Tá cuntas gairid in Scéala Éireann 24 Aibreán 1964 ar an bhfear seo a bhí ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge. I Leeds, Sasana, a rugadh é 17 Samhain 1903; duine é den dáréag a bhí ag Peadar Mac Fhionnlaoich, ‘Cú Uladh’,, oifigeach custaim agus máil, agus Sibéal Ní Uadhaigh. Cuireadh oideachas air i Scoil Éanna agus i Scoil Uí Chonaill. Bhain sé céim san innealtóireacht amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Ó 1930 ar aghaidh bhí sé ag obair i mBord Solátháir an Leictreachais. Bhí sé ina bhall de Chraobh na gCúig gCúigí agus ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge 1942-45 agus arís 1949-50. Is é an t-aon sampla amháin é d’athair agus mac a bheith sa phost sin. Is air a thit sé sa chéad téarma sin a bheith i gceannas ar imeachtaí Iubhaile Órga an Chonartha. Ba é a bhí sa chathaoir ag an gcruinniú de mhuintir na hathbheochana a mhol go mbunófaí ‘mórghluaiseacht neartmhar a chuirfeadh an Ghaeilge gan teip i seilbh chinnte uachtaránachta in Éirinn lenár linn’ (Ar son na Gaeilge ..., 1993 le Proinsias Mac Aonghusa). Meastar gur toradh ar an gcruinniú sin ba ea bunú Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Is lena linn freisin a comóradh céad bliain Thomáis Dáibhís agus ba é a nocht an phlaic ar an dteach i Sráid Bhagóid, Baile Átha Cliath. Bhí cónaí ar Dhiarmuid i bPáirc an Bhile, Droichead na Dothra, Baile Átha Cliath. D’éag sé 23 Aibreán 1964. Ba í Nuala Ní Mhaolthuile a bhean chéile agus bhí iníon agus beirt mhac acu; le Gaeilge a tógadh iad i nDumhach Thrá. Phós duine díobh, Fiachra, Áine Ní Allúin, a bhí ina riarthóir agus tamall ina cisteoir ag Oireachtas na Gaeilge, agus bhí baint acu beirt le Taispeántas Ealaíne na féile sin.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú