Murach taighde eiseamláireach Chiaráin Uí Dhuibhín in An tUltach, Márta 1994, agus gur casadh air, sula raibh sé ródheireanach, clann, lucht aitheantais agus comharsana Mhic Ghréagóir, ní dóigh go mbeadh a fhios go brách cér dhíobh an Gréagóireach seo ná cad a bhain dó ar deireadh. In Barnsley, Sasana, a rugadh é, Hugh Walter Gaston MacMillan, 16 Feabhra 1884. Dochtúir ó Bhaile na Raithní i bparóiste Dhún Dónaill, Co. an Dúin, a athair Hugh Wallace MacMillan. Ba í Emily Miriam Louisa Gray as Royston i Sasana a mháthair. Deir Ó Duibhín go raibh neart airgid ag muintir Emily. Ní raibh ach an t-aon duine eile sa chlann acu, Bessie. Leis an eaglais bhunaithe a bhain Emily ach síleann Ó Duibhín gur de bhunadh Preispitéireach an t-athair. D’fhill seisean ar Chontae an Dúin agus fuair bás nuair a bhí Hugh óg sé bliana go leith.

Níl a fhios cad a spreag a spéis sa Ghaeilge. Gach seans gurbh é Peadar Mac Fhionnlaoich (‘Cú Uladh’) a mhúin dó í. I rith 1900 bíonn tagairtí dó faoin ainm Hugh MacMillan in An Claidheamh Soluis sna míreanna nuachta a bhaineann le Craobh Bhaile Mhic Airt de Chonradh na Gaeilge: ar 10 Feabhra 1900 gur toghadh d’aon ghuth é (‘a very energetic member’) chun folúntas ar choiste na cathrach a líonadh—cuimhnigh nach raibh 16 bliana slán aige go fóill; ó 14 Aibreán amach mar dhuine de mhúinteoirí na craoibhe; ar 14 Iúil gur bhuaigh sé leabhar mar dhuais ar an bpíosa reacaireachta ab fhearr, ‘Mo phíopa gairid donn’ (‘Mr M’Millen also contributed to the enjoyment of those present by the excellent manner in which he recited the winning piece’); ar 13 Deireadh Fómhair ‘the energetic assistant of Cú Uladh’ an tagairt a dhéantar dó.

Nuair a bhí Daonáireamh 1901 á dhéanamh bhí sé ina chónaí ag 243 Albertbridge Road i mBéal Feirste lena mháthair agus a dheirfiúr. D’éag an mháthair in 1903. Chaith sé cúpla bliain ina mhac léinn leighis i gColáiste na Ríona. Chuaigh sé chun cónaithe ag 24 Sráid Legann i Lag an Aoil in 1908 agus b’in é a sheoladh gur éag sé. Bhí ioncam aige ón maoin a fágadh le huacht aige. Deir Ó Duibhín: ‘Ní heol dúinn go dtearn sé lá oibre riamh ina shaol’. I nGaeilge a líon sé isteach foirm daonáirimh 1911 agus chuir síos ‘duine uasal gan céard’ mar shlí bheatha. Ní raibh sé sásta a rá cén creideamh a bhí aige. Faoin am seo bhí glactha chuige féin an t-ainm ‘Aoidhmín Mac Gréagóir’. Ainm ceana ar Aodh is ea Aoidhmín, is cosúil, ach níl a fhios cad a chuir an sloinne Albanach ina cheann, seachas eolas maith a bheith aige ar an nGàidhlic. Cheana féin bhí trí leabhar tugtha amach aige: Fréamhacha na hÉireann (1906), scéalta a bhailigh sé in Inis Meáin; Siamsán na Beanna Fada (1907); agus Sgéaltan X Reachrann (1910). Deirtear gur scríobh sé dráma, An Muileann Dubh, in 1910. Tá Ó Duibhín sásta gurbh é a scríobh sraith dar teideal ‘Sean-ranna Ultacha’ in An Claidheamh Soluis 2 Bealtaine-25 Iúil 1908 faoin ainm Greagóirína Nic Ghréagóir Gréagach. Le béaloideas Ghleann Aichle a bhaineann an tsraith sin.

Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 3 Lúnasa 1907 gur thairg sé corn airgid don té ab fhearr saothar ag an Oireachtas. Thaistealaíodh sé an Ghaeltacht ag bailiú ábhair agus ag moltóireacht ag feiseanna. Dúradh le Ciarán Ó Duibhín go gcaitheadh sé leath na bliana ag taisteal agus gur mhinic sa Fhrainc, sa Ghearmáin agus in Albain é. Bhí an Fhraincis ar a thoil aige. Bhí dúil freisin aige sa Laidin agus san Eabhrais. Bhí dán Albanach ‘Domhnall agus Morag’ aige in An Chraobh Ruadh, Bealtaine 1913.

Bhí sé tugtha freisin don snámh, don iascaireacht, agus don ghrianghrafadóireacht. In An Claidheamh Soluis 9 Bealtaine 1914 tuairiscíodh gur thug sé an barr leis i gcomórtas snámha i mBéal Feirste. ‘Is mór an t-eolas atá aige ar Ghaeilge na hÉireann agus ar Ghaidhlic na hAlban. Is beag amhrán in Reachlainn nó i nGlinnte Aontroma nach bhfuil aige. Tá sé chomh lúfar san uisce gur bhuaigh sé ar chách sa chomórtas. Tá meadar airgid gnóite aige mar gheall air’. I gcló ag Ciarán Ó Duibhín tá tuairisc Ireland’s Saturday Night ar bhua a rug sé i gcomórtas iascaireachta Luan Cásca 1914. Bhí sé tugtha freisin don siúl agus don rothaíocht agus ba mhinic gur ina phuball a chaitheadh sé an oíche. Sheinneadh sé ar an bpíb mhór agus chaitheadh filleadh beag. Chomh deireanach le 1937-38 bhí sé ag teagasc rince i Lag an Aoil.

Náisiúnaí ba ea é agus bhí sé ina bhall den United Irish League in 1912. Dúradh go raibh sé ina rúnaí ag na hÓglaigh i mBéal Feirste in 1917. Ní cosúil gur tháinig aon lagú ar a spéis san athbheochan. Bhí litir i gcló aige in Misneach 22 Deireadh Fómhair 1921 agus ‘Sliabh na gCaorach’ mar sheoladh aige. Bhí sé sa láthair ag an gcomhdháil mhór a thionóil Conradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar 8 Eanáir 1925. Bhí ábhar i gcló aige in An tUltach in 1927-28.

D’éag sé in ospidéal Royal Victoria 14 Márta 1950. Tá sé curtha i reilig mhór Dhún Dónaill. Ag dul in uaigní agus in aistí a bhí a shaol le tamall maith. A aimhréidhe a bhí a theach tar éis a bháis an fhianaise is soiléire air sin ag Ciarán Ó Duibhín. Agus tá eireaball truamhéalach aige leis an scéal. Nuair a bhí sé ag fiafraí i dtaobh na huaighe i nDún Dónaill dúradh leis go raibh bean ag cur na ceiste céanna tamall gairid roimhe sin. Is mar sin a casadh iníon Aoidhmín air. ‘Nuair a bhí Aoidhmín ar an ollscoil, bhí sé ar lóistín i Sráid Harrow. Lánamhain óg a bhí i muintir an toighe agus bhí ceathrar páistí acu. Ar scor ar bith, níorbh fhada gur thuit Aoidhmín i ngrá le bean an toighe, Sarah, agus bhí nighean acu, a rugadh in 1908. . . D’fhág Aoidhmín an teach, agus tógadh an nighean mar dhuine den teaghlach. Ach mhair gean Aoidhmín ar Sarah agus ar a nighean, agus níor thóg sé suas ariamh le bean ar bith eile’.

Foilsíodh Sgéaltan X Reachrann arís in 1991 mar chuid de Athchló Uladh agus in éineacht leis tá ábhar a bhí i gcló ag Aoidhmín in An tUltach.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú