Scríobh Labhrás Breatnach scéal a bheatha, An Pluincéadach, 1971 ach is beag atá ann i dtaobh na hoibre a rinne sé i gCumann Buanchoimeádta na Gaeilge. Gheofar cuntas air sin i leabhar Mháirtín Uí Mhurchú faoin eagraíocht sin a fhoilseofar go luath. Ba dhuine é den triúr clann ag Patrick Plunkett agus Elizabeth Noble agus rugadh é ar 3 Nollaig 1851 ag 1 Sráid Aungier, Baile Átha Clíath, mar a raibh gnó leathair ag a athair. Bhí ag teip ar ghnó an leathair i gcoitinne agus chuir an t-athair tús le gnó tógála agus tithíochta. Bhog an teaghlach go dtí 14 Bóthar Bhaile Phámar roimh 1871. Fuair an bheirt leanaí eile bás go luath ina saol. Bhí a mhuintir chomh saibhir sin go raibh ar a gcumas George agus a mháthair a chur a lonnú tamall in Nice na Fraince agus go ceann ceithre bliana is ann a bhí sé ar scoil. D’fhoghlaim sé teangacha na háite, Fraincis agus Iodáilis. Bhí sé ina dhiaidh sin i Scoil na nOblátach i Sráid an Mhóta Uachtaraigh, Baile Átha Cliath, agus i gColáiste Choill Chluana Gabhann. Chaith sé trí bliana le hiriseoireacht sula ndeachaigh sé isteach i gColáiste na Tríonóide in 1872. D’fhág sé an ollscoil tar éis dhá bhliain agus chuaigh arís le hiriseoireacht. Glaodh chun an bharra é in 1886. Rinne an Pápa Leon XIII cunta de ar 4 Aibreán 1884 i ngeall ar chabhair a thug sé d’ord na Siúracha Gorma. Chláraigh sé mar bhall de Chumann Buanchoimeádta na Gaeilge in 1884. Tuairim an ama seo freisin a thosaigh a dhúspéis i gcúrsaí ealaíne agus ársaíochta. Bhí sé ar ball ina Stiúrthóir ar Ard-Mhúsaem na hÉireann (1907–16) agus ina uachtarán ar an Royal Society of Antiquaries of Ireland. Mac leis ba ea Joseph Mary Plunkett (1887–1916). Toghadh é ina fheisire i Ros Comáin Thuaidh i 1917 le cabhair Shinn Féin agus bhí ina Aire Gnóthaí Eachtracha sa Chéad Dáil. Bhí sé in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh agus níor ghlac sé a shuíochán sa Dáil 1922–27. Scríobh sé roinnt leabhar i dtaobh cúrsaí ealaíne. Bhí sé pósta ar Sheosaimhín Nic Bhranaigh (Cranny) agus rugadh seachtar leanaí dóibh idir 1886 agus 1897. Phós Geraldine Tomás Diolún; phós Philomena Diarmaid Ó Laoghaire agus mac leosan an scannánaí Colm Ó Laoghaire; bhí cáil an phoblachtánachais ar Sheoirse (d’éag ar 21 Eanáir 1944) agus ar Jack (d’éag 1962). Fuair an Cunta bás ar 12 Márta 1948 agus cuireadh é i nGlas Naíon.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú