Líon alt a aimsíodh: 25
Ba neacht í le Sibéal bean Pheadair Mhic Fhionnlaoich ··· Is inspéise go raibh cáil na hamhránaíochta air, ag cuimhneamh dúinn ar a ghariníon Fionnuala Bean Mhic Lochlainn (Liam Ó Duibhir, Cluain Meala) ··· Bracken agus a mhac Brendan in Comhar, Feabhra 1994 ··· Tá alt ag Séamus Ó Riain in Our Games Annual 1992 dar teideal ‘In quest of Joseph O’Ryan.’ Tá eolas breise ar an athair agus roinnt eolais ar an teaghlach ag Alf Mac Lochlainn, cliamhain Airt, in Tipperary Historical Journal 2002 (‘From Tipperary to Joseph’s Prairie: the story of Joe Ryan, the seventh man in Hayes’ Hotel’) ··· Thosaigh Art ag obair sa Roinn Oideachais i 1913 agus faoi 1923 bhí sé ina rúnaí príobháideach ag an Aire Oideachais, Eoin Mac Néill
I Leeds, Sasana, a rugadh é 17 Samhain 1903; duine é den dáréag a bhí ag Peadar Mac Fhionnlaoich, ‘Cú Uladh’, [B1], oifigeach custaim agus máil, agus Sibéal Ní Uadhaigh ··· Is é an t-aon sampla amháin é d’athair agus mac a bheith sa phost sin ··· Ba é a bhí sa chathaoir ag an gcruinniú de mhuintir na hathbheochana a mhol go mbunófaí ‘mórghluaiseacht neartmhar a chuirfeadh an Ghaeilge gan teip i seilbh chinnte uachtaránachta in Éirinn lenár linn’ (Ar son na Gaeilge ..., 1993 le Proinsias Mac Aonghusa) ··· Ba í Nuala Ní Mhaolthuile a bhean chéile agus bhí iníon agus beirt mhac acu; le Gaeilge a tógadh iad i nDumhach Thrá
Sórt freagra ba ea an chéad cheann ar rud a bhí ráite ag Pádraig Ó Séaghdha(1855-1928) [B1] faoi pholasaí an Uachtaráin Mac Fhionnlaoich i leith Cuba; dearbhaíonn Ó Cathail go raibh fir bhuí i Meiriceá ag cur nuacht Mheiriceá as a riocht agus damnaíonn sé polasaithe na Spáinneach ··· Rinne Alf Mac Lochlainn cur síos ar a shaol agus a shaothar in The Old Limerick Journal, Geimhreadh 1989, cur síos atá bunaithe don chuid is mó ar chnuasach mór dá lámhscríbhinní Gaeilge a chuir a oidhrí chuig Dubhghlas de hÍde [B4] agus a thug seisean don Leabharlann Náisiúnta agus do leabharlann Choláiste Ollscoile na Gaillimhe ··· Deir Mac Lochlainn: ‘In content they are prejudiced, exaggerated and boastful ··· As comhfhreagras leis an gCraoibhín a fuair Mac Lochlainn cuid den eolas atá aige ar shaol Uí Chathail ··· Deir Mac Lochlainn faoin gcuntas sin: ‘So much here too seems to be on the borderline of fact and fiction that we can only conclude by quoting one of our author’s letters to Hyde: “Atá cnámha gach scéil atá scríobhtha agam fírinneach
Peadar Mac Fhionnlaoich agus Eoin Mac Néill agus Seosamh Laoide do chuir le chéile, 1907; Eachtra Aodh Ruaidh Uí Dhomhnaill, 1911; Ciall na sean-ráidhte: Sé sgéalta gearra nuadh-dhéanta, 1914; Conchubhar Mac Neasa, 1914; An Cogadh Dearg agus Scéalta eile, [c.1918]; Scríobhnóirí Móra Chúige Uladh: ó Mhaghnus Ó Domhnaill (1530) go hEaspog Ó Gallchobhair (1750), 1925 ··· Deartháir leis an Micheál Mac Fhionnlaoich (1852–1940) a scríobh an bailéad Béarla ‘Glenswilly’ ··· Deirfiúr leis ba ea an banfhile Bríd Nic Fhionnlaoich (1861–1894) ··· Bhí a mhac Diarmuid ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge sna 1940idí deireanacha ··· Ba é an t-aon sampla amháin é d’athair agus mac sa phost sin
I léirmheas ar a cnuasach dán The four winds of Éirinn in An Claidheamh Soluis 21 Meitheamh 1902 dúirt Peadar Mac Fhionnlaoich [B1]: ‘Tá intinn na mná ba Ghaelaí lem’ linn ó bhun barr sna hocht dánta is trí fichid atá sa leabhar ··· An Dr Diarmuid Ó Mathúna a chuir an t-eolas seo ar fáil faoi Shéamus Mac Maghnuis: gurbh í Catalina Páez ó Veiniséala, gariníon le duine de ghinearáil Bolivar, a phós sé i 1911 agus go raibh beirt iníonacha acu, Mariquita agus Patricia; tar éis bunoideachais i scoil Ghleann Chuach gur ceapadh é ina mhac léinn múinteoireachta sa Mhodhscoil in Inis Ceithleann ··· Thug sé ‘Ruadrí Mac Seagháin’ air féin i nDaonáireamh 1901 agus dúirt gur sa Bhaile Meánach a rugadh é ··· Ní raibh a mhac Séamus sa teach an oíche sin ··· Sa réamhrá a chuir a fear céile Séamus Mac Maghnuis le The Four Winds of Éirinn, 1902 tá an méid seo: ‘For three and a half years these two girls edited the magazine and managed it
Chonaic Peadar Mac Fhionnlaoich [B1] é i 1902; ‘Bhí an píobaire ina shuí go mómhar cois na tine agus d’umhlaíodar dhó, gach uile dhuine dhínn ar dhul isteach dhúinn ··· Deir Mac Fhionnlaoich: ‘Trácht ar an bPíobaire Mhór cha saoilim gur mhúin sé píobaireacht d’aon duine riamh agus is mór an trua é ··· Suíonn sé ina chathaoir chomh díreach le ridire ar dhroim eich agus féachann a shúile dubha dána ar an uile dhuine chomh neamheaglach is a dhéanfadh Oscar mac Oisín’ (‘Thall is abhfus i dTír Chonaill’ in An Claidheamh Soluis 12 Aibreán 1902) ··· ‘Ba mhac é le hÉamonn Rua, a shíolraigh ó Chlann tSuibhne na dTuach, a raibh fuil ríthe ina gcuislí’ (Anois 6–7 Samhain 1993) ··· Tá ginealas mhuintir Mhic Shuibhne siar go hÉireamhóin in Irish pedigrees, le James O’Hart
Níor thuig sé aon chuid den Ghaeilge ón ardán gur labhair Peadar Mac Fhionnlaoich ··· I bhfómhar na bliana sin i mBéal Feirste, agus é fos ina mhac léinn i gColáiste Mhaolmhaodhóg ann, bhí sé i láthair nuair a thug Dubhghlas de Íde léacht ar litríocht na Gaeilge ··· Bhí sé cairdiúil ann go háirithe le Seoirse Mac Fhlannchaidh, Tom Kettle agus Con Curran ··· Phós Scán Mac Giollarnáth deirfiúr le Máire ··· Sa teach sin ar Aoine Chéasta 1916 a bhí an cruinniú cinniúnach úd ag Eoin Mac Néill le Tomás Mac Donnchadha, Seosamh Pluincéad, Art Ó Gríofa agus daoine eile, an cruinniú ag ar scríobh sé na hath-orduithe chun stop a chur leis an Éirí Amach
Ba é Seán an dara duine díobh sin agus an mac ba shine ··· Phós sé Bríd Nic Fhionnlaoich i 1913 agus bhí cónaí orthu ag 54 Bóthar Marguerite, Glas Naíon ··· Cailleadh mac leo cúpla lá sular fhill Seán ó na Stáit agus mac eile go gairid ina dhiaidh sin
Pádraig Mac Artáin agus de Valera ba mhó faoi deara athbhunú Mhic Néill i ndiaidh 1916 ··· Seaghán Ó Cadhla a chuir síos (1906); An léightheoir Gaedhealach (1907) (i bpáirt le Peadar Mac Fhionnlaoich[B1] agus Seosamh Laoide[B1]); Duanaire Finn: the book of the lays of Fionn, cuid a I (1908) (Cumann na Scríbheann Gaeilge—Gearóid Ó Murchadha[B2] a chuir eagar ar chuid a II agus a III (1954–75) ··· I measc na n-aistí substaintiúla anseo is ansiúd tá: ‘Eoin Mac Néill, 1867–1945’ le John Ryan in Studies, Nollaig 1945; iontráil in Dictionary of National Biography 1941–50 le D.A ··· Tá cuntas ar ghinealas mhuintir Mhic Néill in Burke’s Irish family records ··· Mhol Eoghan Ó Gramhnaigh[q.v.] dó dul go hlnis Meáin agus chaith sé Meitheamh 1891 i dteach Pháidí agus Bhríd Mhic Dhonncha ann
A chomhghleacaithe sa Chustam is Mál, Peadar Mac Fhionnlaoich[B1] agus Pádraig Ó Séaghdha (1855–1928) [B1] a mhúin an teanga dó i ranganna na heagraíochta ··· Fuair iníon eile bás le linn dóibh bheith i nGlaschú agus bhí mac acu, Robin, nach raibh ina chónaí leo ceachtar den dá oíche dhaonáirimh ··· In Ard Mhic Nasca, Co
In Inniu 26 Márta 1982 scríobh Proinsias Mac an Bheatha: ‘Tá cúpla céad dá chuid scoláirí anois ina múinteoirí agus i ngairmeacha léannta eile’ ··· Sa chuntas cuimsitheach in Scríbhneoireacht na gConallach, 1990, in eagar ag Nollaig Mac Congáil, cuireann Frances Nic Géadaigh síos ar an gcaoi a n-ullmhaíodh Seán daltaí le haghaidh scoláireachtaí
Tuairiscíodh san iris chéanna 21 Feabhra 1925 go raibh sí féin, Peadar Mac Fhionnlaoich[B1] agus an Dr Seán Mac Énrí le dul chun cainte le comhlacht Lady Dudley faoi ghearán nach raibh Gaeilge ag formhór na máistreás a bhí i mbun na scoileanna lásadóireachta faoi Aireacht na hIascaireachta, agus ar 13 Meitheamh 1925 go raibh sí ina ball thar ceann an Chonartha den chomhdháil a chuir an Roinn Oideachais ar bun chun clár an bhunoideachais a bhreithniú ··· That strict grammarian Dr Mac Énrí[B2] told us on one occasion that many of our best writers, even among the native speakers, make slips in their grammar, but Caitlín Nic Ghabhann never makes a mistake’ ··· Tá deimhniú air sin ag Mac Énrí in aiste in Freeman’s Journal 16 Iúil 1917: ‘..
Ba iad na scrúdaitheoirí 28 Meitheamh 1904 ná Dubhghlas de hÍde, Eibhlín Ní Dhonnabháin agus Cú Uladh [Peadar Mac Fhionnlaoich] [B1] ··· Ag an am sin síleadh gur ‘Mac Cuinn’ an sloinne ··· Bhí comhfhreagras cantalach ann idir é agus Seán Maolmhuire Ó Raghallaigh [B1] ó 25 Feabhra 1910 ar aghaidh—scríobh Stiofán Mac Énna [B2] litir ag cosaint Pheadair ··· I halla na bPéintéirí Tí, 27 Sráid Aungier, a bhíodh ranganna na craoibhe seo ach i ndiaidh Fheabhra 1901 is ag 44 Sráid York a thionóltaí na cruinnithe agus bhíodh Peadar ‘Mac Cuinn’ ag múineadh ranga ansiúd ··· Dúradh i dtuairisc úd an Catholic Bulletin gur tháinig sé os comhair an phobail den uair dheireanach ag cruinniú den Ard-Chraobh ag ar thug Eoin Mac Néill léacht i dtaobh na nÓglach
Ach is léir freisin ar eachtra in Scéal Ghaoth Dobhair, 1983 le Seán Mac Fhionnlaoich[B4] go raibh drochamhras aige ar na rincí a bhíodh ar siúl i dtithe na ndaoine agus gur fhéach sé le deireadh a chur leo ··· Ach san iris chéanna 15 Feabhra 1902 bhí litir inar dhearbhaigh ‘Glengesh’ gurbh é Mac Pháidín a d’fhéach chuige gurbh é an t-iarrthóir nach raibh aon Ghaeilge aige a ceapadh ina mháistir ar Theach na mBocht sna Gleannta agus gurbh é an t-aon fháth amháin ar ceapadh é go mba nia leis an Easpag Pádraig Ó Domhnaill[B2] é ··· Bhí alltacht ar an scríbhneoir go raibh iarrta ar Mhac Pháidín Óráid an Oireachtais a thabhairt an bhliain sin ··· An bhliain dár gcionn chuala Séamas Mac an Bhaird[B3] an méid seo á rá aige ón altóir: ‘Gan seachrán ar bith a bheith oraibh
É féin agus Peadar Mac Fhionnlaoich[B1] a d’ullmhaigh prospectus Choláiste Uladh don bhliain 1911 (idem 31 Nollaig 1910) ··· Mac leosan is ea C ··· Chaith sé bliain in Institiúid Dhún Búinne sula ndeachaigh sé go Coláiste Maolmhaodhóg mar ollamh go ceann cúpla bliain agus bhí ag obair i mBaile Mhic Gearóid, i bparóiste Naomh Maitiú, agus i paróiste Naomh Pól i mBéal Feirste ina dhiaidh sin ··· Bhí sé ina theachta ó Bhaile Mhic Gearóid ag Oireachtas 1909 (idem 7 Lúnasa 1909) ··· Séamus Mac Leannacháin cuallacht Ghaelach in eaglais Naomh Peadar (An tUltach, Lúnasa, 1962)
Gach seans gurbh é Peadar Mac Fhionnlaoich (‘Cú Uladh’) [B1] a mhúin dó í ··· Murach taighde eiseamláireach Chiaráin Uí Dhuibhín in An tUltach, Márta 1994, agus gur casadh air, sula raibh sé ródheireanach, clann, lucht aitheantais agus comharsana Mhic Ghréagóir, ní dóigh go mbeadh a fhios go brách cér dhíobh an Gréagóireach seo ná cad a bhain dó ar deireadh ··· I rith 1900 bíonn tagairtí dó faoin ainm Hugh MacMillan in An Claidheamh Soluis sna míreanna nuachta a bhaineann le Craobh Bhaile Mhic Airt de Chonradh na Gaeilge: ar 10 Feabhra 1900 gur toghadh d’aon ghuth é (‘a very energetic member’) chun folúntas ar choiste na cathrach a líonadh—cuimhnigh nach raibh 16 bliana slán aige go fóill; ó 14 Aibreán amach mar dhuine de mhúinteoirí na craoibhe; ar 14 Iúil gur bhuaigh sé leabhar mar dhuais ar an bpíosa reacaireachta ab fhearr, ‘Mo phíopa gairid donn’ (‘Mr M’Millen also contributed to the enjoyment of those present by the excellent manner in which he recited the winning piece’); ar 13 Deireadh Fómhair ‘the energetic assistant of Cú Uladh’ an tagairt a dhéantar dó ··· Chaith sé cúpla bliain ina mhac léinn leighis i gColáiste na Ríona ··· Faoin am seo bhí glactha chuige féin an t-ainm ‘Aoidhmín Mac Gréagóir’
Ó Nualláin, Peadar Mac Fhionnlaoich, Tadhg Mac a Bhaird, J ··· Bhí triúr mac agus cúigear iníonacha aige
Ba é an duine ab óige é den naonúr clainne, triúr mac agus seisear iníonacha, a bhí ag Pádraig Mór Ó Beirn agus Máire Nic Fhionnlaoich ··· D’fhreastail sé ar an scoil áitiúil mar a raibh Seán Mac a Bhaird[q.v.] ina mháistir ··· Bhailigh Seán Mac a Bhaird dán agus fiche dá dhéantus faoin teideal Leabhar filidheachta fa choinne na scol, 1909
In Dóchas agus duainéis: scéal Chonradh na Gaeilge 1922-1932 deir Aindrias Ó Muimhneacháin gur shochraigh Mac Giolla Bhríde[B2] nach rachadh sé ar aghaidh mar uachtarán ar an gConradh i 1933 ‘toisc é bheith ar mhalairt tuairime le formhór an Choiste Gnótha an uair úd i dtaobh Feiseanna áirithe, dála Fheis an Athar Maitiú i mBaile Átha Cliath, a bhíodh á dtionól ar neamhchead do Chonradh na Gaeilge.’ (Ba iad Cú Uladh [Peadar Mac Fhionnlaoich] [B1], a bhí an uair úd ina Thánaiste ar Chonradh na Gaeilge, agus an tAthair Micheál, OFM Cap., Uachtarán Fheis Mhaitiú, na príomhagóidithe san iomarbhá úd) ··· Ba é an tAthair Micheál a chuidigh le rún Chormaic Bhreathnaigh[B1] ag Ard-Fheis 1928 go dtoghfaí Mac Giolla Bhríde ina uachtarán
Thugadh sé codanna den lámhscríbhinn le léamh do Mháirtín Ó Cadhain, d’Aindrias Ó Muimhneacháin[q.v.] agus do Sheán Mac Fhionnlaoich[B4] ··· Is é an cur síos a rinne Seán Mac Réamoinn air in Anois 9-10 Nollaig 1995: ‘Sagart, file, ollamh; fear éirime, fear grámhar, fear grinn; fear ar mhór aige dúchas agus oidhreacht Ghaelach Uladh agus Éireann; saothraí scríbhneora a chuir comaoin ar aos léite na Gaeilge, agus a thug léargas ar chuid de shaibhreas na litríochta Gaeilge, idir shean agus nua, don saol amuigh… ··· Cara leis sa Choláiste, Seoirse Mac Canna, a mhúscail a spéis sa Ghaeilge ··· Chill Dara, agus anuas go 1960 i bparóiste Naomh Eoin i gcathair Chorcaí; bhí sé ag feidhmiú freisin mar shéiplíneach ag mic léinn Choláiste Ollscoile Chorcaí ··· Tá leagan Béarla den dán ‘Álainn Dún Mhic Mhuire’ aige in Church Hymnal, 1960
Ó Riain[B1], Pádraic Ó Conaire[B2], Muiris Ó Dubhda, Art Ó Caoimh, An tAthair Micheál Ó Maoldomhnaigh, Art Ó Briain[B2], Seán Ó Catháin[B1], Eibhlín Costello [B2], agus Peadar Mac Fhionnlaoich[B1] bhí sé ag Mór-Chomhdháil Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath thar ceann Londan i 1902 ··· Sa Ghleann Dubh i gCill Bhriotáin in aice le Cúirt Mhic Shéafraidh i gContae Chorcaí a rugadh é ··· An t-aon Diarmuid (Jeremiah) a rugadh do lánúin Crowley-Grace in 1875–76 i gCill Bhriotáin ná an mac a rugadh ar 2 Bealtaine 1875 do John Crowley agus a bhean Ellen Grace, más fíor do thaifid an pharóiste ··· Mac Énrí[B2], Micheál Breathnach[B2], Liam P
Chuir Peadar Mac Fhionnlaoich[B1] agus Dubhghlas de hÍde[B3] litreacha dea-mhéine chuige agus tá siad i gcló aige ina leabhrán ··· Thug sé an t-eolas eile seo ann: gur 52 a aois, gur gruaigeadóir é agus go raibh Gaeilge aige; 49 a bhí ag a bhean Margaret agus is i mBaile Átha Cliath a rugadh í agus bhí Gaeilge aici; sa teach ag 180 Sráid na Lobhar, Baile Átha Cliath, in aontíos leo bhí a mac Hugh (23) a rugadh i mBéal Feirste agus a raibh Gaeilge aige; a n-iníon Mary (20), a rugadh i mBirmingham agus a raibh Gaeilge aici; Arthur White (30), a gcliamhain, saighdiúir agus baintreach, ar Béarla amháin a bhí aige agus a iníonsan ··· D’fhill sé abhaile tuairim 1868 agus tar éis cúpla bliain bhí sé chun dul ar ais ach d’iarr a mháthair air a céad mhac, a bhí i Londain le tríocha bliain gan tuairisc, a aimsiú
Deir Donnchadh Ó Súilleabháin gur chuir sé £5 ar fáil i 1902 le haghaidh leabhair ar ‘An chóir is fearr chun Gaeilge a mhúineadh’ agus gur ghnóthaigh Peadar Mac Fhionnlaoich[B1] an duais sin lena Handbook of Irish teaching (Conradh na Gaeilge i Londain 1894-1917) ··· Bhí mac amháin ar a laghad aige, J ··· Thug a mhac, J
Nuair a fuair Cú Uladh bás [Peadar Mac Fhionnlaoich] [B1] d’ainmnigh de Valera mar Sheanadóir arís é agus bhí sé ann go bhfuair sé bás 19 Eanáir 1946 ··· I nDaonáireamh 1911 bhí ceathrar ann: Sorcha (38), múinteoir scoile; Tomás, ollamh ollscoile; Peadar, múinteoir scoile; agus Pádraig, arb é an cur síos atá air ‘Mac feirmeora’ ··· Bhí sé pósta ar Eileen Acton ón gClochán agus bhí beirt mhac agus triúr iníonacha acu
an Dúin anonn go Tír Chonaill sa 13ú haois.’ I nGaeilge ar fad a cuireadh idir bhunscolaíocht agus mheánscolaíocht uirthi, i Scoil Náisiúnta Thamhnach an tSalainn ar dtús agus an bhliain dheireanach bunscolaíochta i nGaoth Dobhair, mar a raibh Seán Mac Fhionnlaoich[q.v.] mar mhúinteoir aici ··· Caitríona Mac Leod, coimeádaí culaithirte agus gloine, a bhí ina béal múinte aici ansiúd ··· Ba í ba mhó faoi deara an comhoibriú sin idir an tArd-Mhúsaem agus Bord Soláthair an Leictreachais arbh é a thoradh go ndearnadh an teach Seoirseach ag 29 Sráid Mhic Liam, Baile Átha Cliath, a athchóiriú le troscáin agus le lámhdhéantúsáin na tréimhse 1790–1820, agus é mar léiriú inniu ar stair na tréimhse sin