Ba é a thiomsaigh Sloinnte na hÉireann: Irish surnames (de Bhulbh 1997). Cé nach féidir a mhaíomh gur leabhar é atá ar aon chéim taighde ná eolais le saothar Éamoinn Mhic Giolla Iasachta, ní miste a thuairimiú go bhfuil sé níos úsáidí agus níos inléite ná é ag formhór na ndaoine sin a bheadh ag cuardach eolais faoi shloinnte. Sa réamhrá is é a deir de Bhulbh: ‘Tá an cur síos seo ar na sloinnte bunaithe, den chuid is mó, ar shaothar bheirt fhear: an tAthair Pádraig de Bhulbh (1872–1933) agus an Dochtúir Éamonn Mac Giolla Iasachta (1887–1986).’ I Mainistir na Féile, Co. Luimnigh, a rugadh an t-údar seo ar 22 Meán Fómhair 1922. Bhí a mhuintir gaolmhar leis an Athair Pádraig Woulfe úd ba thúisce a bhailigh agus a mhínigh sloinnte na hÉireann. Ba iad Maurice James Woulfe agus Sarah McCarthy a thuismitheoirí. Tar éis bunscolaíochta in Springmount, Mainistir na Féile, Co. Luimnigh, cuireadh meánoideachas air i gcoláiste príobháideach Ghearóid Naofa in aice le Bré, Co. Chill Mhantáin. Le hinnealtóireacht a chuaigh sé i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. I ndiaidh dó cáilíocht a bhaint amach d’oibrigh sé i Londain agus in Albain agus bhí i measc na nInnealtóirí Ríoga sa Chéinia. D’fhill sé ar Éirinn in 1956. Bhí sé fostaithe ag Bardas Bhaile Átha Cliath ar dtús agus ina dhiaidh sin ag Comhairle Contae Chiarraí agus ag Comhairle Contae Luimnigh. Chuaigh sé amach ar pinsean in 1987.

Bhí sé ina chathaoirleach ar Chraobh Luimnigh de Chonradh na Gaeilge i rith na 1970idí agus bhí de mheas ag na baill air gur ainmnigh siad deontas oideachais as. Bhí an Rúisis agus an tSvahaílis ar na teangacha a bhí aige. I mí Dheireadh Fómhair 2008 foilsíodh úrscéal gairid dá chuid: Síth agus eísíth, a bhaineann leis na blianta trioblóideacha 1558–83 i Luimneach agus leis an seanchóras Gaelach a bheith i ngleic le fórsaí míleata Shasana. In 1956 phós sé Mary Murphy (d’éag 2005) agus bhí triúr iníonacha acu agus beirt mhac. D’éag sé ar 7 Feabhra 2009 agus bhí cuntas ar a shaol in The Irish Times 13 Meitheamh 2009 go gairid ina dhiaidh sin.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú