Ó MÓRÁIN, Micheál (1912-1983) Micheál Ó MÓRÁIN 1912 1983 An Ros, Co. Mhaigh Eo Fir. Teachta Dála [B9] polaiteoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Gheofar cuntas ar an bpolaiteoir seo in The Magill Book of Irish Politics…, 1981 le Vincent Brown (i gcomhar le Michael Farrell). Bhí sé ina Aire Gaeltachta 1957-59 agus arís nuair a bhí an aireacht sin ceangailte leis an Aireacht Tailte 1967-68. Bhí sé ina Aire Dlí agus Cirt 1968-70. Toghadh é i ngach toghchán idir 1938 agus 1969 agus chaill a shuíochán i 1973. Ní mhaítear go ndearna sé aon ghaisce mór ar son na teanga. I Ros in aice le Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo, a rugadh ar 25 Nollaig 1912 an seachtú mac seo le Bryan agus Ellen Moran. Bhí cleachtas aturnae aige i gCaisleán an Bharraigh. Bhí sé pósta ar Madge Sweeney as Acaill agus bhí iníon agus beirt mhac acu. D’éag sé ar 7 Bealtaine 1983.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »