In éineacht le Tomás Diolún, Liam Ó Briain, George Thomson, Maighréad Ní Éimhthigh, Eric Mac Fhinn agus beagán eile ceannródaithe, bhí sé ar dhuine d’fhoireann úd Choláiste Ollscoile na Gaillimhe a bhí ó 1929 amach ag cur na Gaeilge chun cinn mar mheán teagaisc. Ag 3 Cnocán Shinéad Íochtarach, Tobar Rí an Domhnaigh, Corcaigh ar 17 Bealtaine 1908 a rugadh Vincent Christopher Barry. Tá cuntas air inSome People and Places in Irish Science and Technology, 1985 in eagar ag Charles Mollan, William Davis agus Brendan Finucane. James Barry, ‘Assistant Superintendent telegraphist’ in oifig an phoist, a athair agus ba í Mary Agnes Stack a mháthair. Ba é an duine ab óige é de sheachtar buachaillí agus ceathrar cailíní. Fuair sé scolaíocht sa Mhainistir Thuaidh ar dtús. Rinne sé staidéar ar cheimic sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhain sé céim amach i 1928 agus ceapadh mar ollamh cúnta don Ollamh Tomás Diolún é i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe i 1929. Bhí an Diolúnach ina údar idirnáisiúnta ar charbaihiodráití agus ar fheamainn. Rinne Barry taighde ar shiúcraí ann agus deir Mollan: ‘His work on sugars at Galway quickly led to the establishment of an industry based on seaweed.’ Monarcha Atlantic Alginate i mBaile Conaola, Co. na Gaillimhe, a bhí i gceist, ní foláir.

I 1943 thug an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Comhaltacht sa Cheimic Orgánach dó, rud a mhol an Medical Research Council of Ireland dóibh i ngeall ar imní Rialtas na hÉireann i dtaobh na heitinne, agus dhírigh sé ar úsáid an cheimiteiripe in aghaidh an ghalair sin a iniúcadh. I 1950 ceapadh é ina stiúrthóir ar shaotharlann nua an MRCI i gColáiste na Tríonóide. Ba é a chuir tús leis an taighde ann ar úsáid na ceimiteiripe in aghaidh na hailse. In Ingenious Ireland, 2002 deir Mary Mulvihill: ‘In the 1940s, a team of Irish scientists began looking for a cure for tuberculosis. They failed in their task, but they did find a cure for leprosy, one that is still recommended by the World Health Organisation’. Vincent Barry a luann sí mar cheannaire na foirne sin.

D’fhoilsigh An Gúm Nótaí cleachta ar an gceimíocht maille le clár anailíse do lucht na céad bhliadhna, 1942 le Uinsionn de Barra agus Ceimic, 1950 le Tomás Diolún agus Uinsionn de Barra. Chuir sé eagar ar Chemotheraphy of Tuberculosis, 1964. Foilsíodh cuntas leis ar an Acadamh Ríoga, The Place of the Academy in contemporary Ireland, 1970. Bronnadh an Boyle Medal air i 1969 agus bhronn Coláiste na Tríonóide Sc.D. oinigh air i 1972. Bhí sé ina uachtarán ar Acadamh Ríoga na hÉireann 1970-73. Bhí sé pósta ar Angela O’Connor agus bhí beirt mhac agus ceathrar iníonacha acu. D’éag sé ar 4 Meán Fómhair 1975.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú