I Learpholl a rugadh é ar 24 Nollaig 1893. Státseirbhíseach ansiúd ba ea a athair James. Mary Hudson ab ainm dá mháthair. Ciarraígh ba ea an bheirt acu agus deirtear gur le linn dó bheith ar saoire i dteach a sheanathar i gCiarraí a chuir sé spéis ar dtús sna ceolta tire. Bhí post státseirbhíse aige i Londain agus thaithíodh sé imeachtaí Chonradh na Gaeilge sa chathair sin, mar is léir ar aiste a bhí i gcló aige in Times Pictorial ar dtús agus ansin ag Tomás de Bhaldraithe in Pádraic Ó Conaire: clocha ar a charn, 1982. Dar le Donncha Ó Súilleabháin (Conradh na Gaeilge i Londain 1894–1917, 1989) go raibh sé ina rúnaí ar an Aonach, iarracht ar chuid de dhéantús na hÉireann a thaispeáint thall, i bhfómhar 1911 – ní raibh 18 mbliana féin slán aige. I gceann de na haistí in The spice of life, 1948 dúirt sé nach raibh taithí aige ar aon Ghaeltacht seachas Ciarraí Theas. I rith an Chéad Chogaidh Mhóir d’oibrigh sé mar fhear comharthaíochta ar shoithigh a bhí á dtionlacan ag an gCabhlach Ríoga. Bhí spéis ar leith aige sa tseoltóireacht agus nuair a bhí cónaí air i mBinn Éadair thugadh sé Pádraic Ó Conaire amach ar an bhfarraige. Bhí ardspéis aige freisin sa chruicéad agus sa ghalf.

Go luath i ndhiaidh an chogaidh d’iarr sé go n-aistreofaí é go hÉirinn. Glaodh air chun an bharra anseo 1922 agus ceapadh é mar Chléireach i Seanad Éireann. Cheana féin, ó 1920, bhí sé ina eagarthóir ar Journal of the Irish Folk Music Society, agus idir 1927 agus 1939 is san iris sin a d’fhoilsigh sé a eagrán den chéad dá imleabhar de bhailiúchán Edward Bunting, eagrán ‘in which the published versions were compared with Bunting’s original MSS housed in the library of the Queen’s University of Belfast, with the missing Irish texts restored, and with a wealth of annotations-references to other versions of the songs in other collections, and biographical notices of the traditional musicians, poets, people and place-names associated with the airs’ (Aloys Fleischmann, Irish Times 9 Samhain 1973).

Thaithíodh sé an ‘club’ a bhíodh ag Gaeilgeoirí in oifig Fhiachra Éilgigh [Risteard Ó Foghludha], an Underwood Typewriting Company, i Sráid Laighean, sna 1920idí agus bhí sé mór le Pádraig Ó Duinnín. Théadh an sagart ar cuairt chuige i mBinn Éadair.

D’éirigh sé as a phost 1936 nuair a chuir Fianna Fáil deireadh leis an Seanad faoin gcruth a bhí air. I 1940 foilsíodh a leabhar conspóideach The Irish Free State and its Senate: A Study in contemporary politics. Bhí sé ina Léachtóir le Gnóthaí Eachtracha i gColáiste na Tríonóide ó 1949 go 1965. Comhuaineach leis sin (1951–62) bhí sé ina stiúrthóir ar Léann an Cheoil Tíre sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhronn Ollscoil Bhaile Átha CliathMA air i 1951 agus D.Litt. an bhliain dár gcionn.

Chomh maith le haistí léannta in Éigse, Studies, Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland, Journal of the English Folk Dance and Song Society scríobh sé: iontráil faoi cheol tíre na hÉireann in eagrán 1954 de Grove’s Dictionary of Music and Musicians; Irish Folk Music and Song, 1952 (do Chomhar Cultúra Éireann – tháinig eagrán nua amach i 1961 faoin teideal Irish Folk music, song and dance); Songs of the Irish, 1960, ina bhfuil a aistriúcháin féin ar chuid de amhráin mhóra na Gaeilge; Carolan: life and times of an Irish harper, 1958, a mhórshaothar. Faoin ainm cleite ‘Outis’ scríobhadh sé aistí in Times Pictorial agus in Irish Monthly.

D’éag sé 15 Aibreán 1973. Phós sé Jeannie Horgan, baintreach, iníon le John Coyle, 5 Lúnasa 1925. Tugadh a chuid páipéar do Roinn an Bhéaloidis, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Dúradh ag an am sin go raibh bailchríoch á cur ar eagrán Uí Shúilleabháin de thríú himleabhar Bhunting.

Bhí sé ina leasuachtarán ar an International Folk Music Council agus i 1949 thug sé foireann ó Éirinn go dtí féile idirnáisiúnta cheoil tíre sa Veinéis. B’fhéidir go raibh de locht air é bheith ábhairín ardnósach faoin gceol tíre. Mar shampla air sin, an leatrom a rinne sé, dar le Breandán Breathnach (Ceol agus rince na hÉireann, 1989), ar Phroinsias Ó Néill (1849–1936) nuair nárbh fhiú leis é a lua in aon chor in Irish folk music and song, 1952, cé gurbh é an bailitheoir ba mhó riamh é in aigne na gceoltóirí tíre.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú