Ba é an dornálaí gairmiúil trom-mheáchain é ba mhó cáil dár rugadh in Éirinn agus ba gheall le pearsa bhéaloideasúil é lena linn. Peileadóir agus rothaí den scoth a bhí ann agus bhí cáil an cheoil air. Luaití babhtaí iomrascála, eachtraí póitseála, poitín agus troideanna coileach leis. Deirtear go raibh sé féin agus an réalt scannáin John Wayne ag ól poitín le linn páirt a bheith aige in The Quiet Man agus gur threascair sé Wayne le buille ! ‘The Conamara Crusher’ a thugtaí air ach i mbarr a réime i 1944 thugtaí ‘The Pride of Conamara’ air freisin.

Sa Spidéal, Co. na Gaillimhe, a rugadh é 13 Deireadh Fómhair 1916. Ba é Micheál Sheáin Bhig Ó Droighneáin, feirmeoir beag (nó ‘tangler’ dá mb’fhíor an tagairt a rinneadh ar Raidió na Gaeltachta uair) a athair. Ba í Mairéad Ní Fhlaithearta as Baile an tSléibhe sa Spidéal a mháthair. Bhí beirt deirfiúracha aige agus beirt deartháireacha, ar dhuine díobh an tÍosánach an tAthair Séamus Ó Droighneáin. Phós sé Mary Christina Fahy as Cill Fhear Odhráin in aice le Tuaim i 1944. Ní raibh aon choinne lena bhás ar 1 Deireadh Fómhair 1982. Bhí ochtar mac agus beirt iníonacha aige.

Bhí sé ar scoil ag na hÍosánaigh i nGaillimh agus i 1936 chuaigh go Sasana agus d’fhaigheadh obair mar bouncer sna hallaí rince. Shaighneáil sé conradh le haghaidh oibre i mbotháin dornálaíochta. Bhí Freddie Mills mar chomrádaí oibre aige. Tar éis dhá bhliain d’éirigh leis éalú ón gconradh agus tús ceart a chur lena ghníomhréim sa chró dornála faoi bhainistíocht Sydney Hulls. Tá cuntas ar an gcuid sin dá shaol ag J. B. Donohue in Connacht Tribune 8 Deireadh Fómhair 1982. Ag tabhairt freagra orthu sin a dhíspeagfadh é deir sé: ‘Máirtín Thornton in fact built up one of the best records of any Irishman at any weight’. Bhuaigh sé ar sheaimpíní Cheanada, na Nua-Shéalainne, Iamáice, agus na hAlban sular rug sé bua ar Paddy O’Sullivan ó Mhainistir na Morna, Co. Chorcaí, ar 4 Feabhra 1944 i gcraobhchluiche na hÉireann. D’áirigh Nat Fletcher, eagarthóir cáiliúil The Ring, é sa naoú háit i measc an deichniúir dornálaí trom-mheáchain ab fhearr ar domhan.

Shroich sé buaic a réime nuair a socraíodh go mbuailfeadh sé le Bruce Woodcock, seaimpín Shasana, san Amharclann Ríoga, Baile Átha Cliath, i 1945. Ainmníodh é mar iarrthóir Dála ag Clann na Talún i mBaile Locha Riach! Bhí an bheirt dornálaí á meá in ollshiopa Uí Chléirigh roimh an gcluiche. Deir Donohue: ‘It was then that Máirtín Thornton showed what a canny operator he was, when sensing that he was not going to have any more big payments in the ring, he demanded that his purse of £1,500 be doubled and be handed over to him before the fight or else he would not enter the ring. Caught by this dramatic demand the promoter Jack Solomons had to concede and Thornton received and counted the cash in the Globe Hotel on his way to the Theatre Royal’. Caitheadh a thuáille isteach tar éis an tríú babhta, rud a d’fhág pobal na hÉireann diomachroíoch. Dhearbhaigh sé féin go raibh £10,000 curtha mar gheall aige ar Woodcock. Tagraíonn John Gleeson do scannal breibe in Fyffes Dictionary of Irish Sporting Greats, 1993.

Cé gur lean sé air go ceann tamaill b’in deireadh dáiríre lena chúrsa mar dhornálaí. Deirtear gur éirigh sé as ar fad nuair a bhásaigh dornálaí éigin ar chriog sé uair le buille scoir é. Cheannaigh sé an teach tábhairne ‘An Draighneán Donn’ sa Spidéal. Ag Peaits [Mac Donnchadha] na Máistreása a bhí sé roimhe sin. D’éirigh go maith leis mar cheannaí beithíoch.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú