MAC MEANMAN, Liam (1913–1991)
Le caoinchead ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Tá cuntas iarbháis in Donegal Democrat 4 Iúil 1991, cuntas gairid in Donegal Annual, 1991, agus tá cuntas ar an tréimhse a chaith sé ag bailiú béaloidis do Choimisiún Béaloideasa Éireann ag Séamas Ó Catháin in Béaloideas 60-1, 1992-3. I Móinín na hEasrach, i gceantar Ghleann Fhinne, Co. Dhún na nGall, a rugadh é 9 Lúnasa 1913 do William McMenamin, feirmeoir, agus Catherine Diver (taifead beireatais). Cuireadh bunscolaíocht air i scoil náisiúnta sa Bhrocaigh. I gColáiste Adhamhnáin, Leitir Ceanainn, bhuaigh sé scoláireacht go dtí an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. An léann Ceilteach a bhí ar siúl aige agus bhuaigh sé scoláireacht Theach an Ardmhéara. Cháiligh sé mar bhunoide i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Ba dhuine dá léachtóirí ollscoile, Séamus Ó Duilearga, a mhol dó in 1933 béaloideas a bhailiú ina cheantar féin. Anuas go dtí Bealtaine 1934 rinne sé rud air. Nuair a bunaíodh Coimisiún Béaloideasa Éireann in 1935 d’fhéach Ó Duilearga chuige gur fostaíodh Liam mar bhailitheoir. Níor chaith sé ach an dá bhliain sa phost ach shiúil sé cuid mhaith den chontae. Deir Ó Catháin: ‘Suas le 10,000 leathanach lámhscríbhinne a tháinig óna pheann agus ní bréag ar bith a rá gur éirigh le Liam Mac Meanman sciar mór den dúchas s’aige féin, an dúchas Conallach, a shábháil agus é sin uilig in achar gearr chúpla bliain.’ Chaith sé an chuid eile dá shaol oibre ag múineadh i bhFánaid, i nGleann Daoile, i nDroim Eochaille agus ar deireadh ar an Fhál Charrach. Bhí sé ar bhunaitheoirí Chumann Staire Dhún na nGall agus scríobhadh ailt in Donegal Annual. Scríobh sé stair Ghleann Fhinne. D’éag sé 1 Iúil 1991 agus tá sé curtha i nGleann Fhinne. Bhí sé pósta ar Kitty Carr agus bhí mac agus iníon acu.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú