Scéalaí agus amhránaí. Tugann Seosamh Watson cuntas uirthi in Béaloideas 2001. Ba as ceantar na gCruach Gorm, Co. Dhún na nGall, di agus rugadh í 22 Deireadh Fómhair 1906. Ba iníon í le Anna Ní Eilfeartaigh agus Mícheáil [Micí Mór] Mac An Luain, fear a raibh iomrá mar amhránaí air. Cailleadh an mháthair nuair nach raibh Máire ach trí mhí d’aois agus phós an t-athair an athuair. Níor réitigh an cailín óg leis an leasmháthair agus chuaigh chun cónaithe lena máthair mhór, Neansaí Ní Eilfeartaigh, sa Chlochar Thoir i gceantar Mhín na Sróna. Deir Watson: ‘Bean ghlúine a bhí sa mháthair mhór agus stór de sheanchas na háite aici, rud a chuaigh i bhfeidhm go mór ar Mháire ó aois linbh.’ Phós sí Pádraig Ó Maí (‘Paidí an Bháirseora’) i 1926 agus, toisc gur mhaor abhann [báirseoir] é, is anseo is ansiúd a bhí siad sula bhfuair siad teach i mBaile Uí Chiaragáin. Bhí mac amháin agus seisear iníonacha acu. Ba scéalaí maith Pádraig agus bhailigh Liam Mac Meanman ábhar uaidh. Bhailigh Séamas Ó Catháin agus Seosamh Waston idir scéalta agus amhráin ó Mháire. ‘Níl aon amhras ach gur aithin sí tábhacht mhór na hoidhreachta a fágadh aici ó dhúchas agus bhí sí féin agus a teaghlach forbháilteach, fial le gach duine dár tháinig á fiosrú riamh.’ D’éag sí 4 Eanáir 2001.
Diarmuid Breathnach
Máire Ní Mhurchú