É féin agus Seán Ó hEochaidh an chéad bheirt bhailitheoirí lánaimseartha a d’fhostaigh an Coimisiún Béaloideasa nua-bhunaithe i 1935. Dúirt Séamus Ó Duilearga ina thaobh sé bliana is fiche níb fhaide anonn: ‘Mara mbeadh Tadhg do chaillfí go brách gan tuairisc leitríocht agus stairsheanchas mhórchuid de Chontae Chiarraí agus d’iarthar Chorcaí leis’. Ar an Sceachánaigh i bparóiste Chathair Dónall i gCiarraí ar 11 Feabhra 1896 a rugadh é. Cainteoirí dúchais Gaeilge a thuismitheoirí ach Béarla a labhraíodh siad sa teach. Bhí máthair an athar i mbéal an dorais acu, áfach, agus gan aicise ach Gaeilge. Feirmeoir, iascaire agus file ba ea athair Thaidhg agus is uaidh a chuala sé scéal Fiannaíochta a chéaduair. Dar leis nach raibh aon teorainn lena raibh de sheaneolas i gceann a athar. I ndiaidh do An Lóchrann teacht amach i 1907 bronnadh cóip ar Thadhg. Spreag sin é le seanamhrán a scríobh síos óna athair agus ba ghairid gur thosaigh sé ar bhlúirí seanchais a chur chuig An Lóchrann, an Cork Examiner agus an Echo.

D’éirigh leis teastas múinteora Gaeilge a fháil i gColáiste na Rinne i 1925. Thug sin go dtí ceantar Chaisleán an Chomair ag múineadh Gaeilge é ach faoi 1927 bhí sé ar ais in Uíbh Ráthach ag múineadh agus ag timireacht don Choiste Gairmoideachais. Casadh Séamus Ó Duilearga air ag an am seo agus d’iarr seisean air ábhar a sheoladh isteach chuig Béaloideas. Ba ghnách leis saoire an tsamhraidh a chaitheamh ag bailiú béaloidis ach ó 17 Meán Fómhair 1935 bhí sé ag obair go lánaimseartha do Choimisiún Béaloideasa Éireann. Sa tréimhse anuas go 1957 líon sé 60,000 leathanach de bhéaloideas Chiarraí, chomh maith le roinnt ón gClár agus ó Chorcaigh, cuid nár shuarach den 1,500,000 leathanach a bhí ag an gCoimisiún. Sholáthraigh sé freisin eolas luachmhar i dtaobh na seanchaithe agus na scéalaithe agus a lucht éisteachta. Scéalaí mór agus rísheanchaí ba ea é féin agus a raibh d’eolas taiscthe aige. Is beag duine riamh, ní foláir, ar éirigh leis é féin a ionannú chomh hiomlán sin lena cheird, lena mhuintir agus le dreach na tíre fiú. Tá siad buanaithe le chéile dúinn sa phictiúr seo a tharraing an béaloideasóir cáiliúil Richard M. Dorson i 1951: ‘Liam Stack stood before a hay rick cutting plug tobacco for his pipe, with the mountain slope rising dizzily on one side and a blue lough lying at its foot on the other. Soon Tadhg was chatting with him across a wooden gate. The mountain mists curled up the valley as we spoke and dampened our bones, but still Liam and Tadhg talked on, although my frozen fingers could scarcely hold the note-book. Old Liam in his torn clothes, the white stubble of his beard covering the clean features of the Irish farmer folk, and thick-set genial Tadhg with a felt hat tipped rakishly over one ear, both sucking deep at their pipes, blended into the rugged scenery’ (Sean O’Sullivan, ed., Folk-tales of Ireland, 1966). D’éag Tadhg Ó Murchú ar 8 Meán Fómhair 1961. ‘Tadhg Ó Murchú: Béaloideasóir’ le Tomás Ó hAilín in Éigse, Iml. XVI, Cuid 11, Geimhreadh 1975, an cuntas is faide ar a shaol dá bhfuil i gcló. Tá eolas breise ina thaobh ag Pádraig Ó Loingsigh in ‘Folklorist whom Walt Disney visited’, Cork Holly Bough, 1990. In Béaloideas 75 (2007) tá ‘Folklore collecting in County Clare: Tadhg Ó Murchú’s Second Visit (1943)’ le Patricia Lysaght agus in Béaloideas 76 (2008) tá aiste ag an scoláire céanna: ‘Folklore collecting in Co. Clare: Tadhg Ó Murchú’s Third Visit (1950).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú