Thuill sé clú náisiúnta mar gheall ar na hamhráin a chum sé, a chuid cártaí Nollag, an poblachtánachas, agus a shaothar ar son na Gaeilge.

I gCill Scíre, Co. na Mí, a rugadh é [Bernard O’Higgins an leagan Béarla dá ainm sa leagan Béarla dá theastas pósta] 1 Iúil 1882. Feirmeoir ba ea a athair Pádraig. Áine Ní Shionnaigh (Fox) ab ainm dá mháthair. Bhí dúil aige sa scríbhneoireacht go hóg ina shaol agus theastaigh uaidh bheith ina iriseoir. Ach b’éigean dó glacadh le printíseacht i siopa grósaera i Ráistín san Iarmhí. Foilsíodh véarsaí dá dhéantus in Meath Chronicle sular thug sé aghaidh i 1901 ar Bhaile Átha Cliath agus ar phost cúntóra i dteach tábhairne i Sráid Líosáin ar dtús agus ansin i dtábhairne Uí Shioradáin, 26 Sráid an Iarla Thuaidh. Ar phá suarach bhí air 16 uair a chloig oibre a dhéanamh gach lá, agus cúig uair a chloig ar an Domhnach. Deirtear gurbh fhearr leis bheith i mbun dualgais siléir: thugadh sé deis chun staidéir agus scríbhneoireachta dó. Séamus Ó hEochaidh (An Fear Mór), a thug a chéad cheacht Gaeilge dó. Deirtear gur i rith na haimsire sin a casadh Art Ó Gríofa air agus gur dá bharr a thosaigh sé ag scríobh don United Irishman. Agus in ainneoin na n-uaireanta fada bhí sé in ann freastal ar chruinnithe Chraobh Eoghain Uí Ghramhna de Chonradh na Gaeilge ó Mheitheamh 1901 amach. Luaitear mar mhúinteoirí aige Micheál Cíosóg, ar dó a scríobh sé an bailéad ‘Ireland’s hurling men’ in aghaidh an choisc a bhí ar an iomáint i bPáirc an Fhionnuisce ar an Domhnach (Pádraig Ó Tuile, Life and times of Brian O’Higgins, [c.1965]), agus Seoirse Mac Raghnaill, an Bleá Cliathach a maraíodh ag Droichead Shráid an Mhóta 1916.

D’éirigh sé an-bhreoite timpeall an ama seo agus d’ordaigh dochtúir dó dul abhaile go Cill Scíre. Deir Pádraig Ó Tuile gurbh é a chuir tús le rang Gaeilge ann. Bhí sé ina ionadaí ó Chraobh Naomh Scíre ag Ardfheis 1905. Bhíodh colúin sheachtainiúla aige i dtaobh chúrsaí na Gaeilge in Meath Chronicle, Leinster Leader, Irish Peasant.

Thug an Fear Mór cuireadh dó freastal ar chúrsa i gColáiste Múinteoireachta na Mumhan. Rinne sé sin i 1905 agus arís i 1906 gur bhain teastas múinteora amach. Fuair sé post múinteora taistil faoin gConradh i gContae an Chabháin agus chaith trí bliana ann. Phós sé Áine Nic Chionnaith, iníon le Daniel O’Kenney, 146 Sráid na Mainistreach Uach., Baile Átha Cliath, sa Leas-Ardeaglais, Sráid Mhaoilbhríde, 9 Meán Fómhair 1908 agus faoi 1909 bhí cónaí orthu ag 17 Botháin an Bhua, Cluain Tarbh. Bhí fógra acu in An Claidheamh Soluis, 5 Márta 1910 gur rugadh mac, Feargus, dóibh ansiúd. Seachtar clainne a bhí acu sa deireadh.

Foilsíodh leabhar filíochta leis, A bunch of wild flowers, 1906 agus as sin amach bhíodh ábhar uaidh i gcló anseo is ansiúd. D'fhoilsigh muintir Mhic Ghoill Síol na saoirse, 1910, cnuasach dá dhánta agus dá amhráin Ghaeilge. Bhí cúinní na leanaí á scríobh aige in Father Mathew Record, Irish Freedom, The Irish Catholic.

Chuaigh sé isteach sna hÓglaigh 1913 agus ghlac páirt in Éirí Amach 1916. Nuair a tháinig sé abhaile tar éis géibhinn i mBeairic Stafford agus i bhFrongoch chuaigh sé chun cónaithe i gCarraig an Chabhaltaigh nuair a tairgeadh post cláraitheora/rúnaí dó i gColáiste Uí Chomhraí (An Claidheamh Soluis, 3 Feabhra 1917). Gabhadh é i mBealtaine 1918 mar gheall ar an ‘gcomhcheilg Ghearmáineach’. Dúradh in An Chlaidheamh go gcrothnódh léitheoirí Irish Fun agus St Enda é. Ba é a bhunaigh Irish Fun agus bhí sé ina eagarthóir air.

Roghnaíodh é mar iarrthóir d’iarthar an Chláir in olltoghchán 1918 nuair nach bhfuarthas freagra ar an gcuireadh a tugadh do Pheadar Clancy. Bhí Brian i bpríosún i mBirmingham ag an am. Toghadh é agus bhí sé faoi ghlas go fóill nuair a tionóladh an Chéad Dáil 21 Eanáir 1919. ‘In March Brian O’Higgins returned from Birmingham jail and this sparked off further rejoicing in the west of the county. The member for West Clare arrived in Kilkee by car. He was met at the outskirts of the seaside resort by the local brass and reed band and led through the streets of the town. Volunteers marched on either side of his car and an address of welcome was read by Rev. W. Grace C.C. Kilkee was illuminated for the reception as was Carrigaholt where he was reunited with his wife and family in the Irish College’ (Kevin J. Browne, Eamon de Valera and the Banner County, 1982).

Bhí sé ina bhall den Dara Dáil agus ceapadh é ina Leas-Cheann Comhairle. Bhí sé in aghaidh an Chonartha. In olltoghchán 1923 sa Chlár ní bhfuair sé ach 114 vóta ach toghadh é toisc go bhfuair Dev beagnach 46 faoin gcéad den vóta iomlán. D’fhan ina bhall de Shinn Féin nuair a bunaíodh Fianna Fáil i 1926 agus sheas ar a shon sa Chlár i Meitheamh 1927 nuair a chaill sé an suíochán tar éis 1,412 vóta a fháil. Bhí sé an-searbh i dtaobh Dev ina dhiaidh sin agus deirtear gur fhág sé sochraid a mhná féin toisc gur tháinig Dev i láthair (tuairiscithe in Survivors ... 2ú heagrán, 1987 ag Máire Comerford, bean nár thaitin Brian léi). Níor theastaigh uaidh bheith ina uachtarán ar Shinn Féin i 1927 nuair a tairgeadh an post sin dó. Deir Pádraig Ó Tuile gurbh é an fáth ar fhág sé an páirtí i 1933 nár aontaigh sé lena mbreithiúnas nárbh oiriúnach mar uachtarán orthu fear a raibh post aige faoin Saorstát.

Bhí eolas forleathan ar a chuid amhrán, go háirithe ar na cinn a dhéanann fonóid faoi phílir agus faoi sheoinínteacht, leithéidí ‘The Peeler and Peadar’, ‘The Seoinín maids of Erin’, ‘Moses Ritoorilioorilay’....

Chuir sé tús le gnó na gcártaí Nollag i 1925, nuair is beag má bhí fáil ar aon chártaí de dhéantús na hÉireann, agus d’fhaigheadh cabhair ón ealaíontóir Ailbhe Ó Monacháin. É féin gan amhras a cheapadh na dánta beaga. Bhunaigh sé féin agus Seosamh Ó Cléirigh an Wolfe Tone Weekly (1937–39) agus bhí Brian ina eagarthóir air go dtí go ndearnadh é a shochtadh. Bhí an Wolfe Tone AnnualIris Teoin á thabhairt amach ó 1932 go 1962. Is le stíl agus dearcadh na hirise sin is mó a bhaineann aiste Phádraig Uí Shnodaigh in Feasta, Iúil 1982, eisiúint speisialta ómóis céad bliain i ndiaidh a bhreithe, a bhfuil aistí inti freisin ag Seán Mac Stiofáin, an Gabha Gaelach, Deasún Breatnach agus A. Ó Gibealláin OFM. In uimhir Lúnasa na bliana sin den iris chéanna tá cuntas ar a shaol ag an Athair Colm Cille O.Cist.

D’éag sé ar 3 Márta 1963.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú