite uaithi ná bhí scoith na Gaeilge aici mar Isibéal’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú