Tá cuntas cuimsitheach go maith ar an dealbhóir seo, mar aon le liosta a shaothair, ag Theo Snoddy in Dictionary of Irish Artists 20th Century, 1996 agus tá eolas air freisin ag John Turpin in ‘Sculptor with a Gaelic vision’, New Hibernia Review Imleabhar 7, uimhir 3, Fómhar 2003. Labhair sé le ‘S.Ó D.’ in ‘An Mhuintir s’againne’ (Scéala Éireann 9 Samhain 1957). Tá cuntas air féin agus ar a shaothar ag Máirín Nic Ailín in Comhar, Deireadh Fómhair 1950. Tá a shaothar le feiceáil timpeall na tíre - i séipéil, i scoileanna, i reiligí, i dTeach Laighean, in ospidéil .... Tá a dhealbh de Raiftearaí i gCreachmhaoil, Co. na Gaillimhe, agus ceann den Bhantiarna Gregory taobh leis. Tá dealbha de Pheadar Ó Doirnín agus Séamus Dall Mac Cuarta i gContae Lú, dealbh de John Mitchel san Iúr. Tá rilíf de Dhubhghlas de hÍde in Ardeaglais Phádraig, Baile Átha Cliath, agus de Phádraig Mac Piarais agus a dheartháir Willie ar Dhroichead an Phiarsaigh i Ráth Fearnáin. Ba é a rinne cearnairí (trófáithe) an Oireachtais agus cearnairí Scéala an Domhnaigh.

1 Aibreán 1914 i gCarraig Ruacháin, Baile an Chollaigh, Co. Chorcaí, a rugadh é. Ba é an duine ba shine é den bheirt a bhí ag Timothy Murphy, oibrí, agus Johanna McCarthy. B’as ceantar lastuaidh den Sciobairín, a raibh beagán Gaeilge go fóill ann, do Johanna. Ba iad muintir Bray fostaitheoirí a athar, agus cónaí orthu sa teach mór ‘Rosanna’. Thugadh siad péinteanna agus scuaba mar bhronntanais don bhuachaill óg. Cuireadh oideachas air i Scoil Náisiúnta Bhaile an Chollaigh, sa Mhainistir Thuaidh, agus i Scoil Ealaíne Crawford, Corcaigh. Rinne sé staidéar faoi Shomhairle Mac Cana agus Hugh C. Charde, agus faoi Shéamus Murphy agus Marshall Hutson, dealbhóirí. Bhí tionchar ag a chomharsa Robert Gibbings air. Deir Turpin: ‘Professor Daniel Corkery of University College, Cork, better known as a writer, was also a watercolorist and took the young Ó Murchadha with him to sketch in the countryside. He also enkindled in the sculptor an interest in the history and cultural associations of landscape.’ Deir Máirín Nic Ailín (op. cit.): ‘Chas Ó Murchadha le flosc chun oibreacha Uí Chonchubhair [Jerome Connor 1876-1943], ag lorg ionspráide uathu agus d’aimsigh sé neart tuathach [láidreacht thuathúil] a thug treise dhó.’

I 1939 thug scoláireacht go dtí an Coláiste Náisiúnta Ealaíne, Baile Átha Cliath, é agus bhuaigh sé Duais Chuimhneacháin Oliver Sheppard ann. I 1941 bhronn Coláiste na Tríonóide scoláireacht Purser-Griffith air. An bhliain chéanna sin bhronn Scoil na nEalaíon, Corcaigh, an Gibson Bequest air. Rinne sé staidéar i bhFlórans. Saineolaí ar na crosa arda ba ea é. Bhí baint aige le scannán Laurence Olivier, Henry V (1945), nuair a fostaíodh cúigear is fiche de mhic léinn ealaíne, Domhnall ina measc, chun cultacha agus samhlacha a dhearadh. Bhí sé tamall ag múineadh i Scoil na hOllscoile Caitlicí, Sráid Líosáin, agus i gColáiste Chnoc Sion. Ceapadh ina Ollamh Cúnta le Dealbhóireacht sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne é i 1948 agus ina Ollamh i 1969. Ó 1952 amach thugadh sé an léacht Ghaeilge mhíosúil sa Dánlann Náisiúnta go minic i rith tuairim 35 bliana. Nuair a d’éirigh sé as a phost chuaigh sé ag obair mar shaor cloiche. Rinne sé féin agus a bhean gach iarracht ar a cheartchlú a fháil ar ais do Jerome Connor. D’athchóirigh Domhnall an Lusitania Peace Memorial i gCóbh, saothar le Connor a bhí ligthe i bhfaillí le fada. Bhí sé pósta ar Mháirín Nic Ailín agus bhí mac acu. Bhí sé ina bhall de choiste ealaíne an Oireachtais agus den National Council for Educational Awards. D’éag sé ar 8 Eanáir 1991.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú