I gContae Chill Chainnigh a rugadh é. Sagart paróiste Shaighir Chiaráin, Biorra, Co. Uíbh Fhailí; ina uachtarán ar Chraobh Naomh Ciarán de Chonradh na Gaeilge ann agus ar choiste ceantair Bhiorra. Ina shagart paróiste ina dhiaidh sin i dTulach Thirim, Co. Chill Chainnigh. Cuntas ar a chuid oibre in An Camán 18 Meitheamh 1932 agus in An Sguab, Deireadh Fómhair 1923. Ó thús an chéid bhíodh ar liosta síntiúsóirí an Chonartha. D’éag 19 Iúil 1946.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú