Gur tháinig Máirtín Ó Cadhain ar an bhfód ba é Ó Conaire an scríbhneoir próis ba mhó le rá ó thosaigh an athbheochan. Tá cuntais ar a bheatha is a shaothar in Pádraic Ó Conaire (1947) le hÁine Ní Chnáimhín, Pádraic Ó Conaire agus aistí eile (dara heagrán 1939) le Seosamh Mac Grianna, Scothscéalta (1956) in eagar ag Tomás de Bhaldraithe, Aistí Phádraic Uí Chonaire (1978) in eagar ag Gearóid Denvir, Clocha ar a charn (1982) in eagar ag Tomás de Bhaldraithe, Gaillimh agus aistí eile (1983) le Proinsias Mac Aonghusa, in Léachtaí cuimhneacháin (1983) in eagar ag Gearóid Denvir, in aiste in The Irish Times 13 Deireadh Fómhair 1983 ag Nollaig Ó Gadhra agus in Saoirse Anama Uí Chonaire (1984) le Tomás Ó Broin. Is é an cuntas is mine go fóill ar a shaol agus a shaothar Pádraic Ó Conaire: deoraí, 1994 de Pádraigín Riggs. Foilsíodh beathaisnéis leis an tSiúr Eibhlín Ní Chionnaith, Pádraic ó Conaire: scéal a bheatha, 1995. Dar le Pádraigín Riggs: ‘Ba é Tomás Ó Broin an chéad duine a thug faoi staidéar cuimsitheach a dhéanamh ar na pearsana in Deoraíocht . . .’.

I dteach tábhairne The Lobster Pot ar na dugaí i nGaillimh a rugadh é ar 28 Feabhra 1882. Tábhairneoir a athair Tomás Ó Conaire as Ros Muc. Cáit Nic Dhonnchadha a mháthair. Bhí beirt deartháireacha ag Pádraic: Micheál a rugadh in 1884 agus Isaac a rugadh in 1886. Nuair nach raibh ag éirí lena ghnó d’imigh an t-athair go Meiriceá. Fuair sé bás, de réir cosúlachta, go luath ina dhiaidhsean.

Bhí Pádraic ar scoil Chlochar na Toirbhirte ar dtús agus ansin ag na Bráithre Phádraig. Nuair a fuair an mháthair bás cuireadh siar é go dtí muintir a athar i Ros Muc agus cuireadh chuig scoil an Turlaigh Bhig é. Bhí siopa mór ag muintir a athar i Ros Muc agus ba é an Béarla gnáth-theanga an teaghlaigh.

Cuireadh go Coláiste Charraig an Tobair é in 1898. Nuair a dúnadh an scoil shóisearach (Juniorate) ansin, i samhradh 1898, cuireadh ar aghaidh go dtí Coláiste na Carraige Duibhe é. In aon rang ansiúd leis bhí Éamon de Valera agus Tomás Ó Rathile. Bhí Torna ag múineadh Gaeilge ann agus deirtear gurbh eisean a d’adhain spéis Phádraic sa litríocht.

In 1900 thosaigh sé ag obair i mBord an Oideachais i Londain. Deirtear gur phós sé Molly McManus tuairim 1903. Rugadh ceathrar clann dóibh: Eibhlín (1905), Pádraic (1906), Caitlín (1909), Máire (1911). Fuair Molly bás sa bhlitz i Londain i 1945.

I Londain bhí baint mhór aige le Conradh na Gaeilge agus mhúineadh sé ranganna i Bishopsgate, Vauxhall, Bermondsey, Clapham agus Fulham. A chairde Liam P. Ó Riain agus Thomas Boyd faoi deara gurbh i nGaeilge a thosaigh sé ag scríobh. Bhuaigh sé duais Oireachtais i 1904 ar scéal (“Páidín Mháire”) agus duais eile ar aiste (“Seanlitríocht na hÉireann agus nualitríocht na hEorpa”) i 1908 agus go leor duaiseanna Oireachtais eile. Cibé dúil sa bhraon a bhí aige ní móide go raibh aon fhadhb mhór ólacháin aige i Londain ach faoi 1914 níor fhéad sé foighneamh a thuilleadh leis an saol a bhí aige thall. D’fhág sé bean is clann ann agus chaith fuílleach a bheatha ar fud na hÉireann. Bhíodh sé ag múineadh anois is arís ach is lena pheann is mó a bhí sé ag tuilleamh airgid. B’fhéidir a rá gurbh é an chéad scríbhneoir gairmiúil Gaeilge é ach meastar nár éirigh leis ach tuairim £700 san iomlán a thuilleamh sna blianta sin. Bhíodh sé ag ól go trom agus an saol go hainnis aige. D’éag sé ar 6 Deireadh Fómhair 1928 in Ospidéal Richmond i mBaile Átha Cliath. Tuairimíonn Proinsias Mac Aonghusa in Gaillimh agus aistí eile gur bhualadh a thug scata ógánach dó i nGaillimh tamall roimhe sin a ghiorraigh a shaol.

I 1935 nocht Éamon de Valera dealbh de Phádraic ar Fhaiche Mhór na Gaillimhe agus mar chomóradh céad bliain i 1982 nocht Máirtín Ó Direáin leacht ag a uaigh sa Reilig Nua, Gaillimh.

Tá a shaothar liostaithe in Pádraic Ó Conaire: léachtaí cuimhneacháin (1982), Nóra Mharcais Bhig agus sgéalta eile (1909), Deoraidheacht (1910), An chéad chloch (1914), Seacht mbuaidh an Éirghe Amach (1918), An crann géagach (1919), Síol Éabha (1922), M’asal beag dubh (g.d.) na leabhair is minice faoi thrácht. Faoin teideal Iriseoireacht Uí Chonaire (1989), in eagar ag an tSiúr Éibhlín Ní Chionnaith, foilsíodh a thuilleadh dá aistí agus roinnt litreacha nár foilsíodh roimhe sin. Leabhair eile leis is ea: Bairbre Ruadh, 1908, dráma; Ceachta na n-Ealadhan i nGaedhilg agus i Saxbhéarla, 1908 (i gcomhar le Proinnsias Ó Ceallacháin); Caitlín na Clúide, [g.d.] (dráma); An Scoláire Bocht agus scéalta eile, 1913; Tír na n-Iongantas, 1919; Comharsheilbh, 1919; Béal an Uaignis, 1921; Draoidheacht, 1923; Scéalta Aniar, 1923; Trí Truaighe na Sgéalaigheachta, 1924; An Chinneamhaint: Iarsma ó Chríoch Lochlainn, 1924; Cubhar na dTonn, 1924; Eachtraí Móra ó n-ár Stair, 1924 (i gcomhar le M. Ó Maoláin); Scéalta na mBárd Cuid 1, 1924 (i gcomhar le M. Ó Maoláin); Mór-thimcheall Éireann ar Muir, 1925; Brian Óg, 1926; Beagnach Fíor, 1927; Fearfeasa Mac Feasa, 1930; Scéalta an tSáirsint Rua, 1941; Mo Ghleann féin agus Sleachta eile, 1946; Seoigheach an Ghleanna, [g.d.]; An Seanóir ón Muir, [g.d]); Faoi Bhratach na Spáinne agus na hÉireann, Micheál Ó Maoláin do sgríobh agus Pádraig Ó Conaire do chuir Gaedhilge air, [g.d.]; Barr m’Ordóige [g.d.].

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú