“B’é an chéad úrscéalaí Gaeilge é, dáiríre, agus ní dócha go raibh scríbhneoir ar bith Gaeilge ó shin i leith a d’fhoilsigh an oiread sin leabhar leis,” deir Máirín Nic Eoin in An litríocht réigiúnach (1982). Agus dúirt Séamus Ó Searcaigh in Nua-sgríbhneoirí na Gaedhilge (1934): “An moladh is mó atá tuillte aige gur scríobh sé leabhair ina bhfuil an Ghaeilge is fearr agus is glaine dá bhfuil sa Nua-Ghaeilge”. In Léachtaí Cholm Cille 1974 scríobh Tomás Ó Fiaich: “Dá dtigeadh an lá choíche a chaillfi gach foinse staire ó Rinn na Feirste i ndeireadh an 19ú haois ... d’fhéadfaí saothar ar stair Rinn na Feirste san aois sin a athchruthú as leabhair Mháire a bheadh chomh hiomlán leis an méid a cailleadh, agus i bhfad níos bríomhaire, níos spéisiúla agus níos daonnúla”. Ní mór a rá freisin, áfach, go bhfuil na léirmheastóiri ar aon fhocal, geall leis, in ainneoin a measa ar áilleacht a phróis agus ar dhea-thréithe eile a scríbhneoireachta, nár chomhlíon sé an gealladh mór a bhí faoi sna 1920idí luatha agus nach bhfuil úire ná forbairt ná domhainsmaointe le fáil ina shaothar. Tá aiste fhada ina thaobh ag an Athair Seán Ó Gallchóir in Scríbhneoireacht na gConallach (1990), in eagar ag Nollaig Mac Congáil.

Rugadh Séamus i dTóin an Bhaile, Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall, ar 17 Samhain 1889. Níor cláraíodh an bhreith go dtí mí Feabhra agus is é atá go botúnach ar an teastas breithe, deir a mhuintir, 12 Feabhra 1890. Ba é Féilimí (Dhónaill Phroinsiais) Greene, a raibh beagán de thalamh bocht aige agus bád, a athair. Dhealródh sé ar aiste ag Niall Ó Dónaill in Comhar, Iúil 1981 (“Ní chuirfinn a ainm féin as a riocht air, d’ainneoin gur shíolraigh sé ó Chlann Mhic Ghrianna”) gurb é ‘Mac Grianna’ a shloinne ó cheart. Ba í Máire (Eibhlín Néillín) Ní Dhónaill a mháthair. Deirfiúr í don seanchaí cáiliúil Johnny Shéamaisín. Faoi Fhéilimí dúirt Séamus Ó Grianna in Rann na Feirste (1942): “M’athair an scéalaí is fearr a chuala mé riamh. Sé an cainteoir Gaeilge é is fearr a chuala mé”. Agus mhaígh sé in Nuair a bhí mé óg (1942): “An mhuintir a tháinig romham ar thaobh mo mháthar rinne siad amhráin agus dánta chomh maith is rinneadh in Éirinn lena linn”. Bhí deichniúr eile páiste sa chlann. Ba é Séamus an ceathrú duine ba shine. Agus ba é an buachaill ba shine é, rud a d’fhág go ndearnadh peata de. Is dóigh le Nollaig Mac Congáil in Scríbhneoirí Thír Chonaill go raibh an-bhaint ag seo leis an difríocht mhór idir é agus a dheartháir Seosamh Mac Grianna mar scríbhneoirí. Bhí Seosamh 12 bliana níos óige (rugadh é ar 15 Eanáir 1901. “Philip Green” agus “Mary O’Donnell” na tuismitheoirí, dar leis an teastas breithe. Síleadh gur i Lúnasa 1900 a rugadh é. Feic an nóta ag Liam Ó Dochartaigh in Scríobh 5, l. 240.)

Bhí sé sa scoil náisiúnta go raibh sé 13 bliana d’aois. I scrúdú a rinne sé ar an gClochán Bán chun dhá bhliain saor ó tháillí a fháil i gColáiste Shliabh an tSín theip air na ceisteanna a cuireadh air i dtaobh “Lycidas” a fhreagairt. Rinne sé “fostú” i dTír Eoghain nuair a bhí sé 14 bliana d’aois. Ar £4 bhí sé le fanacht ó Bhealtaine go Samhain ach níor fhan sé ach oíche nó dhó bhí an oiread sin cumha air i ndiaidh an bhaile. Seachtain a d’fhan sé an bhliain dár gcionn. Dhá bhliain ina dhiaidh sin agus gach bliain go ceann trí bliana d’oibrigh sé an fómhar in Albain, ag tanú tornapaí agus ag baint sméar agus prátaí an dá bhabhta tosaigh agus le hobair náibhíochta ar an bpíopa uisce idir Broughton agus Dún Éideann an triú bliain.

Bhain sé an chéad duais ar thrí scéal ón mbéaloideas ag Oireachtas 1912. I Márta na bliana sin in An Lóchrann bhí an chéad aiste i gcló aige. Bhí an t-ainm “Máire” leis. Chaith sé an tréimhse 1912–14 i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Fuair sé an marc is airde sa Bhéarla sna scrúduithe deiridh. An tAthair Maitiú Maguidhir a thug a chéad phost dó i gCill Scíre, Tír Eoghain, toisc gur chainteoir dúchais Gaeilge é. Ann a bhí sé nuair a bhris an Chéad Chogadh Mór amach. Bhí sé ag múineadh ina dhiaidh sin in Inis Fraoich agus i Leitir Chatha i dTír Chonaill. Rinne sé dhá chúrsa i gColáiste Uladh i nGort an Choirce agus bhain teastas amach mar mhúinteoir Gaeilge. Thaistil sé cuid den tír mar thimire don Chéad Dáil. Dar leis gur theip air. Shíl na Muimhnigh gur Ghaeilge Chonnacht a bhí aige agus níor thuig siad é. Shíl na Connachtaigh gur Ghaeilge na Mumhan a bhí sé a labhairt. Níor thuig na hUltaigh é toisc gurbh í Gaeilge Uladh a bhí acusan!

Nuair a bhris an Cogadh Cathartha amach chuaigh sé ar thaobh na Poblachta agus chaith 1922–24 i ngéibheann sa Droichead Nua. Bhí triúr deartháireacha leis sa phríosún céanna ag an am céanna. Ceapadh é ina Rúnaí ag eagraíocht an Fháinne in 1924 agus as sin amach is i mBaile Átha Cliath a bhí cónaí air, cés moite de bhliain a chaith sé i Menton i ndeisceart na Fraince ar mhaithe lena shláinte. Bhí broincíteas air de dheasca na tréimhse i bpríosún. Bhí sé ag foghlaim na Fraincise i scoil Bherlitz ar feadh tamaill roimh imeacht dó chuig an Fhrainc. Ceapadh é ina bhall den choiste chun athchóiriú a chur ar Chonradh na Gaeilge in Eanáir 1925 ach níor fhéad sé freastal ar na cruinnithe. Ó 1926 go 1929 bhí sé ina eagarthóir ar iris Chonradh na Gaeilge Fáinne an Lae. Saor in aisce a rinne sé an obair sin. Bhí rún aige gan aon aird a thabhairt ar an gCoiste Gnó agus scríobh sé iomlán eagráin amháin agus a fhios aige nach mbeadh glacadh acu leis. Ag scríobh dó i dtaobh na tréimhse sin deir Aindrias Ó Muimhneacháin in Dóchas agus duainéis: “Aorthóir thar na bearta, leis, ab ea é, agus ní raibh aon duine dá linn féin, ná ó shin i leith, inchomórtais leis chun fonóide ná chun ula mhagaidh a dhéanamh den duine nó den rud nárbh áil leis”.

Ag an am seo a thosaigh sé ag aistriú leabhar don Ghúm. Chaith sé tamall i dteach Néill Uí Dhónaill ar an gCuarbhóthar Thuaidh agus bhíodh an bheirt acu ag iomaíocht le chéile féachaint cé acu ba thapúla ag aistriú. Fuair sé post sa státseirbhís nuair a tháinig Fianna Fáil i gcumhacht in 1932. In An tUltach, Iml. 13, Uimh. 2 (1936) dúirt sé: “Tá mé sna ribhínigh anois”, ag tagairt dá obair mar Oifigeach Custaim agus Máil agus ar an taithí a bhí aige ar phoitín a dhéanamh i bhfad roimhe sin. Bhí sé ar fhoireann fhoclóirí de Bhaldraithe agus Uí Dhónaill sular éirigh sé as obair in 1966. Cheangail sé leis an Language Freedom Movement a bunaíodh sa bhliain sin, comhartha ar a sheirbhe a bhí sé i dtaobh na hathbheochana. Scríobh sé litir chuig Comhar ar 6 Eanáir 1968 ag diúltú cead dóibh rud ar bith a athfhoilsiú agus á rá gur thrua gur scríobh sé focal riamh (i gcló in Comhar, Nollaig 1969). Dhiúltaíodh sé glan an litriú ná an ghramadach chaighdeánach a úsáid agus bhí sé in aghaidh an chló Rómhánaigh. Tugadh cead i ndiaidh a bháis do Niall Ó Dónaill atheagar a chur ar a chuid leabhar do ghlúin léitheoirí nach raibh an seanlitriú ná an cló Gaelach ar a gcleachtadh acu ar choinníoll go gcloífeadh sé go dílis le Gaeilge Shéamuis agus gan í a ligean as a riocht.

An dá úrscéal Mo dhá Róisín (1921) agus Caisleán óir (1924), agus Cith is dealán (1927), cnuasach gearrscéalta, na leabhair is mó a mbíonn trácht orthu. 27 bunleabhar a scríobh sé chomh maith leis na leabhair a d’aistrigh sé. Bunleabhair leis is ea: Micheál Ruadh (1925); Sraith na Craobhruaidhe (1927-c.1930); Feara Fáil (1933); Thiar i dTír Chonaill (1940); Rann na Feirste (1942); An aibidil a rinne Cadmus (1944); Saoghal corrach (1945); Scéal úr agus sean-scéal (1946); An teach nár tógadh (1948); Ó neamh go h-Árainn (1953); An clár is an fhoireann (1955); Fód a’ bháis (1955); Tráigh is tuile (1955); Fallaing shíoda (1956); Tarngaireacht Mhiseóige (1958); An draoidín (1959); An bratach (1959); Ó mhuir go sliabh (1961); Úna Bhán (1962); Suipín an iolair (1963); Cúl le muir (1963); Bean Rua de Dhálach (1966); Le clap-sholus (1967); An sean-teach (1969); Oidhche shamhraidh agus scéalta eile (1968); Cora cinniúna 1 (1993); Cora cinniúna 2 (1993). Aistriúcháin a rinne sé is ea: Éire agus Éireannaigh i Muirthéacht na Frainnce (1933) (Ireland and Irishmen in the French Revolution le Richard Hayes); Faoi chrann smola (1935) (La terre qui meurt le René Bazin); Caiftín Blood (1937) (Captain Blood le Rafael Sabatini); An bealach achtuighthe (1938) (The right of way le Gilbert Parker); Lisín (1940) (Lisheen leis an gCanónach Patrick Sheehan); Filéad na Bainrioghna (1940) (The Queen’s fillet leis an gCanónach Patrick Sheehan); Iascaire Inis Tuile (1953) (Pecheur d’Islande le Pierre Loti). Tá clár a shaothair i gcló ag Nollaig Mac Congáil in An tUltach Aibreán 1981. Chum sé roinnt dánta agus amhrán freisin. Ba é a chum “Thuas i lár a’ ghleanna” (An tUltach, Uimhir Mhór na Nollag 1926).

Deartháir cáiliúil eile leis ba ea Seán Bán Mac Grianna a scríobh Ceoltaí agus seanchas (1976). D’éag sé i mí an Mhárta 1979 agus tá cuntas ar a bheatha ag Pádraig Ó Baoighill ar Inniu 23 Márta 1979. Deirtear gurbh eisean agus a dheirfiúr Anna a fuair oidhreacht an tseanchais go léir óna n-athair toisc gurbh iad a d’fhan sa bhaile.

Bhí Séamus pósta ar Mary Ellen (“Connie”) McDonnell ó Mhainistir Laoise. Bhí ochtar clainne acu. 25 Ascaill Uí Ghríofa, BÁC, a dteach cónaíthe. D’éag sé ar 27 Samhain 1969. Dúirt a chara Niall Ó Dónaill faoi san aiste sin in Comhar: “Thug sé féin a theanga chun cruinnis thar aon scríbhneoir eile as Gaeltacht Thír Chonaill ina lá, agus mhúin sé don chuid eile againn gné de Ghaeilge na hÉireann a mhúnlú as an chanúint a tháinig ó dhúchas linn”. Sa chlár raidió Focus a craoladh díreach i ndiaidh a bháis dúirt Máirtín Ó Cadhain gurbh é Máire scríbhneoir na Gaeltachta par excellence agus nárbh áibhéil a rá gurbh é a mhúin rud don chuid eile acu ón nGaeltacht – rud a chinn ar Ó Conaire, ar an bPiarsach agus ar an Athair Peadar – is é sin, gurbh fhéidir litríocht a dhéanamh as an gcaint agus as an saol as ar fáisceadh iad féin. I Samhain 1989, céad bliain i ndiaidh a bhreithe, bhí Féile “Mháire” ar siúl i Rann na Feirste agus bhí aistí beathaisnéise i gcló in Anois (19 Samhain) ag Risteárd Ó Glaisne agus an Dr Damien Ó Muirí, agus in Feasta ag Risteárd Ó Glaisne. Ar 28/9 Nollaig 1989 chraol Raidió na Gaeltachta clár faisnéise a scríobh agus a láithrigh Pól Ó Gallchóir. In 1989 freisin foilsíodh clár na gcorthaí cainte i saothar Uí Ghrianna le hAilbhe P. Curran. Agus in 1990 d’fhoilsigh Coiscéim Máire: clár saothair le Nollaig Mac Congáil.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil sa Dictionary of Ulster Biography anseo »

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú