Ó FAOLÁIN, Muiris [An tAthair Maurus] (1853–1931) Muiris Ó FAOLÁIN An tAthair Maurus Risteard Ó Faoláin 1853 1931 Cill Rosanta, Co. Phort Láirge M sagart Caitliceach Rómhánach [B9] sagart Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

In Irish Independent ar 26 Bealtaine 1965 d’áirigh Piaras Béaslaí é mar dhuine de na sagairt is mó a rinne saothar ar son na teanga. Nuair a chuimhnítear ar a theorantacht a bhí saoirse an mhanaigh Chistéirsigh fadó caithfear géilleadh gurbh ardmholadh é sin.

‘Maurus’ nó ‘Muiris’ a tugadh air nuair a ghabh sé cuing chrábhaidh. Risteard a ainm baiste agus ba iad William agus Bridget Phelan a thuismitheoirí. Rugadh é i gCill Rosanta, Co. Phort Láirge, ar 8 Nollaig 1853. Feirmeoir ba ea a athair. Bhí sé ar scoil i gCnoc Mhellerí agus chuaigh sé isteach san Ord Cistéirseach in 1872. Oirníodh é ar 12 Meitheamh 1878. Ba chainteoir dúchais Gaeilge é agus ceann dá dhualgais seanmóin an Domhnaigh a thabhairt uaidh i nGaeilge do phobal sléibhteánach an cheantair. D’fhoilsigh Conradh na Gaeilge leabhar crábhaidh leis dar teideal An Rósaire in 1897. I 1901 d’fhoilsigh Comhlucht na Fírinne Caitlicí a Leabhar Urnaighthe. Tugadh eagrán sa litriú nua amach i 1959. Chuir an tAthair Peadar Ó Laoghaire comhairle air agus é á scríobh. Chabhraigh an Dr Micheál Ó hIceadha leis chun an dá leabhar a scríobh. Bhíodh comhfhreagras acu le chéile sna blianta 1896–9 agus is léir gur chabhraigh an tAthair Maurus lena chomhfhreagraí chun ollúnacht na Gaeilge i Maigh Nuad a fháil. Daoine eile a mbíodh comhfhreagras aige leo Tadhg Ó Donnchadha (Torna), a dheartháir Éamonn, Sceilg, Risteard Ó Foghlú agus Eoghan Ó Gramhnaigh. Thugadh Ó Gramhnaigh cuairteanna air go minic, an chéad chuairt díobh in 1887. Thosaigh comhfhreagras eatarthu a mhair go dtí 1899. Níl tásc ar litreacha Uí Ghramhnaigh anois.

Thugadh sé cuairt ar a chairde i mBaile Átha Cliath cibé uair a bhíodh sé ann i mbun ghnó na mainistreach.

Foilsíodh go leor dá dhéantús in An Sléibhteánach, iris Choláiste Chnoc Mhellerí. Ina measc tá a amhrán ‘Mo Chomaraigh Aoibhinn Ó’ agus a aiste ar Sheán Pléimeann. Ba é ba thúisce a bhailigh agus a chuir i gcló dánta Riobaird Bheldon in An Sléibhteánach. Scríobh sé an réamhrá nuair a foilsíodh leabhar díobh i 1903.

In An Claidheamh Soluis ar 6 Bealtaine 1899 agus arís ar 29 Nollaig 1900 tá tagairtí dá fheabhas a bhíothas ag caitheamh leis an teanga sa bhunscoil agus sa mheánscoil i gCnoc Mhellerí. Is léir gurbh é an tAthair Maurus faoi deara an t-ionad neamhghnách a bhí ag an nGaeilge ann.

Rinneadh Ab ar an Mhainistir de ar 15 Lúnasa 1908. D’éag sé ar 10 Iúil 1931.