‘A handsome young woman with a pale haughty face and an assured carriage. There was pride and temper in the face: the broad intellectual forehead had short downward lines between the brow. But the mouth had a charming smile’. Sin é an cur síos atá ag Charlotte McManus uirthi in White light and flame: memories of the Irish Literary Revival and the Anglo-Irish war, 1929. Ar 25 lúil 1862 a rugadh í i Highfield, Higher Bebington, Chester. George Borthwick, fear gnó (“General merchant” atá ar theastas breithe Norma, cé go luaitear bróicéaracht billí leis ina theastas pósta) a hathair agus ba í Mary Elizabeth MacDonald as Dún Éideann a máthair. Mariella Norma a hainmneacha baiste; ainm cumaisc é ‘Mariella’, é bunaithe ar ‘Mary Elizabeth’. Deartháir dá sin-seanmháthair, Mary Elizabeth eile, an Alan MacDonald ón Oileán Sciathanach in Albain a phós Flora MacDonald. Uncail do Norma ba ea Sir John MacDonald, Lord Kingsburgh, a bhí ina Lord Justice-Clerk ar Albain ó 1888 go 1915. Dar le Irisleabhar na Gaedhilge (Meitheamh 1897) gur neacht í Norma le Sir Algernon Borthwick, an chéad Bharún Glenesk, eagarthóir agus uinéir an Morning Post. Dhealródh go raibh gaol aici leis nuair nár shéan sí an tuairisc sin ach is léir ón gcuntas ar dheartháireacha Lord Glenesk in Lord Glenesk and the Morning Post (1910) nár dheartháir dá hathair é.

Is de réir dheasghnátha na hEaglaise Caitlicí agus Aspalda, a bunaíodh timpeall 1832, a pósadh tuismitheoirí Norma. Rugadh ochtar clainne dóibh, cúigear iníonacha agus triúr mac.

An chéad eolas cinnte fúithi in Éirinn go raibh sí sa láthair i nGaoth Dobhair nuair a díshealbhaíodh tionóntaí ar eastát Olphert. Na sceitsí a tharraing sí ann tá siad le feiceáil i bhforlíonta a cuireadh le United Ireland i nDeireadh Fómhair agus i Samhain 1890. Rinne Liam P. Ó Riain an tagairt seo di in The Irish Literary Revival (1894): “Miss Norma Borthwick who is known as an artist will be remembered by many readers in connection with the exciting episodes in the Land War in Ireland”.

D’fhoghlaim sí Gaeilge ó Thomás Ó Flannghaile sa Southwark Literary Society. Is dó a thoirbhir sí Aibgitir na Gaeilge (1900). Is inspéise gur aithris sí “Laoi Oisín i dTír na nÓg”, a bhfoilseofaí eagrán Thomáis de in 1896, ar 17 Eanáir 1895, an oíche ar cheangail sí le Conradh na Gaeilge i Londain. Chaith sí seal ina cisteoir acu. Tháinig sí os comhair shaol na Gaeilge nuair a ghnóthaigh sí duais ar aiste faoin teideal “Brí na teanga i gcúis na náisiúntachta” ag an gcéad Oireachtas in 1897. “Aodh Rua” an t-ainm cleite a roghnaigh sí. Bhailigh Fionán Mac Coluim an duais thar a ceann. Cearnóg Markham, Chelsea, a seoladh ag an am. Ceapadh í mar rúnaí ag Ard-Choistean Chonartha ag cruinniú 15 Meitheamh 1898. Post deonach a bhí ann. D’éirigh sí as i Mí na Nollag na bliana sin. Cuid dá cúram bainistíocht Irisleabhar na Gaedhilge. Bhuaigh sí duais san amhránaíocht ag Oireachtas 1898. I gcaint raidió a chraol sé i 1958 dúirt Mac Coluim gurbh amhránaí agus ceoltóir í. Um Nollaig 1898 bhí sí ag fanacht leis an mBantiarna Gregory sa Chúil: “Miss Borthwick the Irish scholar who had been giving me lessons in London is staying here and has classes every afternoon in the Gate Lodge, about eight girls and thirty to forty young men alternately, some walking as far as three miles to attend” (Seventy years). Idir shúgradh is dáiríre dúirt sí freisin: “The beginning of modern Irish drama was in the winter of 1898 when Douglas Hyde and Miss Borthwick acted in Irish in a Punch and Judy show”.

Norma agus Torna a chuir eagar ar imeachtaí foilsithe Oireachtas 1898. Comhthoghadh í ina ball den Choiste Gnó in 1899 agus bhí sí ina rúnaí ar Oireachtas na bliana sin. Bhí sí ag cabhrú le hEoin Mac Néill chun An Claidheamh Soluis a thabhairt amach.

Bhí litir ó Liam Ó Maolruanaí i seilbh Dhonncha Uí Shúilleabháin (Feasta, Deireadh Fómhair 1988) i dtaobh Norma agus P. J. McCall mar theachtairí ón gConradh ag Feis Dhún na nGall i Meán Fómhair 1898 agus mar a chuaigh pearsantacht an Easpaig Uí Dhomhnaill i gcion orthu chomh mór sin gur mhaith leo an Craoibhín a dhíbirt agus an tEaspag a chur ina áit. Cuireadh an rud céanna i leith D. P. Moran i 1901. Ag an am sin a rinne sí a portráid den easpag, b’fhéidir.

Thosaigh sí ag múineadh Gaeilge sa Chlochar Doiminiceach i Sráid Eccles ar 7 Deireadh Fómhair 1899. Ní dóigh gur lean sí rófhada sa phost. Bhí cónaí uirthi ag 15 Ascal Windsor, Fionnradharc, ag an am. D’éirigh sí as obair an Choiste Gnó agus as rúnaíocht an Oireachtais i Samhain 1899. Nuair a toghadh aris í i 1901 níor fhan sí ach tamaillín ar an gCoiste toisc gurbh i Leamhcán a bhí si ina cónaí san am. “An Grianán” ab ainm don teach.

Ar Inis Meáin a bhíodh tarraingt lucht ceannais an Chonartha. Bhí Norma sa chathaoir ag cruinniú na bhfear de Chraobh Úna Ní Fhaircheallaigh ann ar 6 Lúnasa 1899. Thug sí aitheasc agus chan sí “Caitheamh an Ghlais”. In aiste a scríobh Dame Columba Butler, deirfiúr Mháire de Buitléar, in Capuchin Annual 1952 luann sí Norma mar dhuine den dream a chaitheadh a laethanta saoire san oileán gach bliain: “... the floor of the Dún is carpeted with short grass and wild flowers and delicate sprays of maiden hair fern are peeping out of the crevices of the rocks . . . Pádraic Pearse is talking earnestly to Norma Borthwick”. Bhí sí féin agus cúpla duine eile ar an gCoiste Gnó in aghaidh an Phan-Cheilteachais i 1900 agus dar le Ruth Dudley Edwards gur ghearáin sí an Piarsach leis an gCraoibhín gur ól sé sláinte na banríona ag giuncán sa Bhreatain Bheag. Buachaill ar Inis Meáin a sceith an scéal do Norma, más fior!

I 1900 bhí sí ina cathaoirleach ar chraobh nuabhunaithe Dhroim Conrach agus sa bhliain chéanna sin a d’fhoilsigh M.H. Gill Aibgitir na Gaeilge ó lámh Norma Bortwick: the Irish Alphabet illustrated by Norma Borthwick, agus a bhunaigh sí féin agus Mairéad Ní Raghallaigh Muintir na Leabhar Gaeilge (The Irish Book Company). 35 Sráid Uach. Uí Chonaill seoladh an chomhlachta ar dtús, 6 Sráid D’Olier ina dhiaidh sin. Ba iad ba mhó feasta a bheadh ag foilsiú leabhair an Athar Peadar Ó Laoghaire. Idir 1900 agus 1913 d’fhoilsigh siad faoin teideal Ceol Sidhe a cnuasach de 96 amhráin i seacht leabhrán. Ar mhaithe le baill Chraobh Ráth Maonais a thug sí faoin obair seo an chéad lá.

Ar 10 Feabhra 1901 tharla rud an-trioblóideach. Cuireadh ina leith sa chúirt gur falsaitheoir a bhí inti. Bhí sí ag teagasc Gaeilge don Dr. Cane, “St.Wolstan’s”, Cill Droichid, agus dúradh gur ghoid sí seic de chuid a mhná agus gur bhris sí é. Tháinig a huncail ó Albain. Tháinig John Dillon M.P. agus thug teistiméaracht charachtair di; chuir sé aithne uirthi i Londain deich mbliana roimhe sin. Agus tháinig scata mór dá cairde chun seasamh léi sa chúirt. Caitheadh amach an chúis. Tá cuntas air sna páipéir go léir agus in Times Londan, fiú. Is cinnte go raibh Norma go maith as sa tsaol agus nár ghá di a leithéid de ghadaíocht bheag amaideach. Deir Charlotte McManus go raibh an tAthair Peadar sa chúirt chun tacú léi.

D’fhoilsigh sí a leabhar teagaisc Ceachta Beaga Gaeilge i 1902. Jack B. Yeats a sholáthraigh na pictiúir. Thug an scoláire ilteangach an tAthair Risteard Ó Dálaigh an moladh seo dá saothar: “With the copy received from you 12 days ago I have taught a person from the alphabet up and the neighbours now gather in in the evenings to listen to this new reader reading Fr. O’Leary’s new catechism and other books in Irish”. Bhí sé ag tagairt gan amhras do Ghaeilgeoir nach raibh léamh ná scríobh na teanga aige.

Is léir go raibh baint mhór aici le foilsiú Séadna. Scríobh an tAthair Peadar chuig Lughaidh Breathnach ar 4 Eanáir 1919: “You are right in what you say about Miss Borthwick. But for that lady I fear the book would not have come out at all ... It was she who collected the scattered fragments of it and put them together ... Of course I had to look carefully through every syllable of the work” (Donegal Annual Iml IV). D’ullmhaigh sí foclóirín le haghaidh an leabhair agus d'aistrigh sí go Béarla é. Sa réamhrá a chuir Liam Mac Mathúna le heagrán 1987 de Séadna deir sé: ‘Is sa bhliain 1916 a tháinig aistriúchán Béarla ar an saothar amach. Is ó láimh Norma Borthwick a tháinig sé seo, dála Foclóir do Shéadna, bíodh nach raibh a hainm le léamh ar cheachtar acu’. I ndeireadh a shaoil d’ainmnigh Ó Laoghaire í mar dhuine dá sheachtar seiceadóirí liteartha.

Bhíodh aistí Gaeilge i gcló aici san iris St.Patrick’s sa tréimhse 1900–1903 faoina hainm cleite “Fear na Móna”. Ina dhiaidh sin dhealródh sé gurbh í obair an chomhlachta amháin a bhí ar siúl aici. Sa bhliain 1912 d’fhoilsigh sí Leourín na leanav, an leabhar dá cuid féin arbh fhiú le hOsborn Bergin an leagan seo sa litriú simplí a ullmhú.

D’fhág sí Éire timpeall 1919 agus níor fhill. Go tobann ní raibh a hainm le feiceáil níos mó i liosta na mball de Chumann na Scríbheann Gaeilge (bhí sí na rúnaí ar roinn na hÉireann den Chumann tráth). Ní raibh fhios ag daoine cén fáth ná cad d’éirigh di. Bhí ráfla gur cúisíodh í mar gheall ar ghadaíocht siopa. Macalla de scanall na seice úd a bhí sa ráfla sin, b’fhéidir.

Bhí sí ina cónaí in Newcastle-on-Tyne lena deirfiúr Grace Hay Borthwick ar feadh tamaill. Chuir siad fúthu i Scalfay san Oileán Sciathanach agus ansin, i ndeireadh na 1920idí, d’aistrigh siad go dtí Cill Bhríde agus bhí cónaí orthu i Kilbride House. Faoin am seo bhí Norma gan urlabhra agus í ina pairilíseach. Bhí an suanghalar forleathan idir 1915 agus 1926. ‘Pandemic’ a bhí ann agus bhí sise i measc na mílte a tholg é. De réir an teastais báis bhí Encephalitis Lethargica uirthi le 16 bliana, Parkinsonianism le sé bliana agus bulbar paralysis le dhá bhliain. Dhealródh sé mar sin gurbh é an suanghalar faoi deara di Éire a fhágáil tuairim 1919. Cailleadh í san áit aoibhinn uaigneach sin Cill Bhríde ar 13 Meitheamh 1934. Tá sí curtha i reilig Chill Mhuire san oileán.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú