Ba é an duine ba shine é den chlann ceathrair a bhí ag John Dillon agus Elizabeth Sullivan. In Inis Crabhann, Co. Shligigh, a rugadh é ar 15 Eanáir 1884. Bhí siopa agus gnó i mBéal an Átha ag a athair arbh uncail dó an tÉireannach Óg, John Blake Dillon. Ba iníon í máthair Thomáis le W. K. Sullivan, Uachtarán Choláiste Ollscoile Chorcaí.

Chuaigh Tomás go dtí an scoil náisiúnta agus as sin ar feadh bliana go dtí Coláiste Naithí i mBealach an Doirín. Bhí sé i gColáiste Choill Chluana Gabhann ansin go dtí go ndeachaigh sé isteach i gColáiste na Banríona i gCorcaigh in aois 16 bliana dó. Rinne sé staidéar ar leigheas agus ar na clasaicigh ansin sular luigh sé isteach ar an eolaíocht. Sa cheimic agus san fhisic a bhain sé céim amach i 1904. I 1907 thug Coláiste Ríoga na hEolaíochta i mBaile Átha Cliath céim M.A. dó. Ba é an chéad duine riamh é ar bhronn Ollscoil na hÉireann dochtúireacht san eolaíocht air. Ó 1909 go 1919 bhí sé ina chúntóir ag an Ollamh Hugh Ryan i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. Ceapadh é ina Ollamh le Ceimic i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe i 1919 agus bhí an post sin aige go ndeachaigh sé ar pinsean i 1954.

Bhí baint aige le Ruairí Ó Conchubhair agus le Seosamh Pluincéad sa pholaitíocht agus ba é a bhí ina rúnaí ag Coiste Síochána Tom Kettle le linn Fhrithdhúnadh 1913. Níor ghlac sé páirt ghníomhach in Éirí Amach 1916. Ach bhí sé ina cheimiceoir comhairleach ag an dream a bhí ag déanamh na ngranáidí agus na mbuamaí i Larkfield do Sheosamh Pluincéad. Bhí sé ar dhuine díobh siúd a bhí ag cabhrú leis an bPluincéadach chun pleananna míleata an Éirí Amach a ullmhú. Domhnach Cásca 1916 phós sé Gearóidín Pluincéad, deirfiúr le Seosamh, i Ráth Maonais. Ruairí Ó Conchubhair a sheas leis agus bhí deartháireacha Sheosaimh, Seoirse agus Jack, sa láthair faoi éide na nÓglach. Bhí athair Ghearóidín, an Cunta George Noble Plunkett, as láthair, tharla ar cuairt é chuig baill den chliarlathas ag míniú an Éirí Amach dóibh. I ndiaidh a bpósta chuir siad a rothair in airde ar bharr caib agus isteach leo go dtí an tÓstán Imperial i Sráid Uí Chonaill. Ó nóin Luan Cásca bhí radharc acu ar imeachtaí an lae sa tsráid. Ag 6.00 p.m. tháinig Ruairí Ó Conchubhair chucu le hordú ó Sheosamh Pluincéad dul go dtí a dteach féin i gCearnóg Belgrave, Ráth Maonais.

Ba é Tomás ionadaí Bhráithreachas na Poblachta i Sinn Féin, é ina rúnaí oinigh i 1917 agus ina bhall den choiste gnó ó 1917 go 1922. Cuireadh i bpríosún é in Gloucester i 1918. Ann a d’fhoghlaim sé Gaeilge agus bhí sé ar dhuine díobh sin a thug geallúint gurbh í amháin a labhróidís lena bpáistí. Intuigthe go leor, ní raibh labhairt na teanga go maith aige. Ach choimeád sé an gheallúint agus shíl an iníon ba shine aige go gcuireadh síorlabhairt na droch-Ghaeilge leis an teannas agus le fadhbanna cumarsáide sa teaghlach.

Ba é a chuir tús leis na léachtaí Gaeilge faoin gceimic i nGaillimh agus d’ullmhaigh sé féin agus Vincent Barry téacsleabhar Gaeilge, Ceimic (1950). Ba é céad uachtarán Chumann Cheimicí na hÉireann é. Sa bhliain 1954/5 bhí sé ina uachtarán ar Institiúid Cheimicí na hÉireann. Bhí sé ina údar idirnáisiúnta ar charbaihiodráití agus ar fheamainn agus bhí baint aige le bunú monarcha Atlantic Alginate i mBaile Conaola, Co. na Gaillimhe. Bhíodh sé i gcónaí ag áitiú gur cheart tionscail phróiseáil na feamainne a fhorbairt.

D’aistrigh sé dráma le Gogol go Gaeilge faoin teideal An Coimisinéar. Shuigh sé an dráma in iarthar na hÉireann agus is cosúil go raibh baint an-mhór ag Proinsias Mac Diarmuda sa Taibhdhearc lena fheabhas agus lena ghreannmhaire a bhí sé. Léiríodh é sa Taibhdhearc i 1932 agus in Amharclann na Mainistreach i 1942 agus 1943. Bhí Tomás ar choiste na Taibhdheirce ar feadh tamaill.

Rugadh cúigear clainne do Thomás agus Gearóidín Diolún. Orthusan tá Eilís Dillon, an t-úrscéalaí, agus Michael, iriseoir talmhaíochta. D’éag Tomás Diolún ar 12 Nollaig 1971. Rinne Proinsias Mac Maghnais iarracht ar a chruth is a mhéinn a chur in iúl nuair a dúirt sé go ndéanfadh sé páirt an rí chaoin charthanaigh go togha in aon dráma.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú