Ba dhuine d’aistritheoirí James Hardiman é agus tá cuntas air in Dictionary of National Biography. I Latharna, Co. Aontroma, mar a raibh a athair William (d’éag 1783) ina dhochtúir, a rugadh é Lúnasa 1778. Tuairimíonn Roger Blaney in Presbyterians and the Irish Language, 1996 go gcloiseadh sé an Ghaeilge i nGlinnte Aontroma ina óige. Bhog an bhaintreach (Rose Hare) agus a triúr clainne go Béal Feirste. Tar éis oiliúna san Belfast Academy fuair William post i monarcha i Sasana ach in aois a 16 chuaigh go Coláiste Ghlaschú agus é ar intinn aige a bheith ina shagart. Ach de cheal airgid bhí air an coláiste a fhágail gan chéim. Chaith sé tamall mar oide príobháideach i nGleann na bhFiach, Co. . Arís, tuairimíonn Blaney gur chuir sé lena eolas ar an nGaeilge ansiúd. Lean sé den staidéar agus oirníodh é i mBéal Feirste mar mhinistir Úinitéireach in 1800. Chaith sé 15 bliana sa chathair sin. Phós sé Barbara Tomb ach ní rófhada a mhair sí. D’oscail sé scoil chónaithe ag Mount Collyer. Bhí Thomas Romney Robinson (1793-1882), réalteolaí, i measc na ndaltaí. Bhí sé ina bhall den Belfast Literary Society ó thús agus d’fhoilsíodar dánta leis. Bhí sé cairdiúil leis an Easpag Thomas Percy (1729-1811), údar Reliques of Ancient English Poetry, 1765, agus d’fhéach seisean chuige go mbronnfadh Ollscoil Aberdeen céim air. Chuaigh sé go Baile Átha Cliath in 1815 agus bhí ina mhinistir in eaglais Shráid na Trá. Aighneasóir creidimh ba ea é in ainneoin a shéimhe a bhí a mheon agus d’fhoilsigh sé aistí conspóideacha. Phós sé Catherine Blackley i mBaile Átha Cliath. D’éag sé ag 27 Sráid Gardnar Íochtarach,16 Deireadh Fómhair 1865, agus tá sé curtha i Reilig Chnocán Iaróm. D’fhág sé seisear clainne ina dhiaidh.

Toghadh mar bhall d’Acadamh Ríoga na hÉireann é agus bhí sé ina leabharlannaí acu ar feadh i bhfad. Bhí sé ina bhall den chéad choiste in 1831 a d’fhéach le Annála Ríoghachta Éireann a fhoilsiú. Bhí filíocht á scríobh aige óna óige: foilsíodh Juvenile Poems: By a student of the University of Glasgowc.1795. In Irish Book Lover, Meán Fómhair 1913, i gcuntas gan ainm leis, deirtear: ‘While still a student he published “The Man of Age”, a poem dealing with the wrongs and misgovernment of Ireland, which nearly cost him his life. On the day of Antrim fight, when the victorious cavalry returned to Larne, one of the officers presented a pistol at Drummond’s head, exclaiming, “You young villian, it is you and the like of you that have brought this upon us, with your infernal poetry!” but a companion dashed the weapon aside.’ Bhí sé ag scríobh dráma ar eachtraí 1798 ach níor chríochnaigh é; shíl sé nár chuí do mhinistir Úinitéiréach a leithéid a fhoilsiú. D’fhoilsigh sé dánta ar stair na hÉireann, Clontarf, 1822 agus Bruce’s Invasion of Ireland, 1826. In 1835 bhí litir uaidh i gcló ag Philip Barron ag fáiltiú roimh Ancient Ireland: ‘Your publication must be successful—It is admirably calculated to bring about, effectually and expeditiously, the revival of the Irish literature and language, a consummation devoutly to be wished’ (i gcló ag Blaney). D’fhoilsigh sé féin Ancient Irish Minstrelsy, 1852 atá bunaithe ar aistriúcháin a rinne Hardiman, Nioclás Ó Cearnaigh agus Eoghan Ó Comhraí.

Tá liosta a leabhar in Dictionary of National Biography agus liosta dá dhánta in ‘The Poetry of William Hamilton Drummond, D.D., M.R.I.A.’ le Samuel Shannon Millin (Ulster Journal of Archaeology, 1901). Chuir sé eagar ar Autobiography of Archibald Hamilton Rowan,1840. Bhí sé ar na daoine a dhamnaigh Macpherson: ‘In 1830 there appeared two strong, long and, if it comes to that, somewhat otiose condemnations of Macpherson’s Ossianic forgeries, one by William Hamilton Drummond and one by Edward O’Reilly [Éadbhard Ó Raghallaigh q.v.]’ (E.G. Quin in The Royal Irish Academy: a bicentennial history 1785-1985, 1985). Mhol an Cumann Oisíneach an aiste sin go hard in Prospectus and Annual Report for the year 1855: ‘In 1852, the latter gentleman (Dr Drummond), who, indeed, may be justly termed, “Oisín i ndiaidh na Féinne”, published a volume of Ossianic poetry consisting of metrical translations into English from the original Irish, with an interesting critical dissertation on Fenian history, literature and lore.’ Ba leabharghealt é agus bhí a theach plúchta le leabhair, deirtear, agus ba cheannródaí é sa luathscríbhneoireacht.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil sa Dictionary of Ulster Biography anseo »

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú