In An tÚrscéal Gaeilge, 1991 deir Alan Titley faoina úrscéal, An Cliathán Clé : ‘Éiríonn le Tadhg Ó Murchadha atmaisféar meánscoil chónaithe rugbaí agus meon na mbligeard saibhre a shnámhann tríothu a thabhairt leis ar deil agus is sampla inmholta é de “scéal scoile” do bhuachaillí a sholáthar sa Ghaeilge’. Dúradh in Rockwell Annual 1932: ‘An Coláiste ina steillbheatha atá ann gan amhras. Má ghearr Tadhg bóthar nua amach in ábhar a leabhair ní lú ná mar a ghearrann sé slí nua amach i stíl’. I Mín Bhanbháin, paróiste Chnoc na gCaiseal, Co. Chiarraí, a rugadh é (Timothy Joseph) ar 10 Deireadh Fómhair 1899, dar le cláraitheoir Ord an Spioraid Naoimh, an tAthair Leo Layden. Ba iad Denis Murphy agus Mary McAuliffe a thuismitheoirí. Ní raibh tuairisc orthu ansiúd sna daonáirimh i 1901 agus 1911. Tá baile fearainn an Tuairín Mhóir teorainneach leis agus bhí an t-eolas faoi theaghlach amháin ann ag teacht leis an eolas thuas. I 1901 bhí Denis Murphy (42), feirmeoir, agus a bhean Mary (38) ann, Gaeilge agus Béarla acu. Bhí na leanaí seo sa teach leo: Hanna (6); Dan (4); Ellie (3), Tim (bliain go leith), Patrick (sé mhí). Is mar seo a bhí siad i 1911: Denis D. Murphy (55) agus Mary D. Murphy (48), Gaeilge agus Béarla acu beirt. Bhí siad pósta le 17 bliana. Ochtar a rugadh dóibh agus bhí seachtar díobh beo: Hanna (16), Daniel (14), Ellen (13), Timothy (11), Patrick (10), Mary (7), Nora (6). In aontíos leo bhí Daniel Murphy, feirmeoir ar scor, a raibh Béarla agus Gaeilge aige. Deimhníonn nia le Tadhg s’againne, Daniel Herlihy, Cnoc na gCaiseal, gurb in iad muintir Thaidhg.

Chuaigh sé isteach mar ábhar sagairt i gColáiste Charraig an Tobair ar 8 Meán Fómhair 1914. Ghlac sé le sútán Chumann an Spioraid Naoimh 27 Bealtaine 1917 agus glacadh san ord é ar 24 Lúnasa 1919. Fuair sé céim BA i 1922, H.Dip. in Ed. i 1927, agus MA i 1930. Bhí scéal aige in Rockwell Annual i 1929. Bhí sé ag múineadh i gColáiste na Carraige Duibhe ó 1922 go 1923 agus d’éirigh as a chúrsa sagartachta i 1924. Meastar gur chaith sé tréimhse ag múineadh i gColáiste Chaisleán Cnucha sular thosaigh sé i gColáiste Belvedere tuairim 1928. Sa rang aige bhí an tOllamh Tomás de Bhaldraithe agus an tAthair Diarmaid Ó Laoghaire. Dúradh in Rockwell Annual 1935 go raibh sé ina scrúdaitheoir Gaeilge sa chóras meánoideachais.

Tá cuntas air ag Owen Dudley Edwards in Portraits: Belvedere College Dublin 1832-1982, 1982 in eagar ag John Bowman agus Ronan O’Donoghue. ‘What Tadhg succeeded in doing was in building for his pupils a massive infrastructure of understanding of Gaelic civilization and culture in the modern period. He could convert the most Philistine of his charges by the elegance of his sarcasms, and the industry he put into the explanation and dissemination of idioms carried its own infection. He was clever also in getting Irish to the younger boys by opening the Irish debating society to them. English debate was restricted to the seniors, but all were welcome, however inarticulate, at An Cumann Gaedhealach’. ‘Mhisnigh sé na buachaillí a bhunaigh an Cumann Gaelach 47 bliain ó shin agus i ndeireadh a laethanta bhí sé ar na múinteoirí a bhunaigh Comhar na Meánmhúinteoirí—Comhar na Múinteoirí Gaeilge anois’, a dúradh in Belvederian, 1979. I 1932 d’fhoilsigh an Gúm An Cliathán Clé, úrscéal atá bunaithe ar a thaithí ar choláistí Charraig an Tobair agus na Carraige Duibhe. Mar chomóradh ar cheithre chéad bliain Chumann Íosa foilsíodh a leabhrán N. Eighneachán agus a Chlann Mhac i gCríost in Éirinn, 1940.

D’éag sé ar 3 Samhain 1978 in Ospidéal na Trócaire i mBaile Átha Cliath. Bhí cónaí air ag 26 Bóthar Ceannach, Glas Naíon, Baile Átha Cliath, ag an am. Cuireadh é i nGlas Naíon 6 Samhain. Cailleadh a bhean Statia Ní Bhriain ‘bliain bheag’ roimhe. ‘Ní raibh aon chlann acu agus d’uchtaigh siad buachaill Gearmánach taréis an chogaidh. D’fhreastail seisean ar Belvedere. Thug an fhláithiúlacht sin a cuid féin buartha léi ach ghlac Tadhg agus a bhean go Críostúil leis an gcrois sin agus creidim gur tháinig casadh níos sona ar an scéal ar ball’ (Belvederian, 1979).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú