In Nioclás Ó Cearnaigh: Beatha agus Saothar, 1989 le Seán Ó Dufaigh agus Diarmaid Ó Doibhlin atá an cuntas is cuimsithí air mar aon lena dhánta, 35 díobh, iad sin a chum sé agus na cinn dá dhéantús a leag sé ar fhilí ba cháiliúla ná é féin. An bhliain chéanna sin d’fhoilsigh Seán Ó Dufaigh Nicholas O’Kearney: the last of the Bards of Louth, 1989. Tá cuntas gearr inléite ag Breandán Mac Cnáimhsí in Journal of the Co. Louth Archaeological Society, 1968. Ba mhaith lena bheathaisnéisí, Seán Ó Dufaigh, go n-áireofaí é ar dhuine d’fhilí Oirialla—Art Mac Cumhaigh, Peadar Ó Doirnín, Pádraig Mac Giolla Fhiondáin, agus Séamas Dall Mac Cuarta. Roghnaigh Breandán Ó Buachalla péire dán leis le cur in Nua-Dhuanaire Cuid II, 1976 agus molann Diarmaid Ó Doibhlin iad: ‘Braithim fuinneamh mór go minic ina chuid línte, agus neart. An dá dhán a scríobh sé, “Thar Sáile anonn” agus “Cumha na Máthara” [“Triamhain na máthara fón leanbh”]—beidh eolas orthu a fhad agus a mhairfidh an Ghaeilge agus gnóthóidh siad áit dó i nduanairí agus i gcúrsaí léinn.’ Agus deir Tomás Ó Fiaich faoin dara dán sin nach foláir nó go bhfuil sé ar cheann de na dánta is breátha dár cumadh i nGaeilge nó i mBéarla in Éirinn sa 19ú céad (Léachtaí Cholm Cille 1972); bheadh an t-údar sin sásta a éileamh gurbh é an file Ultach ab fhearr é dá raibh ag scríobh i nGaeilge sa chéad sin. Bhí iarracht de dhrochamhras air tamall ach is léir ar thagairtí in Seán Ó Dálaigh: éigse agus iomarbhá, 2007 le Proinsias Ó Drisceoil gur bhain tábhacht ar leith leis. Luann Ó Drisceoil é in aon anáil le Philip Barron mar dhuine de na hathbheochainteorí is luaithe. Chum sé dán faoin nGorta a bhfuil breis is céad véarsa ann. Ach in ainneoin a chumais agus a ghrá don Ghaeilge is buaine a mhair cuimhní ar a shaothar brionnadóireachta, ar a áiféisí a bhí a chuid teoiricí i dtaobh bhunús na Gaeilge, ar a amaidí a bhí a obair sanasaíochta, agus ar na fabhtaí ina phearsantacht.

Deir Seán Ó Dufaigh sa chuntas aige in DIB ar Nioclás gurbh i mBaile Thomáis in aice le Dún Dealgan a rugadh é agus gur féidir gurbh iad James Carney agus Caty Callehan sa bhaile sin a thuismitheoirí. Tuairimítear nár Nioclás a baisteadh air ar chor ar bith. Tá a fhocal féin againn air gur tógadh é i dteach a ainte, Thomastown House, i mBaile Thomáis atá míle go leith ó Dhún Dealgan in aice an bhóthair go Carraig Mhachaire Rois. Óna chomharsa, Art Mór Ó Murchaidh, file, a d’fhoghlaim sé scríobh agus léann na Ghaeilge. D’eagraíodh Art comórtais chun ceird na rannaireachta a theagasc. Dalta eile de chuid Airt ba ea Mathew Moore Graham agus d’oibrigh seisean agus Nioclás i páirt le chéile chun ‘Collectanea Grahamea’ nó ‘The Bardic Remains of Louth’ a thiomsú. Bhí i gceist acu in 1833 é a fhoilsiú, ach go bhfaighidís a ndóthain síntiús. Nioclás a scríobh an cuntas atá ann ar Pheadar Ó Doirnín. Gan fhios do Graham chuir sé craiceann ar chuid den eolas, agus cuid de na dánta a leag sé ar an seanfhile ba é féin a chum iad. Deir Ó Dufaigh: ‘Má thosaigh an béas seo aige sa “Bardic Remains” go luath sna tríochaidí, lean sé leis tríd a shaol.’

Baineann doiléire lena imeachtaí go raibh dhá scór bliain aige. B’fhéidir go raibh post státseirbhíse aige i nDún Dealgan agus gur chaill sé é toisc é a bheith gafa le náisiúnachas. Bhí gluaiseacht na nÉireannach Óga tar éis dul i gcion air agus scríobhadh sé dánta do The Nation. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an Hibernian Gaelic Society i nDroichead Átha in 1842. Bhí d’aidhm ag an gcumann duanairí a fhoilsiú. I bpáirt leis an Ath. Tomás de Búrca scríobh sé teagasc Críostaí chun chur in aghaidh lucht na bíoblóireachta. Chuir sé le chéile freisin ‘Compendium of Irish Grammar’. In 1844 chuaigh sé go Baile Átha Cliath agus fuair post múinteora i scoil a bhí ag na Doiminicigh i Sráid na Danmhairge. Deirtear gur spreag sé Seán Ó Dálaigh chun an Celtic Society a chur á bhunú in 1845 agus bhí sé ina bhall den choiste sealadach. D’ullmhaigh sé eagrán de ‘Cath Chluain Tarbh’ dóibh ach níor foilsíodh é; a thuairimí polaitiúla, b’fhéidir, agus a theoiricí aisteacha ba chúis leis sin. Bhí William Elliot Hudson, duine eile de bunaitheoirí an Celtic Society, ina phátrún aige agus ba do Hudson a rinne sé an lámhscríbhinn 23E12. Shíl Hudson gur ag cóipeáil dánta as sean-lámhscríbhinní ina sheilbh a bhí Nioclás. Deir Ó Dufaigh: ‘Fuair sé rud éigin eile, atá iontach tábhachtach dúinne ach nach gcuirfeadh sé féin, b’fhéidir, luach ar bith air: d’íoc sé as cnuasach d’fhilíocht Nioclás Uí Chearnaigh.’

D’fhág sé a phost múinteora in 1851 chun dul mar pháirtnéir i ngnó táilliúireachta, gnó ar theip air, agus fágadh é gan aon ioncam. Bunaíodh an Cumann Oisíneach in 1853 agus bhí Nioclás ar an gcoiste. Chuir sé eagar ar dhá leabhar dóibh: The Battle of Gabhra: Garristown in the County of Dublin fought A.D. 283 . . ., 1853 agus Feis Tighe Chonain Chinn tSléibhe; or the Festivities at the house of Conan of Ceann-Sleibhe, in the County of Clare, 1855, imleabhar I agus II den Ossianic Society Transactions. Ní raibh aon teacht isteach ag Nioclás ón obair. Chun airgead a thuilleamh d’fhoilsigh sé The Prophecies of SS. Columbkille, Maeltamlacht, Ultan, Seadhna, Coireall, Bearcan, etc . . . with literal translation and notes, 1856. Bhí na sean-tairngreachtaí ann, cuid díobh a bhí an-ársa agus cuid eile ar le cúpla céad blian anuas a cumadh iad. Thug sé suas chun dáta iad. Ionsaíodh an leabhar ó gach taobh. Bhagair Paul Cullen, Ardeaspag Bhaile Átha Cliath, i dtréadlitir gan aon chreidiúint a thabhairt dóibh. Scríobh Seán Ó Donnabháin ina gcoinne agus d’ionsaigh Eoghan Ó Comhraí an obair. In 1866 d’fhoilsigh R. R. Madden Exposure of literary frauds and forgeries ina dtugann sé faoi. Tá cuntas ag Réamonn Ó Muirí in Seanchas Ard Mhacha 1968 (‘Lámhscríbhinn ó Cho. Lú’) ar lámhscríbhinn na dtairngreachtaí a aimsíodh i dTulach Eiscir, Co. Lú, i 1962. ‘Book of Prophecies’ a theideal agus i dteach William Kirke a fritheadh é. Tá na ceannlitreacha N. K. i ndiaidh ceann de na nótaí ann. Deir Ó Muirí: ‘Is ionann cuid mhór de na tairngreachtaí seo agus na cinn a d’fhoilsigh Nioclás Ó Cearnaigh i bhfoirm leabhair sa bhliain 1856 agus tá cosúlacht idir na nótaí chomh maith. Cuireadh ina leith gur chum sé iad é féin agus b’fhéidir go gcabhródh an LS. nua seo chun an cheist sin a réiteach, más eisean a scríobh an LS. seo.’

Baineadh ainm Niocláis as comhairle an Chumainn Oisínigh. In 1862 chóipeáil sé cuid de chuntas Thaidhg Uí Chianáin ar imeacht na nIarlaí don Athair C. P. Meehan, staraí, agus níl a thuairisc le fáil ina dhiaidh sin. Dhealródh sé ón bhfianaise scáinte atá ann gur éag sé roimh 1866. Chun a phearsantacht agus a ghníomhartha a thuiscint is gnách cluas a thabhairt do rud a dúirt Énrí Ó Muirgheasa faoi in Abhráin Airt Mhic Chubhthaigh agus Abhráin eile, 1916: ‘He saw everything he described through the magnifying lens of a fantastic imagination.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú