Ba í ba mhó a d’aistrigh ábhar ón Rúisis. Sa Chlochán Liath, Co. Dhún na nGall, a rugadh í 12 Márta 1899 agus ba í an tríú duine í den chlann cheathrar buachaillíí agus cúigear cailíní a bhí ag John McMackin, ball den Chonstáblacht Ríoga arbh as Bearach, Co.Thír Eoghain, dó ó cheart, agus Margaret McNamee. ‘Daisy’ ba ghnách mar ainm ar Mhaighréad.

D’aistrigh an chlann go dtí Baile Monaidh agus is cosúil gurbh ann a fuair sí bunoideachas. D’aistrigh an chlann arís, go Béal Feirste an uair seo. Faoin am seo is ag tuilleamh a bheatha mar gheallghlacadóir a bhí an t-athair. Tar éis meánscolaíochta ag na Siúracha Dominiceacha i mBóthar na bhFál, bhain sí BA amach san Fhraincis agus sna teangacha Ceilteacha i gColáiste na Ríona. Chaith sí bliain sa Sorbonne agus fuair céim MA. Is le linn di bheith i bPáras a thosaigh a spéis sa Rúisis.

Faoi na luathfhichidí bhí cónaí uirthi in árasán i Sráid Grafton, Baile Átha Cliath. Bhí tamall géibhinn caite ag a deartháir mór Bernard i bhFrongoch agus bhí luí aici leis an bpoblachtánachas agus, b’fhéidir, leis an sóisialachas. Tá an cur síos seo uirthi ag C.S.Andrews in Man of no property, 1982: ‘Daisy MacMackin was a woman of exceptional intelligence. She was petite, with striking red hair and a beautiful speaking voice.... Her intelligence and scholarship were entirely subordinated to an immense compassion for all who were poor or lonely or sick or in any way underprivileged. All the energy which might have produced a great academic career was spent in helping the lame, the halt and the blind and working to create a society which would willingly accept its obligations to the disadvantaged and to those constitutionally unable to cope with day-to-day living’.

Chaith sí tamaill ag múineadh, bliain i Wolverhampton agus tamaill le Siúracha an Chroí Naofa i Sráid Líosáin, Baile Átha Cliath, ach níor thaitin an cheird sin léi agus níor thaitin léi go háirithe bheith ag cur smachta ar rang. ‘Níorbh aon phóilín mise’, a deireadh sí. Ag tabhairt ceachtanna príobháideacha is mó a shaothraíodh sí a beatha agus is timpeall an ama seo a thosaigh sí ag aistriú scéalta. Chuaigh sí chun na Rúise den chéad uair i 1932 agus bhí ag obair ann mar aistritheoir. Nuair a thug sí an dara cuairt i 1935 phós sí Patrick Breslin, fear a rugadh i Londain ar 16 Meitheamh 1907 (ach arbh as na Gleannta, Dún na nGall, dá athair), agus a d’imigh chun na Rúise i 1928. Faoin am seo bhí sé ina shaoránach de Aontas na Sóivéideach agus é ag obair i mBiúró an Aistriúcháin agus don nuachtán Moscow News. Ba í Maighréad an dara bean aige. In Left to the Wolves: Irish Victims of the Stalinist Terror, 2007 le Barry McLoughlin tá breis eolais i dtaobh na tréimhse a chaith sí sa Rúis sa chaibidil (‘Life with Daisy’) den chuntas ar a fear céile Patrick Breslin.

Faoi 1938 bhí Maighréad ag iompar clainne agus theastaigh uaithi gurbh in Éirinn a shaolófaí an leanbh (rugadh a haon-iníon Anna Maighréad i mBéal Feirste 8 Meitheamh 1938). Ina dhiaidh sin ní thabharfadh údaráis na Sóivéideach víosa don Bhreisleánach agus ní thabharfaí cead do Mhaighréad filleadh ar an Rúis. Ní fheicfeadh sí a fear céile arís. Chuir sí fúithi in athuair san árasán i Sráid Grafton agus bhí ag ceartú páipéar scrúdaithe agus ag tabhairt ceachtanna príobháideacha.

I 1943 fuair sí obair pháirtaimseartha i gColáiste na Tríonóide. Ba í an chéad mhúinteoir Rúisise í san ollscoil. Tugadh post lánaimseartha inphinsin di ina dhiaidh sin. Ach cé go raibh togha an eolais aici ar an Rúisis agus ar litríocht na Rúisise is toisc nár bhain sí aon cháilíocht fhoirmiúil Rúisise amach riamh nár tugadh di bheith ina ceann ar roinn na Rúisise. Chuaigh sí amach ar pinsean 1969 agus lean ag cur fúithi san árasán i Sráid Ghrafton gur éag sí ar 1 Eanáir 1983. ‘Her death took place at her Grafton St flat, of which she was tenant for 50 years and which itself developed into an unofficial centre of Slavonic and Irish studies and cultures’, a scríobh Proinsias Mac Aonghusa in The Irish Times i ndiaidh a báis. D’éag a fear céile sa Rúis i rith an chogaidh agus é ina phríosúnach in Kazan ar 21 Meitheamh 1942. Bhí fáthanna lena cheapadh go raibh baint ag a fhrith-Stailíneachas lena bhás. Fuarthas amach i 1993 gurbh amhlaidh a bhí. Chuaigh a iníon, Maighréad, chun na Rúise chun bualadh lena leasdeirfiúr agus leasdeartháir den chéad uair. Ní móide gur chumannach Maighréad féin. Bhí sí ina ball de chomhairle an Irish Soviet Friendship Society.

Is iad na leabhair a d’aistrigh sí ón Rúisis: An Silín-Ghort, 1935 (Anton Chekhov); Scéalta ón Rúisis, 1955 (Tolstoi, Turgenev, Pushkin aistrithe aici i gcomhpháirt leis an Athair Gearóid Ó Nualláin); Gearrscéalta Tchekov Cuid a hAon, [1939]; Sgéalta Sealgaire, 1954 (Ivan Turgenev). D’aistrigh sí leabhair le Patricia Lynch: Asal Fhear na Móna, 1944; Eibhlín agus Séamus, Rí na dTinncleoir, 1945.... Ón mBéarla freisin d’aistrigh sí an dráma Coinnleoirí an easbuig, 1944 (le Norman McKinnel) agus Ridirí beaga na hoíche, 1940 (le Arthur Mason). Ón bhFraincis d’aistrigh sí: ceann de na gearrscéalta sa chnuasach Fíon Franncach, 1956 [1959]; ‘An Chaoin-Fhrainc’ (le Rene Bazin), agus An tIúdach Pólach, 1936 le Emile Erckmann agus P.A.Chatrian (Le Juif Polonais). Ba í a chuir eagar ar Ós na ceithre hairdibh: cnuasach gearrscéal, 1938. Le hómós di bhronn Cumann na bhFoilsitheoirí 200 leabhar Gaeilge ar Ollscoil Mhoscó tuairim 1985.

Ba é tuairim Shéamuis Uí Ghrianna gurbh í féin agus Seán Mac Maoláin an bheirt fhoghlaimeoirí ab fhearr Gaeilge dár casadh air: Thosaigh sí ag foghlaim i gCloich Cheann Fhaolaidh nuair a bhí sí 12 bhliain d’aois. Bhí sí cairdiúil le Séamus agus bhí siad páirteach le chéile i bhfeachtas litreacha agus paimfléad in aghaidh an chaighdeáin oifigiúil. Shíl sí nár tugadh cothrom na Féinne ann do Ghaeilge Thír Chonaill. In ‘An Mhuintir s’againne’, Scéala Éireann 28 Márta 1959 dúirt Cathal Ó Seanáin gur le linn dó a bheith i bpríosún uair a rinne sé moltóireacht ar pháipéir scrúdaithe Fheis Bhéal Feirste agus gur do Mhaighréad a thug sé an chéad áit.

Bhí deirfiúr le Daisy, Eibhlín, ina beatha go fóill i 1992. Mac léi sin is ea an tAthair Connla Ó Dubhshláine C.Í., Árainn.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú