Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 24
Tá cuntas ar a shaol timireachta ag Donncha Ó Súilleabháin in Na timirí i ré tosaigh an Chonartha 1893–1927, 1990 agus in Dóchas agus duainéis: Scéal Chonradh na Gaeilge 1922–32 pléann Aindrias Ó Muimhneacháin an pháirt a bhí aige sa ghluaiseacht ó 1920 go 1935. Cathal Brugha a thug isteach i mBráithreachas na Poblachta é i 1912 ··· ‘Cá híonadh, uime sin, é a bheith chomh fuadrach dícheallach is a bhíodh, ar ardáin phoiblí is eile, á áiteamh gur cheart go nglacfaí leis an gConradh réitigh, agus fós é a bheith chomh stuacach neamhghéilliúil is a bhí le Coiste GnóthaChonradh na Gaeilge an uair ab eagal leo siúd go dtarraingeofaí isteach sa tranglam iad de dhroim oifigeach tuarastail dá gcuid— a nArd-Rúnaí féin—a bheith sáite san aighneas agus gan é á chur in iúl nach ar son Chonradh na Gaeilge a bhíodh sé ag caint ?’ (Dóchas agus duainéis ...). I léirmheas ar Michael Collins and the Brotherhood., 1998 le Vincent MacDowell deir Pádraig Ó Snodaigh (Books Ireland, Samhain 1998): ‘Similarly the winding up of what is called the “Free State branch of the IRB” in December 1924 is dealt with too briefly, including a reference to Seán Ó Murthuile being given money to write the organisation’s history
Um Nollaig 1920 cheap Conradh na Gaeilge é ina rúnaí dúiche i gContae an Chláir agus sa mhéid sin de Chontae Thiobraid Árann ó Dhurlas ó thuaidh—fairche Chill Dálua a deirtear uaireanta—ach bhí sé i bpríosún ag an am (Dóchas agus Duainéis: scéal Chonradh na Gaeilge 1922-1932 le hAindrias Ó Muimhneacháin)
Ach in Dóchas agus duainéis: scéal Chonradh na Gaeilge 1911-1932, (c.1975) scríobh sé go ndúirt ‘cara agus dalta’ le Mac Neacail leis: ‘Níor cuireadh mórán fáilte roimhe, de réir mar a thuigim an scéal’. Bhí obair an-ghann i Sasana tuairim 1932 agus cuireadh na ‘Dole schools’ ar bun chun oideachas a thabhairt d’ógánaigh dhífhostaithe
Deir Aindrias Ó Muimhneacháin in Dóchas agus duainéis: scéal Chonradh na Gaeilge 1922-1932, (1975): ‘I rith na bliana 1925-26 tháinig chun an Chonartha £1,000 den tiomnacht
Deir Aindrias Ó Muimhneacháin in Dóchas agus Duainéis: scéal Chonradh na Gaeilge 1922-1932 gur chun cibé olc a bhí curtha ag Fáinne an Lae ar dhaoine, faoi eagarthóireacht Shéamuis Uí Ghrianna[B2], a chur i ndearmad a cinneadh ar an teideal a athrú
Is mar seo a mhíníonn Aindrias Ó Muimhneacháin scéal na hAireachta Oideachais i rith na tréimhse seo inDóchas agus duainéis: ‘Ba é an tOllamh Micheál Ó hAodha Aire Oideachais na Dála, ach ba é Fionán Ó Loingsigh[B4] Aire an Rialtais Shealadaigh, agus, bíodh nach dealraitheach gur déanadh aon idir­dhealú ró-fhoirmiúil idir cúraimí na beirte seo Airí, glacadh leis gur faoi Fhionán Ó Loingsigh a bhí cúrsaí bunoideachais agus gur faoin Ollamh Ó hAodha a bhí an meánoideachas
In Dóchas agus duainéis: scéal Chonradh na Gaeilge 1922-1932 deir Aindrias Ó Muimhneacháin gur shochraigh Mac Giolla Bhríde[B2] nach rachadh sé ar aghaidh mar uachtarán ar an gConradh i 1933 ‘toisc é bheith ar mhalairt tuairime le formhór an Choiste Gnótha an uair úd i dtaobh Feiseanna áirithe, dála Fheis an Athar Maitiú i mBaile Átha Cliath, a bhíodh á dtionól ar neamhchead do Chonradh na Gaeilge.’ (Ba iad Cú Uladh [Peadar Mac Fhionnlaoich] [B1], a bhí an uair úd ina Thánaiste ar Chonradh na Gaeilge, agus an tAthair Micheál, OFM Cap., Uachtarán Fheis Mhaitiú, na príomhagóidithe san iomarbhá úd)
‘Ba é a mhol sé siúd ach míosachán a dhéanamh feasta den pháipéar, murab ionann is é a bheith ina sheachtanán mar a bhíodh go dtí sin, agus chuir sé in iúl go mbeadh sé féin sásta eagarthóireacht a dhéanamh air, saor in aisce, go ceann tamaill’ (Aindrias Ó Muimhneacháin, Dóchas agus Duainéis
Scríobh sé Dóchas agus Duainéis: Scéal Chonradh na Gaeilge 1922-1932, [1975], leabhar a bhuaigh Comórtas Dhonncha Uí Laoire do shaothar taighde ag Oireachtas 1974; roghnaigh an Club Leabhar an leabhar sin don séasúr 1975-76
Luaitear í i measc na dtimirí a bhí ag obair faoi Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge i 1924 (Dóchas agus Duainéis: Scéal Chonradh na Gaeilge 1922-1932, [1974] le hAindrias Ó Muimhneacháin; Aspail ar son na Gaeilge: Timirí Chonradh na Gaeilge 1899-1923, 1995 le Colm Ó Cearúil)
Tá cuntas aige ar an gcaoi ar cuireadh tús leis an obair sin in Fáinne an Lae, Eanáir 1930 (féach lch 58 in Dóchas agus Duainéis
Tá scéal bhunú na heagraíochta nua inste ag Aindrias Ó Muimhneacháin in Dóchas agus duainéis: Scéal Chonradh na Gaeilge 1922-32 (lgh 145-58)
‘Ghlac sé chuige mar scéim an beart seo agus níor staon dá haltromadh go raibh sé tugtha chun bláthais aige’, arsa Aindrias Ó Muimhneacháin in Dóchas agus duainéis
A líonmhaire atá an sloinne i nDún na nGall, mar a raibh teach saoire aige i gCloich Chionnaola, b’fhéidir nó, rud is dealraithí ná é, gurbh ag aithris a bhí sé ar “Mhac Giolla Phádraig”. Tá cuntas cuimsitheach ag Aindrias Ó Muimhneacháin in Dóchas agus duainéis (1975) ar an tréimhse cúig bliana a chaith sé ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge
Tá cuntas ar an eachtra seo ag Aindrias Ó Muimhneacháin in Dóchas agus duainéis:scéal Chonradh na Gaeilge, 1922-1932
Deir Aindrias Ó Muimhneacháin in Dóchas agus duainéis: “B’amhlaidh a áitíodh air, ar son an réitigh, seasamh sa bhearna ag Comhdháil 1925, mar ba dhuine é nár oscail riamh a bhéal go poiblí i dtaobh pholaitíocht achrainn an trí bhliain roimhe sin
Luann Aindrias Ó Muimhneacháin a shaothar in Dóchas agus duainéis mar shampla ar a fheabhas a bhí ag éirí leis an gConradh sa leath tosaigh de 1922
Seo é an cur síos atá ag Aindrias Ó Muimhneacháin in Dóchas agus duainéis: “Dáiríre, b’é teanga labhartha Chonradh na Gaeilge é i gcaitheamh a sheal oifige uile ina eagarthóir dó, mar bhíodh sé ag an uile chruinniú den Choiste Gnó agus de Bhuanchoiste an Chonartha, agus fios a n-aigne siúd dá réir aige
Ag scríobh dó i dtaobh na tréimhse sin deir Aindrias Ó Muimhneacháin in Dóchas agus duainéis: “Aorthóir thar na bearta, leis, ab ea é, agus ní raibh aon duine dá linn féin, ná ó shin i leith, inchomórtais leis chun fonóide ná chun ula mhagaidh a dhéanamh den duine nó den rud nárbh áil leis”. Ag an am seo a thosaigh sé ag aistriú leabhar don Ghúm
Is dóigh le Aindrias Ó Muimhneacháin (Dóchas agus duainéis) go raibh sé rúnpháirteach ar feadh an ama le ball eile den choiste, an tAthair Lorcán Ó Muireadhaigh, sa tuiscint gur ghairid eile go mbunófaí Comhaltas Uladh. I mbailiú béaloidis, i bhfilíocht Chúige Uladh Theas san 18ú céad, sna hamhráin, sna canúintí agus sna logainmneacha is mó a bhí spéis aige
Dar le hAindrias Ó Muimhneacháin (Dóchas agus duainéis) gurbh é féin agus Pádraig Ó hÓgáin[q.v.], Páirtí an Lucht Oibre ‘fir faire agus lucht labhartha an Chonartha sa Dáil’
Tá tuairisc ‘faoi rún’ a chuir sí chuig Ard-Rúnaí an Chonartha, Proinsias Ó Fathaigh [q.v.] i gcló ag Aindrias Ó Muimhneacháin inDóchas agus duainéis: scéal Chonradh na Gaeilge 1922–1932. I 1928 bhí sí ina rúnaí ar an Ard-Chraobh agus tá an nóta seo fúithi in An Tír, Meitheamh 1928: ‘D’éirigh Caitlín Nic Ghabhann as rúnaíocht na hArd-Chraoibhe tá cúpla mí ó shin le iomlán a cuid ama a thabhairt do Dhia amháin
Luann Aindrias Ó Muimhneacháin an Duibhneach in Dóchas agus duainéis mar dhuine de na timirí a bhí ag obair faoi Dháil Éireann le bliain roimh Fheabhra 1922 ach ní thugann aon tagairt mar fhianaise
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 ‘Fear séimh cneasta cuirtéiseach deá-ionramhálach ab ea é ach é fós go dígeanta dobhogtha nuair ba ghá sin agus dea-mheas dá réir sin ag a chomhpháirtithe agus a chomhchointinnigh air’ Ag scríobh ar a oiriúnaí a bhí sé i bpost Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge a bhí Aindrias Ó Muimhneacháin in Dóchas agus duainéis: scéal Chonradh na Gaeilge 1922–32 ach is dóigh go n-oireann sé mar chur síos ar na cáilíochtaí a bhí aige agus é ina Cheann Comhairle i nDáil Éireann. I nGleann an tSalainn, Cill Chonaicne, Co