Gheofar cuntas ar an bpolaiteoir seo in The Magill Book of Irish Politics…, 1981 le Vincent Brown (i gcomhar le Michael Farrell). Bhí sé ina Aire Gaeltachta 1957-59 agus arís nuair a bhí an aireacht sin ceangailte leis an Aireacht Tailte 1967-68. Bhí sé ina Aire Dlí agus Cirt 1968-70. Toghadh é i ngach toghchán idir 1938 agus 1969 agus chaill a shuíochán i 1973. Ní mhaítear go ndearna sé aon ghaisce mór ar son na teanga. I Ros in aice le Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo, a rugadh ar 25 Nollaig 1912 an seachtú mac seo le Bryan agus Ellen Moran. Bhí cleachtas aturnae aige i gCaisleán an Bharraigh. Bhí sé pósta ar Madge Sweeney as Acaill agus bhí iníon agus beirt mhac acu. D’éag sé ar 7 Bealtaine 1983.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú