PLUNKETT, George Noble (1851–1948) George Noble PLUNKETT 1851 1948 1 Sráid Aungier, Baile Átha Clíath Reilig Ghlas Naíon, Baile Átha Cliath M Ardscoil na nOblátach, Sráid an Mhóta Uachtaraigh, Baile Átha Cliath Coláiste Choill Chluana Gabhann, Claonadh, Co. Chill Dara Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Teachta Dála [B9] polaiteoir feisire parlaiminte [B9] Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Scríobh Labhrás Breatnach scéal a bheatha, An Pluincéadach, 1971 ach is beag atá ann i dtaobh na hoibre a rinne sé i gCumann Buanchoimeádta na Gaeilge. Gheofar cuntas air sin i leabhar Mháirtín Uí Mhurchú faoin eagraíocht sin a fhoilseofar go luath. Ba dhuine é den triúr clann ag Patrick Plunkett agus Elizabeth Noble agus rugadh é ar 3 Nollaig 1851 ag 1 Sráid Aungier, Baile Átha Clíath, mar a raibh gnó leathair ag a athair. Bhí ag teip ar ghnó an leathair i gcoitinne agus chuir an t-athair tús le gnó tógála agus tithíochta. Bhog an teaghlach go dtí 14 Bóthar Bhaile Phámar roimh 1871. Fuair an bheirt leanaí eile bás go luath ina saol. Bhí a mhuintir chomh saibhir sin go raibh ar a gcumas George agus a mháthair a chur a lonnú tamall in Nice na Fraince agus go ceann ceithre bliana is ann a bhí sé ar scoil. D’fhoghlaim sé teangacha na háite, Fraincis agus Iodáilis. Bhí sé ina dhiaidh sin i Scoil na nOblátach i Sráid an Mhóta Uachtaraigh, Baile Átha Cliath, agus i gColáiste Choill Chluana Gabhann. Chaith sé trí bliana le hiriseoireacht sula ndeachaigh sé isteach i gColáiste na Tríonóide in 1872. D’fhág sé an ollscoil tar éis dhá bhliain agus chuaigh arís le hiriseoireacht. Glaodh chun an bharra é in 1886. Rinne an Pápa Leon XIII cunta de ar 4 Aibreán 1884 i ngeall ar chabhair a thug sé d’ord na Siúracha Gorma. Chláraigh sé mar bhall de Chumann Buanchoimeádta na Gaeilge in 1884. Tuairim an ama seo freisin a thosaigh a dhúspéis i gcúrsaí ealaíne agus ársaíochta. Bhí sé ar ball ina Stiúrthóir ar Ard-Mhúsaem na hÉireann (1907–16) agus ina uachtarán ar an Royal Society of Antiquaries of Ireland. Mac leis ba ea Joseph Mary Plunkett (1887–1916). Toghadh é ina fheisire i Ros Comáin Thuaidh i 1917 le cabhair Shinn Féin agus bhí ina Aire Gnóthaí Eachtracha sa Chéad Dáil. Bhí sé in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh agus níor ghlac sé a shuíochán sa Dáil 1922–27. Scríobh sé roinnt leabhar i dtaobh cúrsaí ealaíne. Bhí sé pósta ar Sheosaimhín Nic Bhranaigh (Cranny) agus rugadh seachtar leanaí dóibh idir 1886 agus 1897. Phós Geraldine Tomás Diolún [B2]; phós Philomena Diarmaid Ó Laoghaire agus mac leosan an scannánaí Colm Ó Laoghaire; bhí cáil an phoblachtánachais ar Sheoirse (d’éag ar 21 Eanáir 1944) agus ar Jack (d’éag 1962). Fuair an Cunta bás ar 12 Márta 1948 agus cuireadh é i nGlas Naíon.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »