MHIC A’ LUAIN, Anna (1882–4?–1953)
Le caoinchead ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Mac Rí Éirinn... / Cumhdachaí

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00
CBÉ CT0091 M0405a,b. Le caoinchead Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Murab é Coimisiún Béaloideasa Éireann, tá seans an-láidir ann nach gcluinfí iomrá ar Anna Bean Mhic a’ Luain taobh amuigh dá pobal ná dá ceantar féin riamh. Mar aon leis sin, is dóigh nach mbeadh tuairisc dá laghad ar an ábhar shaibhir, ilghnéitheach seanchais a bhí ina cuimhne aici, ábhar a roinn sí go fial le bailitheoirí an Choimisiúin, Liam Mac Meanman ar dtús, agus Seán Ó hEochaidh ina dhiaidh sin. Chaith Seán mórán ama léi agus ba é siúd thar aon duine eile a thabhaigh clú di mar údar Gaeilge, scéalaí, seanchaí, ceoltóir agus mar shiombail de sheansaol meánaoiseach a bhí ag imeacht as go tiubh i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda go háirithe. Thugadh seisean cuairteoirí chuig a teach beag ceann tuí i gCruach Thiobraide go gcluinfeadh siad a cuid scéalta agus a cuid seanchais.

I gCruach Thiobraide, sna Cruacha Gorma, i bhfocheantar Thaobh an Locha, i mbarúntacht Bhaollach, a rugadh Anna John Chiot Nic a’ Bhaird. Níl dáta ná bliain chinnte bhreithe ar fáil di, nó níl aon pháiste girsí i gclár na mbreitheanna i gCo. Dhún na nGall a bhfuil na sonraí ceannann céanna aici is a bhaineann d’Anna. Luann Seán Ó hEochaidh gur sé bliana is trí fichid a bhí sí san alt ‘Tomhasannaí ó Thír Chonaill’, a foilsíodh in 1949 in Béaloideas, aois a d’fhágfadh gurb í 1883 nó 1882 bliain a breithe. De réir a teastais báis, bhí sí aon bhliain déag is trí fichid nuair a shíothlaigh sí ar Lá Fhéile Stiofáin in 1953, aois a chuirfeadh in iúl gur in 1882 a tháinig sí ar an tsaol. Os a choinne sin, deirtear ar a teastas pósta gur bliain agus daichead a bhí slánaithe aici ar an 30 Iúil 1925, figiúir a d’fhágfadh 1884 nó 1883 mar bhliain bhreithe. I ndaonáireamh na hÉireann 1901, cuirtear síos di gur Anne ab ainm di agus go raibh sí seacht mbliana déag d’aois, dáta a thugann 1884 nó 1883 fosta. Is minic gan sna haoiseanna sa daonáireamh ach buille faoi thuairim agus tá a shliocht sin ar an dáta seo mar go ndeirtear go raibh sí bliain is fiche i ndaonáireamh 1911. I ndaonáireamh na bliana 1901 fosta, deirtear go raibh sí in aontíos lena hathair, John (60), a máthair, Mary (60), agus a deartháir Charles (22). Díol suime gur Gaeilge amháin a bhí ag an cheathrar seo, agus nach raibh léamh (ná scríobh is cinnte) ag aon duine acu. Tá an scéal amhlaidh in 1911 ach go raibh a máthair Máire (Mary) ar shlí na fírinne agus mac eile, John, sa teach chomh maith le Charles agus leis an athair. Pósadh Anna agus Seán Mac a’ Luain ar a chéile in 1925. Bhí sé sa seanchas áitiúil ag na fidléirí Vincent agus Jimmy Campbell gur cumadh port don lánúin ar a mbainis, darb ainm ‘Mac Eoghain Sheáin agus Níon John Chiot’. Is port é sin a bhfuil eolas air agus a sheinntear go dtí an lá inniu. Ní raibh aon mhuirín orthu.

Bhí blianta na scolaíochta curtha di go maith ag Anna faoin am ar oscail Scoil na gCruach in 1907, agus is dócha gurbh é sin cuid den chúis nár éirigh léi léann ar bith foirmiúil a fháil. Cibé fáth a bhí leis, níor fhág a heaspa léinn gan eolas agus gan tuiscint í, rud a fíoraíodh ar ball nuair a tháinig na bailitheoirí chun na háite. Ní cosúil gur ghlac Anna aon pháirt i mBailiúchán na Scol cé go bhfuil bailiúchán saibhir ábhair ar fáil ón scoil sin. Ach taca an ama chéanna (1936) a thosaigh Liam Mac Meanman ag bailiú san áit, agus níorbh fhada ann é nó gur chuir sé aithne ar Anna mar bhean a raibh spéis ar leith aici sa bhéaloideas agus fonn uirthi a cuid eolais a roinnt. Bhailigh Liam ábhar uaithi agus is dóigh gurbh é a thug an leid do Sheán Ó hEochaidh gurbh fhiú triall uirthi lena cuid ábhair a fháil uaithi. Is léir, mar sin féin, ó dhialann Mhic Meanman gur bhuail sí le Séamus Ó Duilearga nuair a thug seisean cuairt ar an cheantar. Seo cuid den méid a deir sé fúithi ina dhialann dar dáta 8 Feabhra 1936: ‘Thanaic Anna Nic Luain isteach agus chuir sí cupla cionn [scéalta] eile isteach. Tá sí seo go h-iontach ag amhráin – scríobh mé suas le scór acu uaihi. San áit seo roimhe seo gnidhead siad a gcuid damhsa le portaidheacht. Tá Anna Nic Luain maith a portaidheacht’ (CBÉ 295: 81; ar fáil anseo).

I mí na Bealtaine 1947, corradh agus deich mbliana i ndiaidh do Mhac Meanman a bheith sa cheantar, a d’éirigh le Seán Ó hEochaidh a dhul ann agus tosú ar an bhailiúchán. Bhí Anna ar dhuine díobh siúd ar thriall sé uirthi go minic agus bhailigh sé neart de gach cineál ábhair uaithi. Bhí seanscéalta agus seanchas aici, amhráin, tomhaiseanna agus go leor eile nárbh iad. Ní raibh an tsláinte go maith aici, agus d’fhág sé sin nach raibh sí ábalta a bheith ag obair taobh amuigh. Buntáiste a bhí san easláinte sin do Sheán Ó hEochaidh agus chiallaigh sé sin go dtiocfadh leis cuairt a thabhairt ar Anna i gcaitheamh an lae, rud nach raibh ar a chumas a dhéanamh le mórán eile a mbíodh orthu a bheith ag obair an t-am sin. I rith Iúil, Lúnasa, agus tús Mheán Fómhair 1947, bhíodh Seán ar cuairt go minic aici agus tálach ina lámh ón scríbhneoireacht ag deireadh an lae. Seo mar a chuir sé síos uirthi ar an 8 Lúnasa 1947:

Bhail, chaith mé an lá indiú mar na laethe eile a scríobhadh ins a’ teach i gCró Leac agus tráthnóna siar go Cruaich Thoibrid chuig Anna. De réir mar tchím Anna, sílim nach féidir deireadh a fhagháil uaiche. Sé’n rud a chuireann sí in mo chionn tobar a bheadh ag gabhail tirm i dtriomlach mór samhraidh. Is gráthach go mbíonn a leithéid tirm i gcomhnuidhe ag gabhail ó sholas dó ach nuair a rachas tú arais chuige ar maidin béidh an braon céadna ann a bhí ann an mhaidin roimhe sin. Agus ar ndóiche tá rud eile ar Anna agus is annamh a thig duine trasna ar dhuine d’a galar, ní maith léithe deireadh a thabhairt uaiche le chéile. Ní thig liom a rádh i gceart caidé’n fáth atá aicí le seo a dheánamh agus tá fhios agam rud amháin, agus ’sé sin gur mhaith léithe cuideachta na ndaoiní a bheith a’ tarraingt ar an teach aicí nó, mar chuireann sí fhéin é, ‘Sé mo chorr-aiteas an teach a bheith lán ó chúl go doras!’ Tá sin ar chionn de na h-ádhbhair gur mhaith léithe mé a bheith ag gabhail ’un toighe go minic. (CBÉ 1289: 242–3)

Bhí sí chomh cleachtaithe sin lena chuid cuairteanna gur tháinig cumha uirthi agus deora lena grua nuair a d’inis sé di go mbeadh sé ag imeacht ar laethanta saoire ar feadh míosa i mí Mheán Fómhair. Ach d’fhill sé ar ais arís ar Anna agus choinnigh sé ag bailiú uaithi i rith na mblianta 1948 agus 1949. Dálta go leor tithe nach raibh páistí óga ann, ionad rialta cuartaíochta a bhí i dteach Mhic a’ Luain, agus luann Seán Ó hEochaidh gurbh annamh nach mbíodh daoine as an áit istigh aici, ó liath go leanbh. Deir sé go raibh dhá dhuine is fiche ann oíche gheimhridh amháin in 1947 agus gur éirigh le hAnna tae a thabhairt don iomlán, in ainneoin soláthairtí a bheith gann! De bharr gur fostaí de chuid Choimisiún Béaloideasa Éireann é Seán agus go mbíodh sé i dteagmháil go rialta le Baile Átha Cliath, is minic a thagadh cuairteoirí idirnáisiúnta chuige agus iad ag iarraidh blaiseadh a fháil de shaol na Gaeltachta agus de nádúr an bhéaloidis. Ar an duine is tábhachtaí acu seo bhí Heinrich Wagner, an tEilvéiseach a raibh suim as cuimse aige i gcanúineolaíocht na Gaeilge. Ba chairde móra iad Wagner agus Ó hEochaidh agus d’éirigh leis ‘Seanchainnt na gCruach’ a fhoilisiú in Zeitschrift für celtische Philologie in 1962. Ach níorbh é Wagner amháin a tháinig. I gcuntas báis a foilsíodh in The Derry People in 1954, luaitear an liosta seo de dhaoine as tíortha thar lear a raibh aithne acu uirthi ar bhealach amháin nó ar bhealach eile: Alex Liffner (iriseoir Sualannach), Einar Ol Svenson (ollamh in Ollscoil Reykjavík), agus údar an leabhair Irland: Heimat der Regenbogen – an Gearmánach A. E. Johann Wöllschlager – a chuir pictiúr Anna ar chlúdach an leabhair agus a thiomnaigh caibidil iomlán di ann.

Mír is fiche dá cuid atá i gcló ag Áine Ní Dhíoraí sa chnuasach a chuir sí in eagar Na Cruacha: scéalta agus seanchas. Tá staidéar déanta ag Pól Ó Seachnasaigh ar thríocha scéal as na Cruacha Gorma ina thráchtas dochtúireachta ‘Eagrán de na scéalta béaloidis a bhailigh Seán Ó hEochaidh sna Cruacha Gorma 1947–48’. Tá roinnt ábhair uaithi i gcló in Síscéalta ó Thír Chonaill agus in The Field Day Anthology IV fosta. Níl sna hanailisí seo ach an chéad bhriseadh den ghort mhór taighde is dual do shaothar Anna Mhic a’ Luain agus beifear ag cur leo de réir a chéile.

A bhuíochas don digitiú atáthar a dhéanamh ar ábhar béaloidis le blianta beaga anuas, is féidir éisteacht le glór Anna ag aithris scéil a bailíodh uaithi sa bhliain 1948 do Choimisiún Béaloideasa Éireann thuas. Ag deireadh an taifeadta sin, tráchtann sí ar na cruinnithe sníomhacháin a bhíodh ag cailíní na gCruach fadó a dtugtaí an ‘camp’ mar ainm orthu. Canann sí blúire beag as amhrán den chineál a dtugtaí ‘cumhdachaí’ orthu – chumtaí an téacs ar an spota agus luaití cailín a bhí sa chruinniú le buachaill áitiúil. Tá alt taighde ag Ríonach uí Ógáin agus Thérèse Smith ar na hamhráin ócáideacha saothair seo dá cuid. De bharr na drochshláinte ní raibh sé de neart ag Anna i gcónaí ceol a chur lena cuid amhrán, ach bhí na míreanna seo ar na cinn ar chuir sí guth leo. Tá grianghraif agus líníochtaí a rinne Simon Coleman in 1949 le fáil ar an suíomh www.duchas.ie mar aon le scéalta a bhailigh Liam Mac Meanman uaithi. Chraol Ian Lee ábhar eile fuaime le hAnna i gCartlann RTÉ sa tsraith raidió Siúlach Scéalach. Murab ionann agus cláir eile sa tsraith, níl an t-ábhar sin ar fáil mar phodchraoladh faoi láthair, ach tá seans maith ann go gcuirfear ar fáil arís é.

Lillis Ó Laoire

Leabhair

Ailt

Eile

  • An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Cnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (CBÉ).
  • Daonáireamh na hÉireann, 1901 agus 1911. Ar fáil ag: http://www.census.nationalarchives.ie.
  • Lee, I. Cumarsáid phearsanta, 17 Aibreán 2020.
  • Ó Seachnasaigh, P. (2012) ‘Eagrán de na scéalta béaloidis a bhailigh Seán Ó hEochaidh sna Cruacha Gorma 1947–48.’ Tráchtas Ph.D. Ollscoil Mhá Nuad. Ar fáil anseo.