Ceannródaí i ngluaiseacht na teanga i Loch Garman ba ea an sagart seo. Sa Ghléib, Whitehill, an Chill Mhór, Co. Loch Garman, a rugadh é 25 Eanáir 1877. Ba iad Patrick Murphy agus Anty [sic] Hayes a thuismitheoirí. Tar éis bunoideachais bhí sé i gColáiste Pheadair, Loch Garman, ó Lúnasa 1888 amach, agus ansin sa Róimh (1892-), i gColáiste an Phropaganda ar dtús agus ansin i gColáiste na nGael. Is i ngeall ar dhrochshláinte a d’aistrigh sé go Coláiste Chluain Life in 1897. Oirníodh é sa Leas-Ardeaglais i mBaile Átha Cliath 4 Meitheamh 1900. Chuaigh sé isteach i Misinéirí na Sacraiminte Ró-Naofa in Inis Córthaidh i mí Lúnasa dár gcionn agus d’fhan ina bhall den chomhluadar sin go ceann 35 bliana. I rith an ama sin thugadh sé misin agus cúrsaí spioradálta ar fud na hÉireann, sa Bhreatain agus i gColáiste na nGael sa Róimh. Bhí sé ina uachtarán i dTeach na Misean, Inis Córthaidh, ar feadh 1924-28 agus arís 1930-33. I 1934 chuaigh sé go dtí an Airgintín chun sraith de chúrsaí spioradálta a stiúradh ansiúd. Fad a bhí sé ina bhall den chomhluadar chuir sé leabhar beag urnaithe Gaeilge i dtoll a chéile agus scríobh freisin leabhar ar Oileán Mhuire. Ceapadh é ina shagart paróiste sa Ghleann i nDeireadh Fómhair 1935 agus bhí sa phost sin go 1969.

I gcomhpháirt le Micheál Ó Súilleabháin [B4] bhunaigh sé Feis Charman i 1902. Tá an tagairt seo dó ag William Bulfin [q.v.]: ‘He gave great assistance to Micheál Ó Súilleabháin when that unforgettable Irishman raised the standard of Irish-Ireland in Enniscorthy a few years ago’. Toghadh é ina bhall de Choiste GnóChonradh na Gaeilge i 1905-07. Bhí litir aige in An Claidheamh Soluis 22 Meán Fómhair 1906 ag iarraidh ar Chomhlacht Iarnróid an Deiscirt agus an Iarthair logainmneacha Gaeilge a chur suas i stáisiúin Loch Garman.

Ar feadh leathchéad bliain bhí dlúthbhaint aige le Cumann Seanchais Uí Cinsealaigh; b’fhéidir a rá gurbh é a bhunaigh é, tuairim 1921. Ba é ba mhó freisin a bhí freagrach sa chomóradh a rinneadh i 1938 agus arís i 1948 i Loch Garman ar Éirí Amach 1798 agus sna leachtanna cuimhneacháin a cuireadh suas ar fud Loch Garman. Deirtear in The Past Uimh. 9 (1972): ‘One of his most prized possessions was the Tricolour which was flown over the Atheneum in Enniscorthy in 1916’. Deirtear sa chuntas sin gur tugadh bonn 1916 dó i 1952 mar chomhartha ar a ndearna sé. D’éag sé sa Chill Mhór 13 Eanáir 1971 agus tá sé curtha sa Ghleann.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú