Gur foilsíodh saothar mór Edward MacLysaght (Irish families: their names and origins agus na himleabhair a lean é) in 1957–64 is taobh le Sloinnte Gaedheal is Gall (1923) leis an Athair Pádraig de Bhulbh a bhí an pobal. Woulfe an fhoirm dá shloinne atá ar an leathanach teidil.

Sa Chreatalach i bparóiste Áth an tSléibhe i gContae Luimnigh a rugadh Pádraig ar 27 Márta 1872. Deir Proinnsias de Priondargást in Anois 10-11 Feabhra 1996 gur scríobh Caitríona Cíosóg as an gCreatalach Thiar, Mainistir na Féile, tráchtas air in 1990. Deir sise gur ar 9 Márta 1872 a rugadh é. Séamus a bhí ar a athair. Feirmeoir ba ea é. Ba í Honora Maher a mháthair. Cainteoirí dúchais Gaeilge an lánúin sin ach gan léamh ná scríobh na teanga acu. Dhealródh sé gur le Béarla a thóg siad Pádraig ach deirtear go raibh spéis aige sa Ghaeilge go hóg ina shaol agus go mbíodh sé ag breacadh focal i leabhar nótaí. Fear gaoil leis ba ea an seanchaí Risteard Éamonn de Bhulbh a rugadh in 1825, agus bhí cuid mhaith seanchainteoirí san áit agus Pádraig ag fás suas. Deir de Priondargást freisin, agus údarás Risteáird Uí Fhoghludha aige leis (in Tadhg Gaedhlach, 1929), go raibh seanaint le Pádraig pósta ar mhac dearthár le Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin. Tar éis bunscolaíochta sa Chaisleán Nua Thiar d’fhreastail sé ar Choláiste Íde sa bhaile sin agus chaith sé na blianta 1889–91 i gColáiste Mhainchín i Luimneach. Nuair a bheartaigh sé ar bheith ina shagart cuireadh go Coláiste na nGael sa Róimh é ach ní raibh sé ag fáil na sláinte ansiúd. Bhí air teacht abhaile in 1894 agus arís in 1896, agus chuaigh sé isteach i Maigh Nuad i bhfómhar 1896. Ann a oirníodh é ar 19 Meitheamh 1898. I Wigan, Lancashire, a bhí an chéad phost aige agus bhí sé i Sasana go bhfuair sé post séiplínigh i bparóiste Naomh Mainchín i Luimneach in 1902. Bhí dualgais sagairt le déanamh aige i dTeach na mBocht ansiúd. Ó 1904 go 1926 bhí sé i gCill Mocheallóg – bhí sé ina ionadaí thar ceann Chraobh Chill Mocheallóg ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge in 1907 agus comhthoghadh ina bhall den Choiste Gnó é (An Claidheamh Soluis 17 Deireadh Fómhair 1908). In 1926 ceapadh é ina shagart paróiste sa Cheapach. Ann a d’éag sé ar 3 Bealtaine 1933.

An t-alt ‘The Muls and the Gils’ a scríobh an tAthair Eoghan Ó Gramhna in 1898 in Irish Ecclesiastical Record a spreag a spéis sna hainmneacha pearsanta an chéad lá. Thosaigh sé ag ‘bailiú’ sloinnte i measc na gcainteoirí dúchais i Sasana. I dTeach na mBocht i Luimneach bhí ar a chumas leanúint leis an obair, tharla cainteoirí dúchais ó bhaill ar fud na Mumhan ann. Théadh sé ar saoire go dtí na ceantair Ghaeltachta gach samhradh, agus fiú go hAlbain in 1905. Foilsíodh Sloinnte Gaedheal is Gall: Cuid a 1 an bhliain dár gcionn. In 1923 foilsíodh Irish names for children a bhí ar an leabhar ab údarásaí ar na hainmneacha pearsanta gur foilsíodh Gaelic personal names (1981) le Donnchadh Ó Corráin agus Fidelma Maguire.

Bhí eolas aige ar chuid de theangacha na Mór-Roinne, ar an Iodáilis go háirithe, agus in 1932 d’éirigh leis aistriúchan ar I promessi sposi le Alessandro Manzoni a chríochnú, deirtear. Ní léir gur foilsíodh é. Deirtear go raibh sé ag aistriú freisin scéalta Béarla a scríobh sagart ón gCeapach, an tAthair Ó Cearbhaill. Scríobh sé aistí in Wexford and South East of Ireland Archaeological Society Journal, Irish Book Lover, North Munster Archaeological Society Journal, Catholic Bulletin.

Tá an cuntas is faide ar a bheatha is a shaothar in Irisleabhar Mhuighe Nuadhad 1934. In Inniu 6 Márta 1953 maíodh gaol i bhfad amach a bheith aige le Theobald Wolfe Tone.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú