In Irish Independent ar 26 Bealtaine 1965 d’áirigh Piaras Béaslaí é mar dhuine de na sagairt is mó a rinne saothar ar son na teanga. Nuair a chuimhnítear ar a theorantacht a bhí saoirse an mhanaigh Chistéirsigh fadó caithfear géilleadh gurbh ardmholadh é sin.

‘Maurus’ nó ‘Muiris’ a tugadh air nuair a ghabh sé cuing chrábhaidh. Risteard a ainm baiste agus ba iad William agus Bridget Phelan a thuismitheoirí. Rugadh é i gCill Rosanta, Co. Phort Láirge, ar 8 Nollaig 1853. Feirmeoir ba ea a athair. Bhí sé ar scoil i gCnoc Mhellerí agus chuaigh sé isteach san Ord Cistéirseach in 1872. Oirníodh é ar 12 Meitheamh 1878. Ba chainteoir dúchais Gaeilge é agus ceann dá dhualgais seanmóin an Domhnaigh a thabhairt uaidh i nGaeilge do phobal sléibhteánach an cheantair. D’fhoilsigh Conradh na Gaeilge leabhar crábhaidh leis dar teideal An Rósaire in 1897. I 1901 d’fhoilsigh Comhlucht na Fírinne Caitlicí a Leabhar Urnaighthe. Tugadh eagrán sa litriú nua amach i 1959. Chuir an tAthair Peadar Ó Laoghaire comhairle air agus é á scríobh. Chabhraigh an Dr Micheál Ó hIceadha leis chun an dá leabhar a scríobh. Bhíodh comhfhreagras acu le chéile sna blianta 1896–9 agus is léir gur chabhraigh an tAthair Maurus lena chomhfhreagraí chun ollúnacht na Gaeilge i Maigh Nuad a fháil. Daoine eile a mbíodh comhfhreagras aige leo Tadhg Ó Donnchadha (Torna), a dheartháir Éamonn, Sceilg, Risteard Ó Foghlú agus Eoghan Ó Gramhnaigh. Thugadh Ó Gramhnaigh cuairteanna air go minic, an chéad chuairt díobh in 1887. Thosaigh comhfhreagras eatarthu a mhair go dtí 1899. Níl tásc ar litreacha Uí Ghramhnaigh anois.

Thugadh sé cuairt ar a chairde i mBaile Átha Cliath cibé uair a bhíodh sé ann i mbun ghnó na mainistreach.

Foilsíodh go leor dá dhéantús in An Sléibhteánach, iris Choláiste Chnoc Mhellerí. Ina measc tá a amhrán ‘Mo Chomaraigh Aoibhinn Ó’ agus a aiste ar Sheán Pléimeann. Ba é ba thúisce a bhailigh agus a chuir i gcló dánta Riobaird Bheldon in An Sléibhteánach. Scríobh sé an réamhrá nuair a foilsíodh leabhar díobh i 1903.

In An Claidheamh Soluis ar 6 Bealtaine 1899 agus arís ar 29 Nollaig 1900 tá tagairtí dá fheabhas a bhíothas ag caitheamh leis an teanga sa bhunscoil agus sa mheánscoil i gCnoc Mhellerí. Is léir gurbh é an tAthair Maurus faoi deara an t-ionad neamhghnách a bhí ag an nGaeilge ann.

Rinneadh Ab ar an Mhainistir de ar 15 Lúnasa 1908. D’éag sé ar 10 Iúil 1931.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú